
Tá an t-aisteoir aitheanta Stephen Fry tar éis dul i muinín an chúpla focal Gaeilge a d’fhoghlaim sé i Ros na Rún chun a thacaíocht a chur in iúl don leasú ar an mBunreacht a bhaineann leis an bpósadh.
Tá Fry le feiscint ag Gaeilgeoireacht ar fhíseán nua- Stand ups for Yes (with Stephen Fry ag caint as Gaeilge) – atá foilsithe ag lucht grinn ar YouTube mar thacaíocht leis an taobh ‘TÁ’ den reifreann.
Bhí Fry i mbéal an phobail sa tír seo roinnt blianta ó shin nuair a dhein sé caimeo mar fhoghlaimeoir Gaeilge ar an sobalchlár Ros na Rún ar TG4. Tagraíonn sé don ról sin sa dráma Gaeltachta sa bhfíseán nua a crochadh ar YouTube inniu.
Deir Fry sa bhfíseán:
“Ba bhreá liom go mbeadh an sonas céanna ag Éireannaigh, cosúil liomsa. Tabhair seans dóibh pósadh agus an grá atá eatarthu a cheiliúradh.
“Now, my Gaelic may rather have fallen into desuetude since I did Ros na Rún, but I mean in the kindest way possible to try and connect with you all because so may of us in Britain are thinking of you and this referendum that’s coming. It’s a chance for Ireland to make an extraordinary proud noise in the world.”
Fearn
Níor chaill an Fryach riamh é. Abair béarla! Desuetude? Má tá a chuid Gaeilge ar chúl éaga, ní hamhlaidh dó féin, bail ó Dhai air.
Anois, ós eol dúinn go bhfuil an salacharaíl chéanna Ghaeilge ag Bainríon Shasana agus atá aigesan, an mbeidh sí ag bolscireacht ar son lucht NÍL?
Tuigim
Maith thú, Stephen.
Maith sibh uilig a thugann tacaíocht do chearta daonna in aon áit, aon uair.
Iontach go bhfuil seans againn cearta a bheith againn faoi dheireadh.
Ag fanacht rófhada.
Tá gá le grá.
Déan an rud ceart, a dhaoine uaisle.
Roghnaigh grá in áit fuath agus gráin.
Cearta uainn go léir ♥