D’fhéadfadh sé fós gur iar-oifigeach as an IRA a bheadh ina Aire Cosanta againn…

Fiú amháin agus é éirithe as an gceannaireacht tá dúrúch ar dhaoine áirithe ag cur fiach Sheáin Bhradaigh ar Gerry Adams

D’fhéadfadh sé fós gur iar-oifigeach as an IRA a bheadh ina Aire Cosanta againn…

Níl stop ná staonadh fós ar an bhfeachtas atá ar bun le fada ag cuid de na Tráchtairí Móra in aghaidh Gerry Adams. Is breá leo i gcónaí adharca a chur air.

Fiú amháin agus é éirithe as an gceannaireacht tá dúrúch orthu ag cur fiach Sheáin Bhradaigh air.

Mura mbeadh ann ach gráinneog a bheadh maraithe ar an mbóthar is teannach leo a thabhairt le tuiscint go raibh baint aige leis go díreach nó go hindíreach.

Ach má tá an ghráin acu ar Gerry Adams is ionann an col atá acu le Sinn Féin. Ní mhíníonn siad aon uair cén fáth.

Ní féidir go bhfuil siad ag iarraidh a chur ina luí orainn gur dream síochána iad. Seo iad an dream céanna nach bhfuil gíog ná míog astu faoin armlón atá ag dul tri aerfort na Sionainne.

Is beag an baol ach oiread go scríobhfaidh siad cúpla dréacht faoin gcaoi a bhfuil na mílte duine á martrú agus á marú le dróin ar fud an domhain– in ainm na síochána agus an daonlathais, mar dhea.

B’fhacthas do na Tráchtairí Móra ón tús dá bhféadfaidís corrchleite a bhaint as Adams go lagfadh sin Sinn Féin. Tabhair faoi deara an chaoi a ndearna siad scéal an ghamhna bhuí den chaoi ar ceapadh Mary Lou McDonald ina comharba air.

Gníomh in aghaidh an daonlathais a bhí ann, a dúirt siad: cruthú eile, má bhí cruthú ag teastáil, gur seict rúnda é an Páirtí.

 ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Máirtín, páirteach sa gcuid seo den fheachtas. Níor fiafraíodh de cé a sheas in aghaidh Bhertie Ahern nuair a tháinig seisean i gceannas ar Fhianna Fáil?

Níor ceistíodh é faoin gcaoi a ndearnadh ceannaire gan coimhlint de Bhrian Cowen .

Ní dheachaigh seisean, ná duine ar bith de na Tráchtairí Mór, siar go dtí aimsir Sheáin Lemass.

Rinne siad dearmad, ar son na cúise, ar an ré fhada ceannaireachta gan freasúra a bhí ag Éamon de Valera.

Chaith de Valera blianta fada ina cheannaire ar Fhianna Fáil. Ná habraíodh aon duine nach raibh stair foréigin aigesean.

Ach ní raibh ach deich mbliana idir an t-am a raibh sé ag caint ar ‘wading through blood’ go dtí an lá a raibh sé ina Thaoiseach ar na Sé Chontae Fichead.

Fear a bhí in de Valera a throid in aghaidh an stáit. D’fhéadfaí a chur ina leith –mar a dhéantar le Adams – go raibh baint aige le gníomhartha uafásacha a rinneadh le linn an Chogaidh Chathartha.

Murab ionann agus Adams, níor shéan seisean ariamh go raibh sé san IRA.

Bhí Tráchtairí Móra ann an uair sin freisin. Íde na muc agus na madraí a thug cuid mhaith acu air.

Dúirt siad sular tháinig sé i gcumhacht go raibh fuil ar a lámha i gcónaí agus, níos measa ná sin, gur Cumannach a bhí ann.

Ach tháinig de Valera tríd agus fuair sé ceannas an Stáit.

Scríobh Micheál Máirtín leabhar faoin gcaoi ar fhás Fianna Fáil i gCorcaigh as an dream a throid in aghaidh an stáit sa gCogadh Cathartha. Ní bhfuair sé aon locht ar Mhartin Corry ar bhealach ar bith.

Seo é an fear a dúirt gur chuir sé neart spiadóirí a maraíodh le linn Chogadh na Saoirse i ngarraí in aice an tí.

“D’fhás barr breá cruithneachta sa bpáirc sin freisin,” a dúirt sé blianta ina dhiaidh.

Bhí Martin Corry ina Theachta Dála ag Fianna Fáil i gCorcaigh go dtí na seascaidí. Cara mór a bhí ann le Sean Ó Loingsigh.

Chuir De Valera Poblachtaigh chun báis nuair a bhí an chumhacht stáit aige féin. D’fhiafraigh mé uair amháin de dhuine a raibh eolas mór aige ar Dev an raibh aiféala air faoina ndaoradh chun báis.

‘Ní raibh,’ a dúirt sé ‘ach bhí aiféala air faoi dhuine acu nár dhaor sé agus b’in é Tomás Óg Mac Curtáin.’

Ba é míniú an fhir seo ar an scéal sin go raibh aithne mhór ag Dev ar athair Thomáis, an fear a mharaigh na Dúchrónaigh, agus go raibh imní air gur chuir sé an cairdeas eatarthu san áireamh agus é ag tabhairt breithiúnais ar an mac.

Ní mar sin a tharla ar chor ar bith, a dúirt Nollaig Ó Gadhra liom. Martin Corry, a dúirt Nollaig, a chuir scéala práinneach chuig Dev a’ rá leis dá gcuirfeadh sé Tomás Óg Mac Curtáin chun báis go n-imeodh seisean as Fianna Fáil agus go dtabharfadh sé cúigear Teachtaí Dála eile leis.

Mura n-éireoidh leis na Tráchtairí Móra Sinn Féin a ghortú le hionsaithe binbeacha féachfaidh siad le hiad a choilleadh ar bhealach eile.

Tá beagáinín dóchais acu as Mary Lou. As ceantar saibhir i mBleá Cliath í. I scoil phríobháideach a fuair sí a cuid bunoideachais. Chaith sí seal i bhFianna Fáil.

Is gearr anois go dtosóidh siad á moladh agus á tarraingt i dtreo lár an bhóthair pholaitíochta.

Géaróidh siad ar na maidí tuilleadh má cheapann siad go mbeidh Sinn Féin sa rialtas. Tá chuile chosúlacht ann go mbeidh freisin.

Más ag Fine Gael a bheas tromlach na vótaí tar éis an chéad olltoghcháin eile beidh Fianna Fáil i bponc ceart. Sin é an uair a bhfaighidh Éamon Ó Cuív cluais le héisteacht nuair a thosós sé ag moladh comhrialtais le Sinn Féin.

D’fhéadfadh sé fós gur iar-oifigeach as an IRA a bheadh ina Aire Cosanta againn. An bhfuil tú á léamh seo, a Eoghain Harris?

Tar éis an tsaoil, nárbh é iarCheann Foirne an IRA, Frank Aiken, a ceapadh ina Aire Cosanta nuair a tháinig de Valera i gcumhacht!

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh sé fós gur iar-oifigeach as an IRA a bheadh ina Aire Cosanta againn…'