Féachfar ar ‘gach aon rogha atá ann’ don reachtaíocht Ghaeilge – Státrúnaí an Tuaiscirt

Tháing ráiteas Brandon Lewis sna sála ar an scéala gur vótáil baill Thionól Stormont ar son seirbhís ateangaireachta Gaeilge a bhunú

Féachfar ar ‘gach aon rogha atá ann’ don reachtaíocht Ghaeilge – Státrúnaí an Tuaiscirt

Deir Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis go bhféachfar ar “gach aon rogha atá ann” chun reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach.

Dúirt Lewis go raibh sé riachtanach go gcomhlíonfaí na gealltanais sa chomhaontú New Decade, New Approach i dtaobh na reachtaíochta cultúir agus teanga a bhfuil soláthar don Ghaeilge mar chuid lárnach di.

Deir Sinn Féin go rachaidh siad i mbun roinnt na cumhachta arís leis an DUP má thugann Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge don Tuaisceart isteach trí Westminster.

Tháing ráiteas Brandon Lewis sna sála ar an scéala gur vótáil baill Thionól Stormont ar son seirbhís ateangaireachta Gaeilge a bhunú.

Vótáil an DUP in aghaidh an rúin aréir.

D’fhéadfadh go dtitfeadh an Feidhmeannas agus go mbeadh toghchán tobann ann mura dtiocfaidh an dá pháirtí ar chomhréiteach faoi ainmniú céad-aire agus leaschéad-aire nua.

Tá iarrtha ag Sinn Féin ar Rialtas na Breataine an reachtaíocht a rith don Fheidhmeannas, toisc nach bhfuil ceannaire an DUP, Edwin Poots, sásta geallúint a thabhairt go ndéanfar amhlaidh roimh dheireadh théarma an Tionóil.

Deir Sinn Féin gur thairg Rialtas na Breataine cheana go dtabharfadh siadsan isteach in Westminster an reachtaíocht don chultúir agus don teanga atá geallta sa chomhaontú New Decade, New Approach.

Dúirt Mary Lou McDonald gurb é sin anois an t-aon réiteach ar an tsáinn pholaitiúil is déanaí in Stormont.

Bhuail Brandon Lewis le príomhpháirtithe an Tionóil inné agus chuir sé ráiteas amach ina dhiaidh a leag béim ar an ngné thrasphobail den reachtaíocht atá ina cnámh spairne idir Sinn Féin agus an DUP.

Fág freagra ar 'Féachfar ar ‘gach aon rogha atá ann’ don reachtaíocht Ghaeilge – Státrúnaí an Tuaiscirt'