Achainí faoin reachtaíocht teanga déanta ag Arlene Foster ina hóráid deiridh

Agus í ag éirí as mar Chéad-Aire inniu, dúirt Arlene Foster go bhfuil gá leis an reachtaíocht chultúir agus teanga chun ‘cneá’ atá ann le fada a leigheas

Achainí faoin reachtaíocht teanga déanta ag Arlene Foster ina hóráid deiridh

Ina hóráid deiridh mar Chéad-Aire, tá iarrtha ag Arlene Foster ar bhaill Thionól Stormont an reachtaíocht chultúir agus teanga atá geallta don Tuaisceart a chur i bhfeidhm.

Dúirt sí go raibh an reachtaíocht sin, a bhfuil an reachtaíocht don Ghaeilge ina cuid mhór di, ina dlúthchuid den chomhaontú New Decade, New Approach.

Dúirt sí go bhfuil gá leis an reachtaíocht chultúir agus teanga chun “cneá” atá ann le fada a leigheas.

Ba chóir deireadh a chur leis an meon “is fearr m’fhéiniúlacht-sa ná d’fhéiniúlacht-sa” agus chabhródh an reachtaíocht nua leis sin, a dúirt sí.

Dúirt Arlene Foster nach reachtaíocht “aontoiseach” [teoranta don Ghaeilge amháin] a bhí geallta “mar a bhíonn á thabhairt le fios ag an iomarca daoine taobh istigh agus taobh amuigh den tionól”.

Thug sí “margadh nua cultúir do chéad bliain eile Thuaisceart Éireann” ar an reachtaíocht atá geallta sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh an Feidhmeannas anuraidh.

“Molaim daoibh é ar fad a dhéanamh agus í a chur chun cinn ina hiomláine,” a dúirt sí.

Dúirt Arlene Foster, a bhí ina Céad-Aire idir 2016-2017 agus ó mhí Eanáir 2020 i leith, go raibh sí ag súil le tabhairt faoi “dhúshláin nua” ina saol.

“Bímis inár gcomharsana maithe. A Spéicéir Uasail, go raibh maith agat as cead cainte a thabhairt dom. Scor agus scar,” ar sí ag deireadh a hóráide éirí as.

Thagair Arlene Foster don reachtaíocht teanga tráth a bhfuil sé ina imní go dteipfidh ar Stormont mar gheall ar easaontas faoin nGaeilge.

Níl ceannaire nua an DUP Edwin Poots sásta aon gheallúint a thabhairt faoi cathain a chuirfear an reachtaíocht chéanna i bhfeidhm.

Tá an reachtaíocht atá geallta don Ghaeilge ina cnámh spairne idir Sinn Féin agus an DUP agus tá an t-achrann ina bhac roimh phróiseas ainmniúcháin an chéad-aire agus an leaschéad-aire in Stormont.

Inniu an lá deireanach ag Arlene Foster mar Chéad-Aire.

Tá ráite ag Edwin Poots go dtacóidh sé leis an reachtaíocht Ghaeilge, ach dúirt sé inniu go n-inseodh an aimsir an gcuirfear i bhfeidhm í le linn téarma an tionóil seo, mar atá á éileamh ag Sinn Féin.

Dúirt Poots nach bhféadfaí aon réamhchoinníollacha a lua leis an bpróiseas ainmniúcháin.

Amhras faoina bhfuil i ndán do Stormont mar gheall ar chlampar faoin nGaeilge

“Tá cúrsaí lán de theannas dár bpobal faoi láthair. Chonaiceamar círéibeacha ar shráideanna Bhéal Feirste níos luaithe i mbliana, agus tá imní mhór orm go bhféadfadh coimhlint a bheith arís againn ar ár sráideanna.

“Mura n-ainmníonn Sinn Féin LeasChéad-Aire ní hamháin nach ndéanfar cúram mar is ceart do na ceisteanna sin go léir [an reachtaíocht Ghaeilge srl] ach tá an tsíocháin féin á cur i mbaol againn dá bharr.

“Cinneadh an-tromchúiseach go deo é ag Sinn Féin má tá siad chun a bheith ar nós cuma liom faoin tsíocháin ar mór leis an uile dhuine í. Tá súil agam nach ndéanfaidh siad é.”

Tiocfaidh deireadh le téarma an tionóil mí Aibreáin seo chugainn agus tá Sinn Féin ag iarraidh geallúint a fháil ón DUP go mbeidh an reachtaíocht atá geallta sa chomhaontú New Decade, New Approach ina dlí faoin am sin.

Deir lucht feachtais ar son cearta teanga, An Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge, gur chóir don Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney agus Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis clár ama a leagan amach don reachtaíocht Ghaeilge.

Tá a bhfuil i ndán d’Fheidhmeannas Stormont idir dhá cheann na meá arís mar gheall ar an easaontas faoi chás na Gaeilge.

Tá Arlene Foster ag éirí as mar Chéad-Aire inniu, rud a fhágann go bhfuil seacht lá ag an dá mhórpháirtí – Sinn Féin agus an DUP –  céad-aire agus leaschéad-aire a ainmniú.

Dá ndiúltódh Sinn Féin nó an DUP ainmniúchán a dhéanamh, ní fhéadfaí feidhmeannas a bhunú a bheadh ábalta feidhmiú agus d’fhéadfadh go mbeadh toghchán tobann ann.

Tá ráite ag Edwin Poots, ceannaire an DUP go dtabharfaidh sé treoir don té atá roghnaithe aige don chéad-aireacht, Paul Givan, feidhm a thabhairt don reachtaíocht teanga agus na gealltanais eile sa chomhaontú New Decade, New Approach, ach tá Sinn Féin ag iarraidh go ndéanfadh an DUP a ndea-mhéin a chruthú.

Deir Sinn Féin nach féidir leo muinín a chur i ráitis Poots faoi chomhlíonadh na ngealltanas agus tá siad ag éileamh go ndéanfaí gníomh maidir leis an reachtaíocht Ghaeilge ag an am céanna leis an bpróiseas ainmniúcháin agus go n-achtófaí í roimh earrach na bliana seo chugainn.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga.

Fág freagra ar 'Achainí faoin reachtaíocht teanga déanta ag Arlene Foster ina hóráid deiridh'