Díomá ar aistritheoirí Gaeilge a thoiligh i ngan fhios obair ‘ar son’ an Church of Scientology

Níor luadh ar fhógra ag cuartú aistritheoirí Gaeilge gur sleachta as saothar le L. Ron Hubbard, bunaitheoir an Church of Scientology, a bhí i gceist

L ron Hubbard

Tá díomá ar aistritheoirí Gaeilge a thoiligh trí thimpiste obair aistriúcháin a dhéanamh d’eagraíocht a bhfuil ceangal aige leis an Church of Scientology, Eaglais na hEoleolaíochta.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 go raibh ‘díomá’ ar aistritheoirí Gaeilge a shíleann gur cuireadh dallamullóg orthu le fógra ar líne maidir le hobair aistriúcháin do ‘chumann carthanachta’.

Níor luadh ar an bhfógra gur sleachta as saothar le L. Ron Hubbard, bunaitheoir an Church of Scientology, a bhí i gceist leis an obair a bhí luaite san fhógra a scaip duine de bhaill an ghrúpa Facebook ‘Gaeilge amháin’.

Dúirt Amy Ní Cholgáin, as Leitir Ceannain, an té a scaip an fógra ar ‘Gaeilge Amháin’, nár thuig sí go raibh ceangal aige leis an Church of Scientology, ach gur tháinig amhras uirthi féin faoin scéal nuair a chrom sí ar aistriúchán a dhéanamh ar an mBéarla “aisteach” sa triailaistriúchán a ghabh leis an bhfógra.

Chuaigh baill eile den ghrúpa Facebook i dteagmháil le Ní Cholgáin ag rá go gcabhróidís léi leis an togra aistriúcháin a bhí idir lámha aici, ach tháinig amhras ar bhall amháin den ghrúpa Facebook faoi ghnéithe den obair a bhí á fógairt.

Nuair a dhein an duine sin an scéal a fhiosrú, tháinig sé ar abairt amháin a chuir alltacht air:

‘The drug scene is planetwide and swimming in blood and human misery…And children of drug-taking mothers are born as druggies.’

Nuair a dhein sé cuardach ar an abairt sin, fuair an té a bhí in amhras faoin bhfógra amach gur bhain sé le Narconon, eagraíocht a dhéanann bolscaireacht ar theoiricí conspóideacha L. Ron Hubbard faoi mhí-úsáid drugaí.

Tuairiscítear baint mhór a bheith ag an eagraíocht Narconon le hEaglais na hEoleolaíochta, a bhunaigh an scríbhneoir ficsean eolaíochta sna caogaidí.

conspóid ag baint le fada an lá le teagasc L Ron. Hubbard agus Eaglais na hEoleolaíochta, eagraíocht a bhfuil aisteoirí cailiúla ar nós Tom Cruise agus John Travolta ina mbaill di.

Fág freagra ar 'Díomá ar aistritheoirí Gaeilge a thoiligh i ngan fhios obair ‘ar son’ an Church of Scientology'