Aisteoir pornagrafaíochta luaite le bua Arsenal trí bhotún ag RTÉ RnaG!

‘Is maith linn go bhfuil leantóirí chomh géarshúileach sin againn, le muid a choinneáil dírithe ar an obair!’ a deir urlabhraí an Raidió

Alexis Texas (ar chlé) agus Alexis Sanchez (ar dheis)
Alexis Texas (ar chlé) agus Alexis Sanchez (ar dheis)

Ba chúis iontais ag mórán daoine é nuair a chuaigh Arsenal dhá chúl chun cinn ar Manchester Utd taobh istigh den chéad deich nóiméad dá gcluiche, agus bhí iontas go háirithe ar leantóirí chuntas spóirt Twitter Raidió na Gaeltachta.

Ar chuntas an raidió cuireadh an scéal amach gurbh í Alexis Texas, aisteoir i réimse na pornagrafaíochta, seachas an tosaí Sileach Alexis Sanchez a d’aimsigh an chéad chúl d’Arsenal. Ní raibh sé i bhfad gur cheartaigh foireann spóirt an stáisiúin a mbotún ach bhí an damáiste déanta agus íomhá den ghiolc sábháilte ag duine géarchúiseach éigin.

Pictiúr: @DannyAdelante

Ag labhairt di le Tuairisc.ie faoin meancóg, dúirt urlabhraí ó Raidió na Gaeltachta go raibh an botún feicthe ag daoine sular tugadh faoi deara é.

“Mar is eol do dhaoine, is furasta botún a dhéanamh ar na meáin shóisialta, agus is minic an botún céanna feicthe ag go leor sula dtugann an té a rinne an botún faoi ndeara é. Sin é a tharla sa chás seo.

“Bhí an fhoireann spóirt ag iarraidh na héisteoirí a chur ar an eolas, ach ar an drochuair phioc siad an Alexis mícheart! Is maith linn go bhfuil leantóirí chomh géarshúileach sin againn, le muid a choinneáil dírithe ar an obair!”

Fág freagra ar 'Aisteoir pornagrafaíochta luaite le bua Arsenal trí bhotún ag RTÉ RnaG!'

  • Concubhar

    Nach maith an eolas ag Tuairisc.ie ar aisteoirí sa réimse seo scannáin, is cosúil…..

  • PólRéamonn

    Tá Alexis Texas in mo fhoireann peile fantaisíochta

  • seán

    Ara Arsenal mo thóin gan trácht ar Alexass Texass!