Dearmad daonna ba chúis le ríomhphost Béarla ó Éamon Ó Cuív

Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív go bhfuil ‘náire’ air gur seoladh ríomhphost i mBéarla amháin do Ghaeilgeoir.

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) go bhfuil náire air gur seoladh litir a raibh a ainm leis ar ríomhphost i mBéarla amháin chuig Gaeilgeoir.

Cuireadh leagan Béarla den litir a bhain le Comóradh an Chéid 1916 go Concubhar Ó Liatháin, blagadóir aitheanta agus colúnaí le Seachtain.

Chuir sé isteach go mór ar an Liathánach litir a fháil i mBéarla ón dTeachta Dála do Ghaillimh Thiar go háirithe mar gur cháin Fianna Fáil an “phraiseach a rinne Heather Humphreys de sheoladh an tsuímh idirlín “Ireland 1916”.

Dúirt Éamon Ó Cuív gurbh ann do leagan Gaeilge den litir a d’eisigh Oifg Phreasa Fhianna Fáil agus gur tugadh treoir d’oibrithe Fhianna Fáil an dá leagan a dháileadh.

Ba “bhotún daonna”, a mhínigh sé, ba chúis leis an dearmad seo. Dúirt Ó Cuív go bhfuil náire air gur tharla a leithéid agus go gceartófaí ‘an botún’ láithreach.

 

Fág freagra ar 'Dearmad daonna ba chúis le ríomhphost Béarla ó Éamon Ó Cuív'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Ar eagla na míthuisceana, fuaireas rphost ó Fhianna Fáíl le síniú Éamon air chuig mo chúntas rphoist google. Bhí an rphost i mBéarla seachas ‘A chara’. Bhí leagan Ghaeilge ar thairiscint sa riomhphost agus bhrúigh mé an chnaipe chuí. I bhfianaise gur thuig mé go mbeadh ceacht foghlamtha ag polaiteoirí ón raic a thóg Éamon féin i measc dhaoine eile nuair a tharla an praiseach faoi sheoladh Ireland 2016 a fuair anphoiblíocht ó Tuairisc roimhe seo, ní raibh mé ag súil le leagan Google Translate – ach b’shin a fuaireas. Ar an bpointe sin, cheap mé go mbeadh spéis ag Tuairisc an scéal a fhiosrú cé gur thug mé le fios sa teachtaireacht a sheol mé chuig Tuairisc gur féidir go raibh cleas Google ag teacht i bhfeidhm anseo de bharr ná raibh leagan ó Fhianna Fáíl i nGaeilge ann. Is annamh a bhfaighim teachtaireachtaí ó Fhianna Fáil le Gaeilge iontu ach bhí mé ag súil le leagan Gaeilge ó Éamon go cinnte, go h-áírithe agus an t-ábhar a bhí faoi chaibidil, comóradh 1916 an bhliain seo chughainn.