F*c your sean-nós dancing, I’ve a horse outside! – 15 scéal ait agus iontach ó shaol na Gaeilge in 2015

Seo cuid de na scéalta is aite agus is iontaí ó shaol na Gaeilge in 2015…

15 sceal

1. F*c your sean-nós dancing, I’ve a horse outside!

F*c your sean-nós dancing, I’ve a horse outside! Tá mistéir ag baint i gcónaí le taibhsiú marcaigh ar mhuin capaill ar Nuacht TG4 le linn an Oireachtais i mBaile Átha Cliath.

Le linn an chláir nuachta a craoladh ó fhorhalla Óstán an City West i mBaile Átha Cliath, bhí fear in airde ar chapall le feiscint tríd an bhfuinneog laistiar den láithreoir Eimear Ní Chonaola.


2. Pic my Ride! Mortifying!

D’fhoilsigh an MailOnline, ceann de na suímh is mó tóir ar domhan, príomhscéal i mbliana faoin chlár réaltachta TG4 Pioc Do Ride.

‘I’d rather spoilers than spoil her! Mortifying moment Irish dating show contestant chooses to take €250 to spend on his mother’s car rather than on the female contestant,’ a dúirt an ceannlíne ar an suíomh a mbíonn nach mór 14 milliún duine ar an meán á léamh in aghaidh an lae. Sin 13, 999,999 níos mó ná líon na ndaoine na cheap gur smaoineamh maith a bhí in Pioc My Ride.


3. Réalta porn agus RnaG

Ba chúis iontais ag mórán daoine é nuair a chuaigh Arsenal dhá chúl chun cinn ar Manchester United taobh istigh den chéad deich nóiméad dá gcluiche, agus bhí iontas go háirithe ar leantóirí chuntas spóirt Twitter Raidió na Gaeltachta. Ar chuntas an raidió cuireadh an scéal amach gurbh í Alexis Texas, aisteoir i réimse na pornagrafaíochta, seachas an tosaí Sileach, Alexis Sanchez, a fuair an chéad chúl d’Arsenal.


4. ‘Threesome’ sa Ghaeltacht

I measc na scéalta a foilsíodh i leabhar earótach, bhí scéal amháin i nGaeilge, a bhí lonnaithe sa chathair, agus scéal eile, a scríobhadh i mBéarla, a bhí lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Bhain an scéal Gaeltachta Three’s Not a Crowd le heachtra a tharla dáiríre agus cur síos ann ar chaidreamh collaí a bhí ag an údar le beirt fhear áitiúla san árasán os cionn teach tábhairne ina raibh sí ag obair i mbaile beag i gConamara. Cén pub? Cén áit? Deir duine de léitheoirí Tuairisc.ie go bhfuil an méid sin ar a laghad oibrithe amach aige.


5. Kevin Myers agus ‘futility in all its many forms’

Scríobh Kevin Myers ar an Sunday Times go raibh blianta fada caite aige i mbun tráchtaireachta ar pholasaí teanga an Stáit agus gan aon sásamh aige dá bharra, agus thiar in eireaball a cholúin ar fad, d’fhógair sé, ‘It’s time I shut up’.

D’fhiafraigh Tuairisc.ie den iriseoir agus den údar an léamh ‘rólitriúil’ ar bhrí a cholúin a bheadh san áiteamh go raibh sé chun staonadh de thráchtaireacht a dhéanamh ar cheist na Gaeilge feasta.

“Yes, you’re right; yours is too literal an interpretation of an ironic end-line. I’ll certainly be talking about futility in all its many forms in the future. Sorry to disappoint you”, arsa an Meidhreach go meidhreach le Tuairisc.ie.


6. Tréimhse iompair 8 mbliana fógra TG4

Ba chúis iontais do lucht bainistíochta TG4 an chonspóid a tharraing fógra dá gcuid 8 mbliana i ndiaidh a dhéanta.

‘Pregnant’ ba theideal don bhfógra i gcomhair chraobhchomórtas pheil na mban a bhuaigh duais ón Institiúid le haghaidh Fógraíocht agus Dearadh Cruthaitheach in 2007.

Níor craoladh an fógra riamh. Ba chúis iontais do níos mó ná an stáisiún féin an scéal. TG4 agus conspóid! Shíleamar go raibh na laethanta sin thart!


7. Aistritheoirí na Gaeilge agus séala an Church of Scientology

Bhí díomá i mbliana ar aistritheoirí Gaeilge a thoiligh trí thimpiste obair aistriúcháin a dhéanamh d’eagraíocht a bhfuil ceangal aige leis an Church of Scientology, Eaglais na hEoleolaíochta. Cheap na haistritheoirí gur cuireadh dallamullóg orthu le fógra ar líne maidir le hobair aistriúcháin do ‘chumann carthanachta’. Níor luadh ar an bhfógra gur sleachta as saothar le L. Ron Hubbard, bunaitheoir an Church of Scientology, a bhí i gceist leis an obair a luadh san fhógra a scaip duine de bhaill an ghrúpa Facebook ‘Gaeilge amháin’.


8. Folúntas Gaeilge NASA

Crochadh giolc i rith na bliana inar lorgaíodh daoine nua le dul i bhfeighil ar an aon chuntas Gaeilge atá ag NASA. NASA ag lorg Gaeilgeoirí! Bheadh Ar Son na Cúise sásta roinnt moltaí a dhéanamh agus díol as an ticéad singil chomh maith…


9. Tá Cormac Ó hEadhra ‘mad as hell’ agus níl sé chun cur suas leis a thuilleadh!

Bhí a ‘mad as hell moment’ ag an láithreoir raidió Cormac Ó hEadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana nuair a chuir sé de racht feirge faoi fhreagraí ‘míshásúla’ a thug Roinn na Gaeltachta dá chlár. Ar ndóigh, bhí a ‘mad as hell moment’ ag cuid mhaith d’éisteoirí Chormaic le linn na bliana chomh maith, ach sin scéal eile.


10. Náire ar Éamó

An scéal is iontaí ar fad i mbliana, b’fhéidir? Gur admhaigh iar-aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ní hamháin go raibh sé mícheart faoi rud éigin, ach go raibh ‘náire’ air faoi rud éigin. Cad é a tharla a thug ar Éamó briseadh le nós saoil? Seoladh amach i mBéarla amháin litir a raibh a ainm leis.


11. Майтиу О’Коймин agus Youtube

D’fhéadfadh go bhfuil an scéal áirithe seo ar liostaí de na scéalta is aite ó 2015 atá á gcur le chéile sa Rúis chomh maith. Foilsíodh leaganacha de scéal Tuairisc.ie faoin nGaeilge a bheith á húsáid chun pornografaíocht a cheilt ar Youtube ar shuíomhanna idirlín ar fud an domhain, ina measc suíomhanna an BBC, an Huffington Post agus an Daily Mail.

Cuireadh an scéal ar fáil i dteangacha éagsúla, ina measc an Béarla, an Phortaingéilis, an Ollanais, an Chóiréis, an tSlóvaicis, an Tuircis, an Ghréigis, an Indinéisis agus an Rúisis. Ba é Maitiú Ó Coimín, nó Майтиу О’Коймин mar a thug suíomh nuachta Rúiseach amháin air, a scríobh an bhuntuairisc.


12. Ó Murchú v Reidy

An raibh Aodhán Ó Ríordáin ag iarraidh brú a chur ar TG4 is ar 7 Lá gan Eoin Ó Murchú a ligean ar an aer? An bhfuil dualgas ar iriseoir a bheith neodrach? Sin cuid de na ceisteanna a rith lenár gcolúnaí nuair a d’éirigh idir é féin agus an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin ar an gclár 7 Lá i mbliana.

Ba é an rud is mó a rith linne agus sinn ag féachaint orthu beirt agus iad in adharca a chéile ar TG4, ná ‘beidh an ceann seo ar liosta dheireadh na bliana!’ D’éirigh le Ó Murchú raic bhreá eile a tharraingt faoi cholún a scríobh sé don suíomh seo faoi Mali agus neodracht na hÉireann. Ar Cormac ag a Cúig a thug Eoin aghaidh ar an tráchtaire Frank Reidy agus ba bheag ná go raibh ar Chormac fios a chur ar na Náisiúin Aontaithe!


13. Budgie Ó Riain, an t-éinín dátheangach

Cuireadh ar líne i mbliana taifead a mhaítear a deineadh ag deireadh na gcaogaidí ar bhudragár cliste dátheangach. ‘Budgie Ó Riain’ is ainm don fhíseán a d’fhoilsigh Jonathan Ryan ar YouTube, agus tá an t-éinín a bhíodh mar pheata ag muintir Jonathan agus é ag fás aníos i mBaile Átha Cliath, le clos ag caint i mBéarla agus i nGaeilge agus tuineacha cainte éagsúla á gcur aige air féin. I measc na n-abairtí Gaeilge a bhí ag an éinín deisbhéalach – deisghobach? – tá ‘Brostaigh ort, a Sheáin!’ agus ‘Bí ciúin, Ciara!’


14. Fry fillte ar an nGaeilge

Chuaigh an t-aisteoir aitheanta Stephen Fry tar éis dul i muinín an chúpla focal Gaeilge a d’fhoghlaim sé i Ros na Rún chun a thacaíocht a chur in iúl don leasú ar an mBunreacht a bhain leis an bpósadh.

Bhí Fry le feiscint ag Gaeilgeoireacht ar fhíseán  –  Stand ups for Yes (with Stephen Fry ag caint as Gaeilge) –d’fhoilsigh lucht grinn ar YouTube mar thacaíocht leis an taobh ‘TÁ’ den reifreann.

“Ba bhreá liom go mbeadh an sonas céanna ag Éireannaigh, cosúil liomsa. Tabhair seans dóibh pósadh agus an grá atá eatarthu a cheiliúradh,” a dúirt Fry


15. McGregor v an Ghaeilge

D’éirigh le Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir Nuacht TG4/RTÉ, cúpla focal Gaeilge a bhaint as an trodaí an trodaí UFC Conor McGregor i rith na bliana. Mhair agallamh Gaeilge McGregor beagnach chomh fada céanna lena throid in aghaidh Jose Aldo. ‘Bhí sé ag streachailt ach fair play dhó, rinne sé an-iarracht agus bhí sé foighdeach. Thóg sé tamall air ach d’fhreagair sé mé,’ a dúirt Ní Cheallaigh.

Fág freagra ar 'F*c your sean-nós dancing, I’ve a horse outside! – 15 scéal ait agus iontach ó shaol na Gaeilge in 2015'

  • Breathnóir

    ‘Sin 13, 999,999 níos mó ná líon na ndaoine na cheap gur smaoineamh maith a bhí in Pioc My Ride.’

    Nach fíor duit ansin…