Tá Cormac Ó hEadhra ‘mad as hell’ agus níl sé chun cur suas a thuilleadh le ‘mishmash de bhladar’ na Roinne

Chuir an láithreoir raidió racht feirge de inné faoi fhreagraí a fuarthas ó Roinn na Gaeltachta a léirigh drochmheas, dar leis, ar a chlár agus ar a éisteoirí

Cormac O'hEadhra howard beale1

Bhí a ‘mad as hell moment’ ag an láithreoir raidió Cormac Ó hEadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné nuair a chuir sé de racht feirge faoi fhreagraí ‘míshásúla’ a thug Roinn na Gaeltachta dá chlár.

Is ón scannán cáiliúl Network a thagann an nath Béarla ‘mad as hell moment’, a mbaintear leas as chun cur síos ar dhuine a bhíonn ag cur de gan aon fhiacail a chur ann toisc deireadh na foighne a bheith caite aige.

Gan amhras, bhí láithreoir gradamúil Cormac ag a Cúig i bhfad níos tomhaiste ina chuid cainte ná mar a bhí Howard Beale ina óráid cháiliúil sa scannán Hollywood, ach níor spáráil fear RnaG lucht scríofa na bhfreagraí sa Roinn ach an oiread.

Léigh an láithreoir amach sraith ceisteanna a cuireadh ar an Roinn faoi agallamh a rinne an Coimisinéir Teanga leis an gclár tráthnóna Dé Céadaoin.

Thug Ó hEadhra freagraí na gceisteanna ar fad chomh maith, freagraí nach raibh sé pioc sásta leo.

“Ní raibh sé de mheas ag Roinn na Gaeltachta na ceisteanna a bhí againne a fhreagairt tráthnóna. Anois, seo é an dara babhta nár fhreagair Roinn na Gaeltachta na ceisteanna a chuireamar chucu ach gur chuir siad mishmash de bhladar ar ais againn.

“Iomlán drochbhéasach…ar an gclár agus ar na daoine a bhíonn ag éisteacht leis an gclár. Agus má leanann sé seo cuirfimid na ceisteanna céanna arís agus arís eile ar an Roinn go dtí go bhfaighimid freagraí, mar níl sé sásúil ar bhealach ar bith,” a dúirt  Ó hEadhra le linn a chláir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné.

I ráiteas a d’eisigh Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie faoi cháineadh an láithreora, dúradh:

“Mar is gnáth i gcás aon iarratais ó na meáin chumarsáide, freagraíodh na ceisteanna feadh ár gcumais agus go cúirtéiseach taobh istigh den amscála a iarradh.”

 

Fág freagra ar 'Tá Cormac Ó hEadhra ‘mad as hell’ agus níl sé chun cur suas a thuilleadh le ‘mishmash de bhladar’ na Roinne'