Bhí aithne agam ar Ivan Cooper atá tar éis bháis. Fear misniúil éifeachtach a bhí ann a sheas go láidir agus go cumasach le cearta daonna i dTuaisceart Éireann nuair nach mbeifeá ag súil leis sin ag an am ó dhuine mar é a fáisceadh as cúlra Aontachtach.
Protastúnach a bhí ann agus é páirteach le heagraíocht Aontachtach nuair a bhí sé fíor-óg. Ach chomh luath agus a thosaigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt chuaigh sé leosan agus níorbh fhada go raibh sé ar dhuine de na ceannairí.
Ba mhaith an cúl taca é ag John Hume na laethanta stairiúla sin.
Nuair a chuaigh mise ag obair le Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, an dream a chlóbhuaileadh an nuachtán Inniu i gCathair na Mart, bhí mé ar lóistín sa teach céanna a raibh Ivan ann. Fear óg dathúil fuinniúil gealgháireach a bhí ann.
Ocht mbliana déag d’aois a bhí mise agus ní raibh seisean ach cúig bliana níos sine ná mé.
Bhí roinnt ógfhear eile sa teach céanna agus ba mhinic muid ag spochadh as Ivan nuair a thagadh sé ar ais chugainn tar éis geábh a bheith tugtha ó thuaidh aige le bheith páirteach i léirsithe na gcearta sibhialta.
Choinníodh muid súil ghéar ar na léirsithe céanna ar an teilifís agus muid ag súil i gcónaí go bhfeicfeadh muid Ivan. D’fheiceadh freisin scaití.
Nuair a d’fhilleadh sé orainn bhíodh sé ina chineál caitheamh aimsire againn a bheith ag rá leis gur dhiabhaltaí an mac a bhí ann, Protastúnach agus iar-Aontachtach mar é.
Ní chuireadh an diabhlaíocht sin as dó beag ná mór. Bhí acmhainn grinn ag Ivan Cooper, rud a theastaigh go géar uaidh de réir mar a neartaigh an chorraíl i nDoire agus go háirid nuair a thosaigh an foréigean ag díbirt lucht na gcearta sibhialta de na sráideanna.
Ina bhainisteoir ar mhonarcha léinte a bhí Ivan i gCathair na Mart. Nuair a cuireadh agallamh air agus é istigh ar an bpost, níor fiafraíodh de cén creideamh a bhí aige. Níorbh é sin an modh imeachta a chleachtaítí go minic ó thuaidh.
Bhí Ivan chomh hionraic agus gur chuir sé féin in iúl don bhord agallaimh gur Protastúnach a bhí ann.
“Cén bhaint atá aige sin leis an scéal”? a d’fhiafraigh úinéir na monarchan de.
Caint a bhí inti a chuaigh i gcion go mór ar Ivan.
An lá ar cuireadh na trí dhuine dhéag a maraíodh i nDoire Domhnach na Fola bhí mé féin, an scríbhneoir Deasún Fennell, an t-iarChomhairleoir Contae as Carna Mícheál Ó Móráin agus a bhean chéile Mairéad ann. Ar an mbealach anuas dúinn tar éis na sochraide stop muid ag óstán i Leitir Ceanainn. Bhí maithe agus móruaisle na polaitíochta bailithe ansin agus Ivan ina measc.
Bhí cáil mhór air faoin am sin ach má bhí ba bheag éirí in airde a bhí air. Chomh luath agus a chonaic sé mé féin tháinig sé anall, labhair sé go suáilceach agus d’fhiafraigh díom cén chaoi a raibh an dream i gCathair na Mart.
Anuraidh a labhair mé go deireanach leis ar an bhfón. Tim Attwood as an SDLP a thug cuireadh go Béal Feirste dhom le labhairt faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Tar éis an chruinnithe chuir mé tuairisc Ivan.
“Níl an tsláinte rómhaith aige le tamall,” a dúirt Tim, “ach glaofaidh mé air agus déarfaidh mé leis go bhfuil tú anseo.”
Tháinig Ivan ar an bhfón agus bhí comhrá geanúil againn aríst faoi laethanta órga ár n-óige i gCathair na Mart.
Is cóir do dhream ar bith a chreideann i gcearta daonna cuimhne Ivan Cooper a choinneáil beo. Caillteanas é a bhás do mhuintir Thuaisceart Éireann agus do mhuintir na hÉireann fré chéile.
I dtraidisiún Wolfe Tone a bhí sé, an fear a bhí ag iarraidh Protastúnaigh, Caitlicigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile.
Tiocfaidh an lá sin fós freisin.
Pól Ó Braoin
Go dtuga Dia áit sna flaithis dó!