Fadhb ag Fine Gael agus dhá bhliain déag caite acu i mbun riar na córa

Chruthaigh an brú le seachtain go bhfuil dúshláin roimh Fhine Gael, go háirithe, sa toghchán atá romhainn an bhliain seo chugainn.

Fadhb ag Fine Gael agus dhá bhliain déag caite acu i mbun riar na córa

Is críonna an té a déarfadh, a deirtear sa dráma. Cé go bhfuil an pholaitíocht sa lá atá inniu ann chomh heagraithe agus chomh bunaithe ar chóiréagrafaíocht gur annamh a cheapfá a thiocfadh scéal aniar aduaidh orthu. Bíodh sin mar atá, tháinig ionsaí sáite agus círéibeacha na seachtaine seo caite aniar aduaidh orainn ar fad agus tá léargas faighte againn le seachtain ar chuid de na fadhbanna is mó sa tsochaí agus na deacrachtaí atá ag an rialtas seo, go polaitiúil.

Chruthaigh an brú le seachtain go bhfuil dúshláin roimh Fhine Gael, go háirithe, sa toghchán atá romhainn an bhliain seo chugainn. Ó bunaíodh an Stát is iadsan an páirtí a bhí ag iarraidh iad féin a chur in iúl mar laochra an dlí agus an chirt. Bhí siad luaite i gcónaí leis na Gardaí agus an Roinn Dlí agus Cirt agus sheas siad i gcónaí go láidir ar son riar na córa. Ón uair go raibh laoch an pháirtí Mícheál Ó Coileáin ina Aire Dlí agus Cirt i 1922, tá sé á mhaíomh acu gurb iad is éifeachtaí ag plé le reáchtáil chóras dlí na tíre.

Ach féach go bhfuil Fine Gael i gcumhacht anois le hos cionn dhá bhliain déag agus go bhfuil an Roinn Dlí agus Cirt faoina smacht le linn na tréimhse sin ar fad. Tá ceathrar Airí a raibh a gcuid deacrachtaí féin acu ar fad tar éis a bheith ar an stiúir – Alan Shatter, Frances Fitzgerald, Charlie Flanagan agus Helen McEntee. B’éigean do bheirt de na hairí éirí as mar gheall ar scannail a bhain le sceithirí agus líomhaintí a rinne Maurice McCabe faoi mhí-iompar sna Gardaí. B’éigean do bheirt choimisinéirí le gairid éirí as freisin mar gheall ar na deacrachtaí céanna – líomhaintí faoi mhí-iompar i measc Gardaí agus mí-éifeacht na bainistíochta ag láimhseáil an mhí-iompair chéanna.

Ceapadh nuair a tugadh Drew Harris anuas thar teorainn go raibh duine tugtha isteach a bheadh in ann na leasuithe cuí a dhéanamh sna Gardaí. A mhalairt atá ag tarlú le míonna anuas agus Gardaí míshásta le coinníollacha oibre, uainchláir agus a leithéid.

Spreag círéibeacha na seachtaine seo caite tuilleadh lagmhisnigh faoina bhfuil ag tarlú i measc na nGardaí agus tá cruacheisteanna dá gcur ar Helen McEntee agus Drew Harris. Spreag siad fearg agus díomá faoina laghad smachta a cheaptar a bheith ag Gardaí ar shráideanna na príomhchathrach agus gach uile shráid eile sa tír.

Tá imní cothaithe ag an scéal d’Fhine Gael. An mbeidh siad in ann a mhaíomh go bhfuil smacht acu ar riar na córa mar pháirtí?  Tá drogall, go polaitiúil, ar pháirtithe Helen McEntee a dhíbirt as a post. Tuigeann siad anois go mbeidh an t-ábhar seo ina dhíol imní ar na doirse an bhliain seo chugainn. An dtuigeann siad nach bhfuil aon údar gaisce acu níos mó as riar na córa agus cur i bhfeidhm an dlí? Nó an mbeidh siad, sna cúpla mí idir seo agus olltoghchán, in ann an scéal a leigheas? Is críonna an té a déarfadh.

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Fadhb ag Fine Gael agus dhá bhliain déag caite acu i mbun riar na córa'

  • Lillis Ó Laoire

    An cás curtha síos go cruinn, beacht i mbeagán focal. Treise leat.