Tá an cnuasach gearrscéalta aitheanta Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire ar fáil i mBéarla den chéad uair. Cnuasach dátheangach é Scothscéalta – Best Stories ina bhfuil bunleaganacha na scéalta chomh maith le haistriúcháin le Diarmuid de Faoite, an t-aisteoir agus scríbhneoir. Tá sé foilsithe ag Arlen House.
Foilsíodh Scothscéalta den chéad uair sa mbliain 1956 agus is é an scoláire agus foclóirí Tomás de Bhaldraithe a roghnaigh na scéalta as cnuasaigh éagsúla le Ó Conaire. Bhí an cnuasach ar an gcuraclam ollscoile agus ar an gcuraclam don Ardteist ina dhiaidh sin.
“Aon duine a raibh cur amach acu ar Ó Conaire ó ghlúin ar leith is trí Scothscéalta é,” a deir Diarmuid de Faoite, aistritheoir na scéalta agus saineolaí ar shaothar Uí Chonaire. “Roimhe sin, abair glúin mo mháthar, is trí scéalta ar nós M’Asal Beag Dubh a d’aithin daoine saothar Uí Chonaire.”
Tá Scothscéalta bainte den churaclam le blianta fada, ach thug Diarmuid de Faoite faoi deara go bhfuil cion agus meas i gcónaí ar Phádraic Ó Conaire i nGaillimh. “Mhothaigh mé go bhfuil an dealbh sa bhFaiche Mhór d’Ó Conaire ina dhearbhchloch ag an oiread sin daoine. Aon duine a thagadh abhaile ar saoire chaithfidís grianghraf a thógáil leis an dealbh. Is nós a bhí ann. Ar bhealach, d’fhéach mise ar an dealbh sin mar a bhreathnaíonn daoine ar dhealbh na maighdine mara i gCóbanhávan sa Danmhairg.”
Cé go bhfuil Pádraic Ó Conaire imithe i bhfad, tá a lorg fós le feiceáil i nGaillimh, a deir de Faoite. “Má fhéachann tú thart ort i nGaillimh feicfidh tú Ó Conaire agus an dealbh mar shiombail de Ghaillimh arís agus arís eile. Tá léarscáil de Ghaillimh ar fáil do thurasóirí agus pictiúr de Phádraic Ó Conaire atá uirthi. D’aimsigh mé méaracán agus pictiúr de m’Asal Beag Dubh air.”
Bhí diaspóra na Gaillimhe ina intinn ag Diarmuid agus é ag cuimhneamh ar Scothscéalta a chur ar fáil i mBéarla. “Go háirithe sa gcathair, bhí daoine an-cheanúil ar Ó Conaire. Níor chuala mé aon duine riamh ag tabhairt amach nó ag gearán faoi. Dá luafá Ó Conaire leo, bheadh scéilín deas acu faoi.”
Ní hiad an diaspóra amháin a bhí ar intinn aige mar léitheoirí don leagan Béarla, áfach. “Fiú daoine nach ndeachaigh thar lear ar chor ar bith creidim go gcuirfidh siad suim sa leabhar. Tá go leor daoine atá ceanúil ar an bhfear seo agus níl Ó Conaire léite acu, mar nach bhfuil aon Ghaeilge acu. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh fuinneog isteach acu air. Labhrófá le daoine, b’fhéidir go luafaidís scéal M’Asal Beag Dubh, ach dá gcuirfeá ceist orthu, b’fhéidir nach raibh a chuid scéalta léite acu.”
Cúis eile a bhí aige le tabhairt faoin togra ná ó bheith ag caint le díoltóirí leabhar sa gcathair a dúirt go mbíonn turasóirí isteach ag lorg saothar Uí Chonaire. “Bhí Vinny i siopa leabhar Charlie Byrne’s ag rá liom go mbíonn daoine ag teacht isteach go dtí an siopa, turasóirí go háirithe, ag iarraidh leabhar le Ó Conaire a cheannach. Tá siad théis a bheith thuas ar an bhFaiche Mhór ag breathnú ar an dealbh agus tagann siad isteach sa siopa ag iarraidh cuid dá chuid scríbhneoireachta a léamh.”
Shocraigh sé féin agus Arlen House an leabhar a chur ar fáil go dátheangach ionas go mbeadh fáil ag na léitheoirí ar na bunleaganacha de na scéalta chomh maith.
“Seachas díreach leabhar i mBéarla amháin a dhéanamh as, go mbeadh sé dátheangach. B’fhéidir go dtabharfadh sé misneach do dhaoine filleadh ar an leagan Gaeilge arís. Níl a fhios agam an oibreoidh sé sin nó nach n-oibreoidh, ach sin é an chaoi a raibh muid ag smaoineamh air.”
Tá na scéalta aistrithe ag de Faoite le tamall de bhlianta.
“Tháinig Micheál Ó Conghaile agus Alan Hayes chugam an chéad lá riamh. Bhí sé aistrithe le blianta agam, ach ní raibh aon rud ag tarlú. Cheap mé b’fhéidir nach bhfeicfeadh sé solas an lae go deo.
“Ansin tháinig Alan chugam agus dúirt sé liom go raibh sé chun é a chur i gcló agus d’iarr mé an dáta air agus nuair a chuala mé an dáta dúirt mé ‘Céard?’ agus an chéad rud eile bhí fuadar fúinn agus bhí mé an-ghnóthach leis an leabhar. Go pearsanta, tá ríméad orm go bhfuil sé ann anois.”
Dumber and Dumber
An-leabhar is ea Scothscéalta agus is brea an rud é go bhfuil sé i gcló arís. Comhghaideachas leat a Dhiarmuid. Is é an trua é nach mbíonn leabhair ar nós Scothscéalta, Dúil, An Grá agus an Gruaim srl fós i siollabas na hArdteiste.
Bhain mise agus mo chomhscoláirí sa rang amháin Ardleibhéal Ghaeilge i mo scoil an-taitneamh astu sna 1980daí. Bhíomarna ag freastal ar scoil rugbaí nach raibh cáil an náisiúnachais uirthi riaimh!
Sorcha de Brún
‘Cúis eile a bhí aige le tabhairt faoin togra ná ó bheith ag caint le díoltóirí leabhar sa gcathair a dúirt go mbíonn turasóirí isteach ag lorg saothar Uí Chonaire.’
Tá an chomhréir as a riocht san abairt thuas.
Seo a leanas m’iarracht féin é a leasú: ‘Cúis eile a bhí aige le tabhairt faoin togra ná go mbíonn turasóirí isteach ag lorg shaothar Uí Chonaire, rud a chuir díoltóirí leabhar sa gcathair in iúl dó.’
B’fhéidir go ndéanfadh sé maitheas do lucht Tuairisc.ie ‘Scothscéalta’ a léamh go mion arís chun an dea-chomhréir a shú isteach! Sin nó cóipeagarthóireacht cheart a dhéanamh!
WTF
Ná ligtear i ndearmad choíche ná go deo ‘M’asal Beag Dubh’ leis an údar céanna. Scothscéal ó thús deireadh a rinneamar i rang 6 sa bhunscoil.
Caitríona
An ceart ar fad ag Dumber and Dumber maidir le ábhar léitheoireachta don chúrsa Ghaeilge (Ard-Teastas nó roimhe sin).