FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Tar éis Idir Dhá Shaol a léamh, déarfaidh tú gur mhór an trua nár casadh ort an t-údar

Sa mhír seo roghnaítear leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa

Ní móide go léifinn an leabhar seo arís murach go bhfuair an t-údar uasal bás tá coicíos ó shin, rud a mheabhraigh dom é. Ní hé nár thaitnigh sé liom i dtosach, ach ní go minic a bhíonn cúis agat tabhairt faoi leabhar an dara huair mura mbíonn sé ar chúrsa léinn agat – cé go deimhin, is minice fós nach léitear an leabhar a bhíonn ar chúrsa léinn den chéad uair amháin sin. Ach bíonn sé i gcónaí éagsúil an chéad turas eile toisc tú féin a bheith níos críonna nó níos baoithe, agus oiread eile den saol criathraithe agat idir an dá linn.

Ba é an tAthair Pádraig Ó Murchú ón mBaile Loisce i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a scríobh Idir Dhá Shaol (Coiscéim £4.00)  Foilsíodh ar dtúis é sa bhliain 1989 agus cuireadh athchló air dhá bhliain ina dhiaidh sin. N’fheadar an bhfuil sé fós i gcló. Mura bhfuil ba cheart go mbeadh. Má tá seanchóip ina luí thart sa scioból agat nó pé áit ina gcoinnítear na leabhair a bhí agat tráth, gabhtar á lorg agus léitear arís é.

Bhaineas féin taitneamh níos míchuibheasaí as an t-am seo. Is iad an dá shaol atá i gceist aige ann ná a shaol ag fás aníos i gCiarraí agus a shaol eile mar shagart ag obair ar na misin sa Chóiré. (Sin an Chóiré Theas, gan amhras, ar eagla gur shíl tú go bhfaighfeá léargas rúnda eisiach éigin ar a bhfuil ar siúl ag Kim Young Wan agus a chamthaí ó thuaidh).

Mar sin de, ba dhóigh leat go mbeadh smut den leabhar insamhlaithe le go leor dírbheathaisnéisí Gaeltachta eile agus ar shlí éigin ar barra, tá. An óige, an scoil, na gnásanna, an mhuintir, piseoga, carachtair an phobail agus go leor eile. Is é atá éagsúil ar fad, áfach, ná go gcumascann sé na cuimhní seo lena bheatha sa Chóiré, á meas, á múscailt, á gcur suas is anuas lena chéile. Tá an dá bheatha seo faoi réir ag a chéile.

Bhain sé leis an nglúin sin de shagairt a oirníodh nuair a bhí na misin thar lear in airde láin, ‘nuair a bhí gach coláiste sagartóireachta lán go doras’. Pictiúr cruinn solasmhar de shaol an mhisinéara sagairt in aon áit amháin é, mar sin. Chaith sé sealanna sa phríomhchathair, i bparóistí beaga tuaithe, i bparóistí ar shlog an leathnú uirbeach iad, agus ar oileáin ar an iargúltacht. Léiríonn dúinn an dua a bhain leis an obair sin, an tslí a raibh an phágántacht ina luí faoi bhun theagasc Chonfucius agus screamh thanaí Chríostaí os a gcionn sin lasnairde i measc na ndaoine. Tá trácht thar a bheith spéisiúil aige dúinn ar fhoghlaim na teanga, agus an tslí a raibh meas nach mór beannaithe ag na daoine ar ortagrafaíocht na Sínise.

Tá lán de scéilíní agus de charachtair bharrúla ar nós an duine a rugadh ina Chaitliceach, a tógadh ina Chaitliceach, a gheobhadh bás ina Chaitliceach ach a dúirt go lom nár ghá dó a bheatha a chaitheamh mar Chaitliceach! Is mó duine anois a thuigeann é sin go binn nó go neamhbhinn.

Bhain cuid de nósanna na muintire thoir geit as, go háirithe nuair a tugadh a pheata madra féin dó le n-ithe ón bpota, agus tá admhálach go bhfuair sé blas air. Ní raibh cleachtadh na gcleamhnaistí chomh deoranta sin, go háirithe toisc cur amach fairsing a bheith aige ar litríocht na Gaeilge, agus níorbh fhada ó chuaigh an caoineadh i léig ach an oiread, ionas gur shamhlaigh tú Eibhlín Dubh Ní Chonaill i lár Huk San istigh.

Dá éagmais sin, is é a scéal féin bunchomáint an leabhair – á óige, mar a dúirt, mar a d’fhoghlaim sé conas leas a bhaint as ‘n’fheadar’ (ceacht bhainne cíche an Chiarraígh), mar a briseadh isteach mar shagart é, an scarúint lena mhuintir toisc gur déanadh sagart de, bás a athar agus é i bhfad i gcéin, an obair laethúil, a chaidreamh le sagairt eile (cuid acu nach raibh oiread sin measa aige orthu toisc iad a bheith ina bpríosúnaigh ag na smaointe a dingeadh isteach iontu fadó agus nár léigh leabhar nó nár smaoinigh smaoineamh ó shin), a chuid léitheoireachta féin (gan aon eolas aige ar Yeats seachas é mar an Sally Gardiner ó Inis Fraoigh gur oscail múinteoir Cóiréach a shúile dó), agus tá caibidil álainn aige mar gheall ar Tao agus Zen a bhfuil filíocht agus fabhalscéalta tríthi ar dhóigh leat go raibh Gabriel Rosenstock ar a ghualainn.

Leabhar é seo atá lán de ghaois a scagadh as saol eachtrúil smaointeach carthanúil. Is ea, ‘seachain an bád ina dtosnaíonn an captaen ar an gCoróin’, agus is maith liom ‘gramadóirí na diagachta’ ar dhaoine a bhfuil na freagraí go léir acu, ach nuair a deir sé ‘tá daoine sa tsaol seo ná coimeádann tuairimí ach coimeádann tuairimí iad’, tá’s againn nach duine den tréad sin é.

Tar éis é a léamh, déarfá gur mhór an trua nár casadh ort é; ach is dócha gur casadh ar leathanaigh an leabhair seo. Glacaim leis go bhfuil Dia ag déanamh maith dó.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Tar éis Idir Dhá Shaol a léamh, déarfaidh tú gur mhór an trua nár casadh ort an t-údar'