Rún diamhair é cérbh é an marcach ar dhroim capaill a bhí le feiceáil ar Nuacht TG4 (le físeán)

Mistéir ag baint i gcónaí le taibhsiú marcaigh ar mhuin capaill ar Nuacht TG4 le linn an Oireachtais

Rún diamhair i gcónaí é cérbh é an marcach ar mhuin capaill a bhí le feiscint le linn chraoladh beo Nuacht TG4 ó Oireachtas na Samhna Déardaoin seo caite.

Le linn an chláir nuachta a craoladh ó fhorhalla Óstán an City West i mBaile Átha Cliath, bhí fear anairde ar chapall le feiscint tríd an bhfuinneog laistiar den láithreoir Eimear Ní Chonaola.

Ní fios cé hé an fear a bhí feistithe mar mharcach agus fuip ina lámh aige, ná ní heol d’éinne cén cúram a bhí air ag an Oireachtas seachas go mba léir go raibh sé ag iarraidh go bhfeicfí ar an dteilifís é.

Tuigtear do Tuairisc.ie, áfach, gur tugadh nóta mistéireach do dhuine d’oibrithe Nuacht TG4 roimh an gclár Déardaoin.

Is cosúil go raibh fear breactha an nóta mhistéirigh ag iarraidh go mbeadh sé féin agus a chapall le feiscint ar chlár na hoíche sin.

‘I will have a horse outside in 20 minutes. Put a camera on me,’ a dúradh ar an nóta.

Níor chuimhnigh an té ar tugadh an nóta dó ar an scéal arís go dtí go bhfaca sé an marcach ar mhuin capaill lasmuigh den fhuinneog le linn an chláir.

Ní raibh Eimear Ní Chonaola féin ar an eolas faoin aisling eachaí taobh thiar di agus an clár speisialta á chur i láthair aici, ach cuireadh go leor ceisteanna uirthi faoin eachtra ó shin. “Ní raibh a fhios agam tada faoi go dtí i ndiaidh an chláir nuair a thosaigh daoine a bhí ag breathnú air ag fiafraí díom, ‘cé as a dtáinig an capall anocht!” a dúirt an láithreoir nuachta le Tuairisc.ie.

Tuairiscítear gur cheannaigh an marcach pionta san óstán i ndiaidh an chláir agus gur thug don gcapall é. Go gairid ina dhiaidh sin, d’iarr lucht slándála an óstáin ar an marcach bailiú leis.

Thug urlabhraí ó TG4 le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon mhíniú aige ar an scéal.

“Súil eile cinnte a bhí ann. Níl fhios ag éinne againn cérbh é an ‘Jockey Eile’ seo amuigh sa gclaphsholas. Taibhse na staire, b’fhéidir – Art Ó Laoghaire ag teacht mall chuig an Oireachtas, nó an rapaire Micheál Ó Duibhir aneas óna dhúnáras i gCill Mhantáin.

“Mheas daoine áirithe gur ball de mhearbhuíon nua an Gharda Síochána é ag cur an tslua ar a suaimhneas faoina slándáil. D’imigh sé leis sa dorchadas amhail is go raibh a dhóthain feicthe aige,” a dúirt urlabhraí TG4.

Fág freagra ar 'Rún diamhair é cérbh é an marcach ar dhroim capaill a bhí le feiceáil ar Nuacht TG4 (le físeán)'

  • dee

    Ag lorg Niamh Chinn Oir…

  • Antain Mac Lochlainn

    Niall Mac Eachmharcaigh!