Sinn Féin ag iarraidh ar Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach don Tuaisceart

Tá litir sínithe ag cúig pháirtí in Stormont ag éileamh go leagfaí amach clár ama nua a chinnteodh go dtabharfaí reachtaíocht teanga isteach roimh dheireadh théarma an Tionóil

Sinn Féin ag iarraidh ar Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach don Tuaisceart

Tá iarrtha ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ar Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach don Tuaisceart in Westminster.

Dhein Mary Lou McDonald a héileamh ag cruinniú le Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Williams aréir.

“Bhuaileamar tráthnóna le Rialtas na Breataine agus dúramar leo go gcaithfidh siad an reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach trí Westminster.

“Roinnt seachtainí ó shin thairg Rialtas na Breataine acht don Ghaeilge a thabhairt isteach sa bhealach sin.

“Ag an am sin, dúramar gurbh fhearr linn go dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach tríd an Tionól agus an Feidhmeannas faoi mar aontaíodh i New Decade New Approach. Chuireamar an rogha sin chun cinn go láidir le roinnt seachtainí anuas.

“Bhí dianphlé againn leis an DUP agus ceannaire an pháirtí, Edwin Poots. Tá ráite aige linn nach ndéanfaidh siad an t-acht a sholáthar le linn an téarma tionóil seo. Aontaíodh an reachtaíocht seo bliain go leith ó shin agus tá sé de dhualgas anois ar rialtais na Breataine agus na hÉireann gníomh a dhéanamh.

“Seo an t-aon bhealach chun cinn má táimid leis an gceist seo a réiteach faoi dheireadh.”

Tá a bhfuil i ndán d’Fheidhmeannas Stormont idir dhá cheann na meá arís mar gheall ar easaontas faoi cheist na reachtaíochta Gaeilge.

Tá seacht lá ag an dá mhórpháirtí – Sinn Féin agus an DUP –  céad-aire agus leaschéad-aire a ainmniú nó beidh toghchán tobann ann.

Deir Sinn Féin nach féidir leo muinín a chur i ráitis Edwin Poots faoi chomhlíonadh na ngealltanas faoin nGaeilge i New Decade, New Approach.

Tá ráite ag Edwin Poots go dtacóidh sé leis an reachtaíocht Ghaeilge, ach dúirt sé inné go n-inseodh an aimsir an gcuirfear i bhfeidhm í le linn téarma an tionóil seo, mar atá á éileamh ag Sinn Féin.

Idir an dá linn, tá Sinn Féin ar cheann de chúig pháirtí sa tionól a bhfuil litir sínithe acu ag éileamh ar Fheidhmeannas Stormont clár ama nua don reachtaíocht Ghaeilge a aontú mar “ábhar práinne” ionas go mbeidh sí ina dlí sula dtiocfaidh deireadh le téarma an Tionóil mí Aibreáin seo chugainn.

Tá an litir nua sínithe ag ceannaire Alliance, Naomi Long, ceannaire an SDLP Colum Eastwood ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Clare Bailey, Gerry Carroll, Pobal Roimh Bhrabús agus Leas-Uachtarán Shinn Féin, Michelle O’Neill.

An Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur léirigh an litir go raibh tromlach na gComhaltaí tofa in Stormont ar son na reachtaíochta don Ghaeilge.

Dúirt sé go gcaithfeadh an dá Rialtas gníomh a dhéanamh sa chás nach bhfuil an DUP sásta géilleadh do “chlár ama réasúnta”.

“Murar féidir leis an DUP seasamh lena gcomhaontuithe féin agus beart a dhéanamh de réir briathair laistigh de chlár ama atá réasúnta ann féin, ní mór don dá Rialtas, ag an phointe sin, agus iad mar chomh-shínitheoirí agus mar chomh-údair ar an chomhaontú, seasamh isteach agus comhchainteanna a ghairm atá dírithe ar chlár ama nua a shocrú.

“Níl ach páirtí amháin san Fheidhmeannas atá ag seasamh i gcoinne na reachtaíochta, is é sin an DUP. Tá an reachtaíocht aontaithe, tá sí foilsithe agus réidh le dul. Níl aon leithscéal réasúnta fágtha gan seo a dhéanamh.”

Ina hóráid deiridh mar Chéad-Aire inné, d’iarr Arlene Foster ar bhaill Thionól Stormont an reachtaíocht chultúir agus teanga atá geallta don Tuaisceart a chur i bhfeidhm.

Dúirt sí go raibh an reachtaíocht sin, a bhfuil an reachtaíocht don Ghaeilge ina cuid mhór di, ina dlúthchuid den chomhaontú New Decade, New Approach.

 

Fág freagra ar 'Sinn Féin ag iarraidh ar Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach don Tuaisceart'