An raibh Aodhán Ó Ríordáin ag iarraidh brú a chur ar TG4 is ar 7 Lá gan mé a ligean ar aon chlár?

An bhfuil dualgas ar iriseoir a bheith neodrach? Sin ceann de na ceisteanna a rith lenár gcomhfhreagraí nuair d’éirigh idir é féin agus Aire Stáit ar an gclár ‘7 Lá’ an tseachtain seo caite

Eoghan Ó Murchú

Cén dualgas atá ar iriseoir a bheith neodrach agus é ag trácht ar chúrsaí reatha?  Nó, go deimhin, an féidir le hiriseoir a bheith neodrach, má smaoiníonn sé nó sí faoi na cúrsaí seo ar chor ar bith?

Bhuail na ceisteanna seo mé théis dom raic bheag a tharraingt leis an Aire Stáit Aodhan Ó Ríordáin, ar 7 Lá ar TG4 le deireannas.

Plean infheistíocht chaipitil de chuid an Rialtais a bhí faoi chaibidil againn. Ach in ionad dul i ngleic leis na hargóintí a rinne mé, d’ionsaigh an Ríordánach mé, ag rá nach raibh mé neodrach!

Anois, níor shéan mise riamh go mbíonn tuairimí láidre agam faoi chúrsaí reatha. Nílim ‘neodrach’ faoi chearta Gaeilge, faoi athaontú na tíre ná faoi cheist na déine, mar shampla.

Ní dhéanaim aon leithscéal faoin méid sin.

Ach ní chreidim go mbaineann sé le mo dhindiúirí iriseoireachta.

Mar a tharlaíonn, níl iriseoirí eile ‘neodrach’ ach an oiread. Níl ann ach go mbíonn siad go hiondúil ar an taobh eile den argóint. Ach is cosúil nach gcuireann sé sin isteach ar Aodhán ná ar Pháirtí an Lucht Oibre.

Maidir leis an gclár agus an plean infheistíochta, dúirt mé go raibh na cinnlínte láidir ann ach go raibh lag ó thaobh na sonraí de; agus luaigh mé ceist na nGaelscoileanna agus fadbanna tithíochta, go háirithe.

Ach nuair a d’iarr Páidí Ó Lionáird ar an Ríordánach freagra a thabhairt ar an méid seo, níor dhúirt sé ach go raibh sé “dochreidte” go raibh mé ar an gclár, go raibh mé ag ligean orm gur iriseoir neodrach mé, ach gur chosain mé Sinn Féin aon uair go raibh mé ar an aer!

Anois, ní ball de Shinn Féin mé ná baol air, ná ní urlabhraí thar ceann an pháirtí sin mé. Go deimhin, tá ceisteanna agam freisin faoi roinnt gnéithe dá gcuid polasaithe – i dtaobh a ndearcadh maidir le haontacht na hEorpa mar shampla, ach ní shin an pointe.  Ar deireadh thiar, is cuma cé as a dtagann argóintí, mar is cuid den diospóireacht iad fós féin.

Mar a tharlaíonn freisin, ní hé seo an chéad uair a rinne ball sinsearach de Pháirtí an Lucht Oibre cáineadh den chineál seo orm. Cúpla seachtain ó shin ar chlár de chuid TV3, dúirt an Seanadóir John Whelan mórán an rud céanna, focal ar fhocal – ach amháin go raibh seisean ag labhairt i mBéarla agus Aodhán i nGaeilge.

Táim féin sách fada sa gceird seo nach gcuireann sé as dom, ach tá impleachtaí ag baint leis an gcineál sin cainte, impleachtaí, b’fhéidir, nach dtuigeann an bheirt laoch.

An raibh Aodhán i ndáiríre ag iarraidh brú a chur ar TG4 agus ar 7 Lá gan mé a ligean ar aon chlár den chineál seo feasta? Mura raibh, céard a bhí ar intinn aige?

Ar bhealach, sin é go díreach an gearán atá agamsa – nach ndéantar díospóireacht faoi pholasaithe agus anailís Shinn Féin, ach go ndéantar iarracht stop a chur leis an díospóireacht de bharr na tuisceana nach bhfuil sé oiriúnach glacadh leo mar pháirtnéirí dlisteanacha sa bpolaitíocht.

Dar liom, sin é laigeacht an daonlathais mar a chleachtaítear in Eirinn é. Ní bhíonn díospoireachtaí oscailte againn, mar go n-ionsaíonn muid an duine in ionad an tsliotair i gcónaí.

Ach sin gnó agus dualgas na hiriséóireachta: dúshlán a thabhairt do nósanna agus smaointe seanbhunaithe, daoine a chur ag smaoineamh is ag caint, díospóireacht a chothú.

‘Sea, an bhfuil rud ar bith níos leadránaí ná chuile dhuine ag aontú le chéile? An bhfuil rud ar bith níos neamhéifeachtaí ó thaobh an daonlathais de ná a bheith ag cur cuid den díospoireacht ar ceal gan argóint, gan phlé?

Go deimhin, tá an ceart ag an Ríordánach nuair a deir sé nach mbím neodrach; ní dóigh liom gur chóir d’aon iriseoir a bheith neodrach an fhaid is a bhíonn siad ionraic, cothrom agus oscailte do smaointe daoine eile.

Agus ní eisceacht mise i measc iriseoirí go bhfuil tuairmi láidre poilitíochta agam. Tá iriseoirí ann fiú a chuaigh leis an bpolaitíocht iad féín: Geraldine Kennedy, mar shampla, a bhí ina teachta Dála leis na PDs ach a bhí ina heagarthóir ar an Irish Times ina dhiaidh sin; nó George Lee, a ghnóthaigh suíochán Dála ar son Fhine Gael ach anois atá ar ais ag tuairisceoireacht le RTÉ.

An féidir a rá nach bhfuil tada fiúntach le rá ag na hiriseoirí seo, nach cóir éisteacht leo nó nár cherat iad a bheith ar chláracha teilifíse is raidió?

Maidir liomsa, ní ball de Shinn Féin mé, is ní raibh mé riamh i mo bhall d’aon chuid den Ghluaiseacht Shealadach. Fiú dá mbeadh, bheadh cead cainte agam i gcónaí.

Tá níos mó díospóireachta ag teastáil uainn, níos mó iriseoirí atá sásta dúshlán na bunaíochta a thabhairt, agus níos mó rannpháirtíochta sa díospóireacht ag an bpobal i gcoitinne.

Tá sé “dochreidte” nach dtuigeann Aodhán Ó Ríordáin an méid sin.

Fág freagra ar 'An raibh Aodhán Ó Ríordáin ag iarraidh brú a chur ar TG4 is ar 7 Lá gan mé a ligean ar aon chlár?'

  • cormac@hotmail.com

    Dea-chomhartha eile an t–ionsaí pearsanta seo go bhfuil P. an Lucht Oibre cloíte, basctha. Tá an páirtí faoi chrann smola agus tá’s acu é. Tá siad faoi scaoll toisc gur ríshoiléir do chách nach bhfuil iontu ach seanstriapaigh Fhine Gael. Dhíoladar amach arís is arís eile agus gheobhaidh siad faoin bpoll é sa toghchán. Is iad Sinn Féin a channtálfaidh a gcuid siúd vótaí, dá bhrí sin ní mór an Páirtí sin a ionsaí go dólámhach agus go dalba. ‘Ionsaí an modh is fearr cosanta’ dar leo ach is é an fál i ndiaidh na foghla acu é. Scrios agus mí-ádh orthu. Is maith liom nach ball de Shinn Féin é Eoin, na mise ach oiread dála an scéil.

  • Concubhar

    Ní aontóinn le go leor a deir Eoin Ó Murchú agus aontaím go gcuireann sé cás SF go mion is go minic ar na haerthonnta agus ba náireach mar a dhein sé ionsaithe ar Mhairia Cahill i gcláracha raidió agus é ag iarraidh cosaint a dhéanamh ar Shinn Féin. Ag an am céanna ní aontaím a bheag ná a mhór le hAodhán Ó Riordáin agus a iarracht na ceisteanna a sheachaint tré bheith ag íonsaí an té atá ag cur na gceisteanna ar an mbonn nach bhfuil siad ‘neodrach’. Cead cainte ag gach duine, a deirimse. Tá boladh gránna ag teacht leis an méid a deir Aodhán de bharr gur Aire Rialtais é, nó Aire Stáit. Dá ngéillfeadh TG4 dá leithéid,bheadh sé ag geilleadh do bhagairtí pholaitiúla.
    Ar ndóigh, is iomaí bealach a ndeintear cinsireacht agus tuigim go maith iad – tá go leor cinsireachta déanta orm féin i gcaitheamh na mblianta….

  • Concubhar

    Anuas ar sin b’fhearr claontaí na h-iriseora/an eagarthóra bheith os comhair an tsaoil agus gan a bheith faoi cheilt ar chúl cheisteanna aontaobhacha nó ‘ceapann daoine eile’ nó cleasanna eile de chuid Fox News ‘Fair and Balanced’….

  • Seán Mac Gearailt

    Nach leor RTE féin a bheith faoi ordóg an rialtais gan TG4 a bheith amhlaidh.