Vótáil baill Thionól Stormont anocht ar son seirbhís ateangaireachta Gaeilge a bhunú.
Vótáil an DUP in aghaidh an rúin tráthnóna, tráth a bhfuil Tionól Stormont i sáinn mhór cheana féin mar gheall ar easaontas faoi chás na Gaeilge.
Vótáil 58 ball ar son leagan leasaithe den rún go mbunófaí na an tseirbhís aistriúcháin don Ghaeilge agus don Ultais, faoi mar atá geallta sa chomhaontú New Decade, New Approach.
27 ball a vótáil i gcoinne bhunú na seirbhíse teoranta ateangaireachta do dhíospóireachtaí in Stormont.
De réir an rúin leasaithe, déanfar athbhreithniú tar éis sé mhí ar an tseirbhís aistriúcháin ó Ghaeilge agus Ultais go dtí Béarla.
Tuairiscíodh níos luaithe tráthnóna go raibh ceannaire an DUP Edwin Poots ag iarraidh go staonfadh a pháirtí ó vótáil faoin rún ach gur chaill sé vóta ina pháirtí féin.
Tuairiscíodh gur vótáil baill tionóil an DUP in aghaidh a gceannaire, 11-9.
D’fhág sin gur vótáil an DUP in aghaidh an rúin tráthnóna, rud a d’fhéadfadh cur le heaspa muiníne Shinn Féin i ngealltanais Edwin Poots go dtacóidh a pháirtí leis an reachtaíocht Ghaeilge.
Vóta sa DUP faoi sheirbhís aistriúcháin Ghaeilge caillte ag Edwin Poots
Tá ceist na reachtaíochta cultúir agus teanga a gealladh i New Decade, New Approach ina hábhar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP.
D’fhéadfadh go dtitfeadh an Feidhmeannas agus go mbeadh toghchán tobann ann mura dtiocfaidh an dá pháirtí ar chomhréiteach faoi ainmniú céad-aire agus leaschéad-aire nua.
Tá iarrtha ag Sinn Féin ar Rialtas na Breataine an reachtaíocht a rith don Fheidhmeannas, toisc nach bhfuil ceannaire an DUP, Edwin Poots, sásta geallúint a thabhairt go ndéanfar amhlaidh roimh dheireadh théarma an Tionóil.
Deir Sinn Féin gur thairg Rialtas na Breataine cheana go dtabharfadh siadsan isteach in Westminster an reachtaíocht don chultúir agus don teanga atá geallta sa chomhaontú New Decade, New Approach.
Dúirt Mary Lou McDonald gurb é sin anois an t-aon réiteach ar an tsáinn pholaitiúil is déanaí in Stormont.
Éamonn Ó Gribín
An bhféadfaimis liosta a fháil de Chomhaltaí den Tionól Reachtacht (CTR) a luaigh gur mhian leo labhairt as Gaeilge seachas an Béarla? (Sé sin le rá an bhfuil na CTRanna seo sásta Gaeilge a labhairt in áit an Bhéarla, nó an amhlaidh gurb é go bhfuil siad tiomanta don ‘cúpla focal’ amháin?)