Tá taifead a mhaítear a deineadh ag deireadh na gcaogaidí ar bhudragár cliste dátheangach curtha ar líne.
‘Budgie Ó Riain’ is ainm don fhíseán a d’fhoilsigh Jonathan Ryan ar YouTube aréir, agus tá an t-éinín a bhíodh mar pheata ag muintir Jonathan agus é ag fás aníos i mBaile Átha Cliath, le clos ag caint i mBéarla agus i nGaeilge agus ag cur tuineacha cainte éagsúla air féin.
Sa nóta eolais a ghabhann leis an bhfíseán, deir Jonathan gurb é a mháthair a mhúin Gaeilge agus Béarla do ‘Budgie Ó Riain’.
‘This was our budgie when I was growing up in Dublin. My mother taught him to speak in English, Irish and various accents. She also tried to teach him to sing!’ a deir an té a d’fhoilsigh an físeán ar YouTube.
I measc na n-abairtí Gaeilge atá ag an éinín deisbhéalach – deisghobach? – tá ‘Brostaigh ort, a Sheáin!’ agus ‘Bí ciúin, Ciara!’
Is léir mianach an éinín agus a mhúinteora óna líofa is atá sé ag athrú ó theanga amháin go teanga eile agus ó thuin cainte amháin go tuin cainte eile.
Díreach i ndiaidh dó abairt bhreá Ghaeilge a rá, cuireann sé tuin cainte postúil Béarla air féin agus deireann ‘Jolly good show!’.
Tugtar le fios gurb é Michael McGarry ó Eamonn Andrew Studios a dhein taifeadadh ar ‘Budgie O’ Riain’ sa bhliain 1959 agus go ndein Mark Fitzpatrick eagarthóireacht ar an mír i mbliana.
Eoin Ó Riain (@ReadoutSignpost)
An céad giolch Gaelach?