Faoi dheireadh, ar an 5 Nollaig, d’fhógair CLG go mba iad Gaillimh curaidh na hÉireann…

Tá ionann is céad bliain ann ón am a raibh sé le rá go deireadh nach mbeadh Cluichí Ceannais Sinsir Chumann Lúthchleas Gael imeartha agus an fómhar caite

Faoi dheireadh, ar an 5 Nollaig, d’fhógair CLG go mba iad Gaillimh curaidh na hÉireann…

Líne chúil (ó chlé) : Ath. Hughes, Leonard McGrath, Frank Benson, Sonny Burke, Mick 'Cussaun' Brennan, Bartley Murray, Paddy Gantley, John Egan, Gilby Jennings, Jack Deeley, Larry Raftery, Jack Fry, Tom McGrath, Jackie Brennan; Líne Láir: Mick Bannerton, Mick Donnellan (seanathair Michael Donnellan), Tom 'Tricksy' Leetch, Tom Molloy, Frank Walsh, Willie Smith, Denis Egan; Líne thosaigh: Larry Burke, Mick Walsh, Paddy Roche

Sin agaibh anois é. Taitníodh sé libh nó ná taitníodh beidh sé de thriail agaibh crann na Nollag a chur ina sheasamh an mhaidin Domhnaigh a n-imreofar Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2020 agus ní bheadh sé as bealach an turcaí a cheannacht ar an mbealach abhaile as ceann na peile sé lá dár gcionn.

Más nós leat caipín bobailín, cochall, stocaí olla, nó drár fada a fháil mar bhronntanas, scaip an scéal gur fearr a d’oirfeadh sé dá mba é Púca na Samhna a thabharfadh chugat iad i mbliana seachas Deaidí na Nollag. Faoin am a dtiocfaidh sé siúd glac leis gur séidte le gaoth a bheas an seans gurb é do chontae a bhuaigh Corn Mhig Uidhir nó Mhic Cárthaigh agus gur i mullach na gcochall agus na miotóga a fuair tú anuraidh agus arú anuraidh a bheidh an féirín is deireanaí caite.

Tá ionann is céad bliain ann ón am a raibh sé le rá go deireadh nach mbeadh Cluichí Ceannais Sinsir Chumann Lúthchleas Gael imeartha agus an fómhar caite.

I gcás na peile séasúr achrannach 1925 a bhí i gceist, séasúr inar facthas an Cabhán agus Ciarraí caite amach as an gcomórtas agus craobhacha a gcontae buaite acu. Fógraíodh freisin go mba iad Maigh Eo seaimpíní Chonnacht ag tráth nach raibh craobh an chúige sin críochnaithe ná baol air. 

Inniu má chuireann tú tuairisc cé atá luaite mar churaidh ar Chraobh Shinsir Peile na hÉireann i 1925, séard a fheicfidh tú gur ag Gaillimh atá an onóir. Níl aon bhréag ansin. Ach déan a bheagán eile tochailte agus gheobhaidh tú amach nár imríodh aon chluiche ceannais an bhliain sin – rud nár tharla roimhe ná ó shin.

Ar an gcéad Domhnach de Bhealtaine 1925 a cuireadh tús le craobhacha peile na bliana sin agus cé gur fhág agóid go mb’éigean athimirt a dhéanamh ar an gcluiche a chuir tús leis an séasúr idir Muineachán agus Ard Mhacha, chuaigh an imirt fré chéile ar aghaidh go binn seachas agóid eile mar gheall ar Ros Comáin agus Sligeach san iarthar. 

I gCúige Laighean chuir Loch Garman deireadh le réimeas Átha Cliath a raibh sé chraobh buaite as a chéile acu. Oiread agus an scór amháin féin níor cheadaigh Ciarraí don Chlár i gCluiche Ceannais na Mumhan agus i gCúige Uladh thug an Cabhán leo an 8ú ceann de na 24 craobh a bhuaigh siad idir 1915 agus 1949. 

I gConnachta a tharla an mhoilleadóireacht. D’imir Ros Comáin agus Sligeach a chéile 6 huaire ar fad i mbabhta ceathrú ceannais (an chéad cheann agus ceann a lean a bhí ina gcúis agóidíochta agus trí cinn comhscóir). Ansiúd freisin bhí trí chluiche i gceist i mbabhta leathcheannais idir Gaillimh agus Liatroim. 

Dá bharr ní raibh babhtaí leathcheannais Chonnacht imeartha beag ná mór faoin am a raibh na cinn náisiúnta liostáilte. Ós rud é go mba iad Maigh Eo a bhuaigh craobh na bliana roimhe, ba é breithiúnas Chomhairle Chonnacht gurb iad a dhéanfadh amhlaidh arís i 1925.

Agus na cluichí leathcheannais náisiúnta tagtha bhuaigh Ciarraí ar an gCabhán de chúilín i dTrá Lí, ach cuireadh agóid ina gcoinne.

Rinneadar-san frithagóid a chur chun cinn agus ba é toradh an scéil gur caitheadh an dá chontae amach as an gCraobh.

Dá bharr sin ar fad nuair a bhuaigh Maigh Eo ar Loch Garman sa dara cluiche leathchraoibhe an Domhnach deireanach de Lúnasa ní raibh aon duine fágtha le himirt i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Ach bhí Craobh Chonnacht fós le socrú. 

Bhuaigh Gaillimh ar Mhaigh Eo nuair a imríodh a bhabhta ceannais ansiúd ar an 18 Deireadh Fómhair agus ba ina dhiaidh sin a thosaigh an argóint agus an tsáraíocht i gceart. Faoi dheireadh, ar an 5 Nollaig, d’fhógair Cumann Lúthchleas Gael go mba iad na Gaillimhigh curaidh na hÉireann.

As sin go hathbhliain d’eagraigh an Ardchomhairle babhtaí leathcheannais agus ceannais ionaid – Gaillimh a bhuaigh sin freisin, ach ba chuma eatarthu é, is é a n-ainmneacha a bheadh ar an gcorn don bhliain 1925 ba chuma eatarthu é.

Tá siad ann a déarfadh go bhfuil mé ag dul ródhomhain sa scéal nuair a deirim go raibh an fómhar caite nuair a socraíodh cé a thabharfadh Corn Liam Mhic Cárthaigh abhaile leo i 1931. Tá mé cinnte go raibh fataí sa talamh agus eallach sna páirceanna Lá Samhna na bliana sin nuair a bhuaigh Corcaigh ar Chill Chainnigh 5-8 in aghaidh 3-4 sa mbabhta ceannais.

Cluichí comhscóir arís ba chúis leis an moilleadóireacht – ba ar dháta traidisiúnta na himeartha a d’imir na foirne a chéile ar dtús nuair a chríochnaigh an imirt agus 1-6 an taobh acu ar an 6 Meán Fómhair.

Lory Meagher a fuair an cúilín comhscóir do Chill Chainnigh (2-5 in aghaidh 2-5 a bhí ann) an dara lá ach ar an drochuair briseadh péire dá chuid easnacha agus ba mhór an caillteanas dá fhoireann é ina gcliseadh, 3-4 in aghaidh 5-8, sa tríú himirt eatarthu Lá Samhna.

Suimiúil a thabhairt faoi deara ón gclár a chosain dhá phingin go mba scilling nó dhá scilling a bhí le híoc ag na geataí (breis ar shuíocháin taobhlíne agus Ardán Uí Ógáin). Thar a bheith sásta a bhí Cumann Lúthchleas Gael as an teacht isteach £8,000 a tháinig as na trí chluiche.

Díol spéise freisin a fheiceáil agus lucht leanta fhoirne sacair Liverpool ag ceiliúradh gur ‘Léirpholl’ atá thíos ar chlár an lae don fhoireann iomána a d’imir in aghaidh Phort Láirge sa gcluiche ceannais sóisearach Lá Samhna 1931 – Lancashire atá thíos i liostaí oifigiúla an lae inniu.

Clár 1931

Fág freagra ar 'Faoi dheireadh, ar an 5 Nollaig, d’fhógair CLG go mba iad Gaillimh curaidh na hÉireann…'