Scéal Gaeilge agus scéal faoi ‘threesome’ i nGaeltacht Chonamara i gcnuasach scéalta gnéis

Tá scéal amháin Gaeilge agus scéal amháin Gaeltachta i measc na scéalta atá le foilsiú i leabhar nua dar teideal Bare: Irish Women’s Sexual Fantasies

Bare135.indd

Tá scéal amháin Gaeilge agus scéal amháin Gaeltachta i measc na scéalta atá bailithe ó mhná Éireannacha ag Julianne Daly don leabhar nua Bare: Irish Women’s Sexual Fantasies atá le foilsiú an mhí seo chugainn.

Sa leabhar nua ó Liberties Press foilsítear scéalta na mban a ghlac le cuireadh Daly a gcuid fantasaíochtaí collaí a bhreacadh.

Níor a d’fhógair Daly ar dtús go raibh na scéalta gnéis á mbailiú aici, ní bhfuair sí freagra ach ó 20 bean, ach nuair a tugadh poiblíocht dá tionscnamh ar an suíomh siamsaíochta The Daily Edge cuireadh os cionn céad scéal faoina bráid.

I measc na scéalta sin, bhí scéal amháin i nGaeilge, a bhí lonnaithe sa gcathair, agus scéal eile, a scríobhadh i mBéarla, a bhí lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Baineann scéal na cathrach le réimse na samhlaíochta amháin, ach baineann an scéal Gaeltachta le heachtra a tharla dáiríre.

“Ní hé gur iarr muid scéal Gaeilge ach d’fhiafraigh bean amháin dínn an nglacfaí le ceann agus bhí muid sásta go leor ceann a fháil. A fhad is a bhí sé go maith bhí muid sásta é a chur san áireamh,” a dúirt Daly le Tuairisc.ie.

Ba í Kym, ainm cleite, a bhreac a cuimhní gnéis ó thréimhse a chaith sí i nGaeltacht Chonamara. Tá ‘Kym’ os cionn an dá scór agus thairg sí dhá scéal do Daly don chnuasach. Sa scéal Gaeltachta, atá áirithe sa chaibidil Three’s Not a Crowd, cuireann sí síos ar oíche a raibh caidreamh collaí aici le beirt fhear áitiúil san árasán os cionn teach tábhairne ina raibh sí ag obair le linn di roinnt míonna a chaiteamh ina cónaí i mbaile beag i gConamara.

Bean óg, faoin ainm cleite Kathleen, a scríobh an scéal Gaeilge agus de réir an mhioneolais a thugtar faoi údair an leabhair, tá spéis ag ‘Kathleen’ i gcaidrimh chollaí le fir agus mná agus i ngnéas triúir. Baineann a scéal fantasaíochta sa leabhar seo le caidreamh collaí le bean anaithnid a chastar uirthi ag taispeántas ealaíne.

Dúirt Daly gur dírithe ar ghnáthmhná na hÉireann a bhí an cnuasach, mná a raibh bua na fantasaíochta agus na samhlaíochta acu, ach nach roinnfeadh a scéalta le haon duine eile.

“‘Ní bhíonn mná na hÉireann i mbun na fantasaíochta, a dúradh liom ach ní chreidim sin, agus tá an rud seo ann, i measc na mban, gan a gcuid fantasaíochtaí a nochtadh. Tuigeann muid mianta na bhfear, tá siad le feiceáil ar fud na háite, ach níl a fhios ag mórán daoine faoi na mná. Ní labhróidh faoi na cúrsaí seo ach amháin mná atá thar a bheith oscailte agus compordach lena ngnéasúlacht,” a dúirt sí.

B’ionspioráid do Bare an leabhar ceannródaíoch le Nancy Friday, My Secret Garden, inar cnuasaíodh scéalta ó mhná Mheiriceá sna seachtóidí, a dúirt Daly. Dúirt sí, áfach, go raibh ‘an tÉireannachas’ le brath go tréan i scéalta Bare. 

Beidh Bare: Irish Women’s Sexual Fantasies ar fáil i siopaí leabhar ar fud na tíre ar an 8 Deireadh Fómhair agus is féidir é a réamhordú ar shuíomh an fhoilsitheora anois.

Fág freagra ar 'Scéal Gaeilge agus scéal faoi ‘threesome’ i nGaeltacht Chonamara i gcnuasach scéalta gnéis'

  • Séamas Mac Coitir

    Go bhfága Dia againn na mná, agus go maire siad go deo!!