Féiríní cáinfhaisnéise – an leor iad?

D’oscail Michael Noonan agus Brendan Howlin mála féiríní inné d’fhonn an pobal a mhealladh. Bhí rud beag éigin acu do chuile dhuine agus thugadar le fios nach bhfuil anseo ach leath na méide atá le scaipeadh orainn agus go dtiocfaidh an leath eile taca an ama seo an bhliain seo chugainn sa bhuiséad deireanach roimh […]

D’oscail Michael Noonan agus Brendan Howlin mála féiríní inné d’fhonn an pobal a mhealladh. Bhí rud beag éigin acu do chuile dhuine agus thugadar le fios nach bhfuil anseo ach leath na méide atá le scaipeadh orainn agus go dtiocfaidh an leath eile taca an ama seo an bhliain seo chugainn sa bhuiséad deireanach roimh Olltoghchán.

An caiteachas ar thithíocht – €2.2 billiún thar thrí bliana – an caiteachas ba shuntasaí sa liosta fada a fógraíodh agus beidh an dá Pháirtí Rialtais ag súil go maolófar ar an ngéarchéim san earnáil agus go gcruthóidh sé postanna i dtionscal na tógála. Cé gur maith ann an infheistíocht seo, tá dhá dheacracht leis: tógann sé an oiread ama tithe a bheith réidh le cónaí iontu agus ní leor é, óir tá 100,000 ar liostaí feithimh do thithe faoi láthair agus an baol ann go méadóidh an líon sin.

Tá €55 milliún freisin ar fáil le fóirithint ar dhaoine gan dídean. Bhí an méadú ar líon na ndaoine sin folllasach ar na sráideanna inné san ardchathair. Leis an méid foirgneamh atá folamh le blianta, ostáin ina measc, caithfidh go bhféadfaí an €55 milliún sin a chaitheamh go scioptha chun cóiríocht a sholáthar roimh dhoineann na bliana.

Cé go bhfuil géarghá leis an gcaiteachas seo is iad na féiriní eile a atá i mbéal an phobail.

Fáilteoidh daoine ar mheántuarastal roimh an ísliú san ardráta cánach agus na hathruithe sa mhuirear uilíoch shóisialta ag bun agus ag barr an scála gan trácht ar athrú bandaí.

Tabharfar creidmheas cánach i leith na dtáillí uisce a bhfuil an oiread sin clampair fúthu ach caithfear an cheist a chur, an fiú iad a chur i bhfeidhm ar chor ar bith má tá an oiread sin faoisimh le fáil orthu ar chostas an Stáit.

I ndeireadh na dála, ní dócha go mbeidh mórán breise inár bpócaí ach beidh an Rialtas ag súil go mbeidh muid sásta leis an mbeagán agus go nglacfaidh muid leis mar chomhartha go bhfuil feabhas in ann agus gur fiú iad a aththoghadh.

Sa Roinn Leasa Shóisialaigh fógraíodh €5 breise ar shochar leanaí, méadú sa liúntas don chónaitheoir aonair agus pacáiste cabhrach le táillí uisce a íoc. Tabharfar ar ais 25% de bhónas na Nollag i mbliana ach beifear ag súil go méadóidh sin amach anseo.

Ba le Fine Gael na hathruithe cánach ach beidh an Lucht Oibre ag maíomh as an gcaiteachas ar thithíocht agus Leasa Shóisialaigh.

Cúis díomá do dhaoine féinfhostaithe an méadú sa Mhuirear Uilíoch Shóisialta gan aon athrú ar Árachas Sóisialta Pá Coibhneasa.

Bhí súil go gceadófaí dóibh ranníocaíocht iomlán a dhéanamh, rud a cheadódh dóibh sochar dífhostaíochta a fháil. Bhí tuismitheoirí óga a bhfuil páistí i crèche acu ar chostas ollmhór ag súil le cabhair éigin, rud nár tharla.

Ní fhógraítear gach athrú ar lá na cáinfhaisnéise go bpléifear le nithe mar seo sa reachtaíocht, agus is cinnte go leanfaidh stocaireacht ar an dá ábhar seo.