Mionsonraí faoi reachtaíocht Ghaeilge foilsithe i bplean na rialtas d’athbhunú Stormont

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean 'New Decade, New Approach', tá roinnt beartas ann a chuirfeadh le stádas na teanga ó thuaidh

Mionsonraí faoi reachtaíocht Ghaeilge foilsithe i bplean na rialtas d’athbhunú Stormont

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid de phlean nua an dá rialtais d’athbhunú an fheidhmeannais in Stormont trí bliana ó thit sé.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean New Decade, New Approach, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc stádas oifigiúil don teanga.

Bheadh stádas oifigiúil ag an Ultais chomh maith.

Ghlac lucht ceannais an DUP aréir le plean an dá rialtais d’athbhunú an fheidhmeannais agus dúirt Sinn Féin go raibh an cháipéis á scagadh acu.

Chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá molta ar ceal chomh maith ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Deirtear, áfach, gur faoi na cúirteanna a bheadh sé cinneadh a dhéanamh faoi úsáid na Gaeilge.

Tá beartais eile don Ghaeilge molta sa phlean, a d’fhoilsigh An Tánaiste Simon Coveney agus an Státrúnaí Julian Smith aréir, a d’fhéadfadh cur go mór le stádas na teanga ó thuaidh dá gcuirfí i bhfeidhm iad.

Beidh díomá, áfach, ar Chonradh na Gaeilge agus an grúpa feachtais An Dream Dearg nár glacadh le dhá cheann dá bpríomhéilimh – gur acht neamhspleách don Ghaeilge amháin a bheadh ann agus go mbeadh soláthar cinnte ann do chomharthaíocht dhátheangach.

Beidh díomá orthu freisin faoi ghnéithe eile den acht ach is cinnte go bhfuil glactha le cuid de na beartais a bhí á n-éileamh acu agus go gcuirfidh siad fáilte roimh roinnt mhaith de na gealltanais sa phlean.

Is cinnte chomh maith go bhfuil sé le maíomh anois acu go raibh toradh soiléir ar a bhfeachtas anamúil.

Dúirt Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg aréir go raibh an cháipéis fós á scagadh acu.

I measc na mbeartas eile sa phlean tá dréachtú straitéisí don Ghaeilge agus don Ultais laistigh de shé mhí.

Gealltar chomh maith bunú lárionad aistriúcháin do ranna rialtais agus don tseirbhís phoiblí laistigh de thrí mhí.

Dearbhaítear leis go mbeadh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil do bhaill thionól Stormont.

Maidir leis na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras thabharfadh an Coimisinéir Teanga isteach, le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.

Is é an ról a bheadh ag an gCoimisinéir Teanga ná an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. Dhéanfadh an coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú.

Bheadh soláthar sa reachtaíocht chomh maith d’úsáid na Gaeilge i gclárú breitheanna, báis agus uachtanna.

Trí bhille a bheidh i gceist le bunú na gcoimisinéirí don Ghaeilge agus don Ultais agus le bunú na hOifige Cultúir.

Déanfaidh na billí sin leasú ar Acht Thuaisceart Éireann 1998.

Deirtear gur “pacáiste comhtháite reachtaíochta”  a bheidh i gceist dá réir agus nár chóir féachaint ar aon bhille den trí bhille mar reachtaíocht neamhspleách.

Ní ghealltar aon mhaoiniú breise sa mhargadh nua d’Fhoras na Gaeilge ach geallann Rialtas na hÉireann maoiniú breise do Choiste Craoltóireachta Thuaisceart Éireann, do Chiste Infheistíochta na Gaeilge, do Ghlór na nGael agus don scéim Gaelbhratach. Gealltar maoiniú breise do bhunú gréasán teanga chomh maith.

Tá iarrtha ar na páirtithe teacht le chéile i dtionól Stormont inniu chun an feidhmeannas a athbhunú.

Beidh a bhfuil i ndán do phlean an dá rialtais ag brath cuid mhór ar chumas na bpríomhpháirtithe é a dhíol leis an gcosmhuintir.

Níos lú ná leath de lucht vótála Shinn Féin a deir gur chóir an fód a sheasamh maidir le ceist an achta Ghaeilge ó thuaidh, de réir pobalbhreithe nua.

De réir na pobalbhreithe a rinne LucidTalk, thug 49.3% de lucht vótála Shinn Féin le fios nár cheart don pháirtí glacadh le rud ar bith eile seachas acht don Ghaeilge amháin.

Bhí tuairim i bhfad níos daingne ag lucht vótála an DUP faoin scéal, de réir na pobalbhreithe.

Bhí 64.5% de lucht tacaíochta an DUP go hiomlán i gcoinne acht Gaeilge a thabhairt isteach agus dúirt 40.1% go mbeadh siad fós i gcoinne na reachtaíochta fiú dá nglacfadh an páirtí léi.

Dúirt 17.5% de lucht vótála an DUP a ceistíodh go nglacfadh siad go drogallach le reachtaíocht nua don Ghaeilge dá gcuirfeadh sé deireadh leis an tsáinn pholaitiúil.

Tá an reachtaíocht atá molta i bplean an dá rialtais an-chosúil leis an gcomhréiteach faoi acht teanga a rinneadh in 2018, comhréiteach ar theip air nuair nár éirigh le lucht ceannais an DUP a chur ina luí ar chosmhuintir an pháirtí glacadh leis.

Sa dréachtmhargadh a rinneadh in 2018, moladh go dtabharfaí trí phíosa reachtaíochta éagsúla isteach – reachtaíocht don Ghaeilge, reachtaíocht don Ultais agus scáthreachtaíocht cultúir a chuirfeadh meas ar theangacha agus ar an éagsúlacht chun cinn, acht dar teideal an ‘Respecting Language and Diversity Act’.

Is é Dé Luain seo chugainn, an 13 Eanáir, an sprioclá a bhí tugtha do na páirtithe chun teacht ar chomhréiteach maidir leis na cainteanna faoi athbhunú an fheidhmeannais.

Fág freagra ar 'Mionsonraí faoi reachtaíocht Ghaeilge foilsithe i bplean na rialtas d’athbhunú Stormont'