Amhras faoina bhfuil i ndán do Stormont mar gheall ar chlampar faoin nGaeilge

Tá Sinn Féin ag maíomh nach féidir muinín a chur i ngealltanas an DUP faoi reachtaíocht Ghaeilge

Amhras faoina bhfuil i ndán do Stormont mar gheall ar chlampar faoin nGaeilge

Tá a bhfuil i ndán d’Fheidhmeannas Stormont idir dhá cheann na meá arís mar gheall ar easaontas faoi cheist na reachtaíochta Gaeilge.

Tá Arlene Foster ag éirí as mar Chéad-Aire inniu, rud a fhágann go bhfuil seacht lá ag an dá mhórpháirtí – Sinn Féin agus an DUP –  céad-aire agus leaschéad-aire a ainmniú.

Ach d’fhéadfadh an próiseas ainmniúcháin tuilleadh aighnis a chothú faoi cheist na reachtaíochta Gaeilge.

Dá ndiúltódh Sinn Féin nó an DUP ainmniúchán a dhéanamh, ní fhéadfaí feidhmeannas a bhunú a bheadh ábalta feidhmiú agus d’fhéadfadh go mbeadh toghchán tobann ann.

Tá ráite ag Edwin Poots, ceannaire an DUP go dtabharfaidh sé treoir don té atá roghnaithe aige don chéad-aireacht, Paul Givan, feidhm a thabhairt don reachtaíocht teanga agus na gealltanais eile sa chomhaontú New Decade, New Approach, ach tá Sinn Féin ag iarraidh go ndéanfadh an DUP a ndea-mhéin a chruthú.

Tuairiscíodh tráthnóna inné go bhfuil Sinn Féin den tuairim anois nach féidir leo muinín a chur i ráitis Poots faoi chomhlíonadh na ngealltanas.

Tuairscíodh go bhfuil Sinn Féin ag éileamh go ndéanfaí gníomh maidir leis an reachtaíocht Ghaeilge ag an am céanna leis an bpróiseas ainmniúcháin agus go n-achtófaí í roimh earrach na bliana seo chugainn.

Dúirt urlabhraí ón DUP aréir go raibh an páirtí meáite ar dhul i mbun rialtais. Dúirt an t-urlabhraí go dtacaíonn an DUP go hiomlán leis an gcomhaontú New Decade, New Approach agus le comhlíonadh na ngealltanas go léir ann.

Dúirt Edwin Poots an tseachtain seo caite go raibh sé ag iarraidh dlús a chur le comhlíonadh na ngealltanas go léir atá déanta sa chomhaontú sin, an comhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont in 2020.

“Táimid breá sásta na leasuithe faoi chúrsaí cultúir a dhéanamh ar Acht 1998 agus cuirfimid dlús leo a luaithe agus is féidir,” arsa ceannaire an DUP. Dhéanfaí sin “a luaithe agus is féidir”, a dúirt sé.

Gealladh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua go dtabharfaí an reachtaíocht Ghaeilge isteach mar chuid de ‘phacáiste’ a dhéanfadh leasú ar an reachtaíocht chultúir atá ann cheana féin.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga. Bheadh stádas oifigiúil ag an Ultais chomh maith.

Dúirt LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann Michelle O’Neill an tseachtain seo caite  go raibh gá le níos mó ná “caint gan téagar” ó Edwin Poots maidir leis an reachtaíocht teanga.

“Tabharfaidh mise air seasamh lena fhocal, cinnte. Tabharfaidh mé orthu seasamh lena bhfocal.

“Ach ní focail amháin atá uaim, ach gníomh, leis. Táim ag iarraidh an fhianaise a fheiceáil, tá níos mó ná focail gan téagar ag teastáil,” arsa Michelle O’Neill.

 

Fág freagra ar 'Amhras faoina bhfuil i ndán do Stormont mar gheall ar chlampar faoin nGaeilge'

  • An Teanga Bheo

    Teanga na tíre agus coimhlint idir iad i gconaí sa ríocht Eas aontaigh