EISIACH: Díolúine ón nGaeilge ag 11% de dhaltaí na hArdteiste i mbliana

Deir an Roinn Oideachais gur rud ‘eisceachtúil’ a bheidh sa díolúine feasta ach tá imní ar shaineolaithe oideachais éagsúla gurb amhlaidh go mbeidh níos mó díolúintí á gceadú faoin chóras nua

EISIACH: Díolúine ón nGaeilge ag 11% de dhaltaí na hArdteiste i mbliana

Fuair 11% de dhaltaí Ardteiste 2019 díolúine ón nGaeilge.

58,787 a rinne scrúduithe na hArdteiste i mbliana agus fuair 6,464 acu sin díolúine ón nGaeilge faoin gcóras a bhfuarthas réidh leis i dtús na scoilbhliana seo.

De réir shlat tomhais na Roinne Oideachais 40% de na díolúintí a cheadófaí roimhe seo a bhí ‘mícheart’, rud a d’fhágfadh go raibh díolúine ‘mícheart’ ag nach mór 2,600 dalta Ardteiste i mbliana.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua a fuaireamar ón Roinn Oideachais, deacrachtaí foghlama ba chúis le díolúine a cheadú do 62% de na daltaí a raibh a leithéid acu.

4,002 dalta a fuair díolúine toisc deacrachtaí foghlama a bheith acu.

Rinne 55.7% acu sin, 2,231 duine, scrúdú Ardteistiméireachta i dteanga Eorpach eile, is é sin sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis.

48,334 a rinne scrúdú Gaeilge don Ardteist anuraidh. Ní dhearna 10,453, nó 17.8%, an Ghaeilge ar chor ar bith.

Mórán mar a chéile a bhí na figiúirí don díolúine i mbliana le figiúirí 2018, bliain ina raibh díolúine ón nGaeilge ag 11.2% de dhaltaí na hArdteiste.

Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach an mhí seo a mhaíonn siad a chinnteoidh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheidh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Níl aon sainmhíniú tugtha ag an Roinn ar cad atá i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ sa chás seo agus tá saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfidh sé go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófar.

Ar na saineolaithe sin tá an tOllamh Pádraig Ó Duibhir a mhaíonn nach bhfuil aon bhunús oideachais nó eolaíochta leis an gcóras nua.

Dar le Ó Duibhir agus a chomhghleacaithe in SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, a chuir aighneacht isteach mar chuid den phróiseas comhairliúchán, go mbeadh gá le díolúine ó staidéar na Gaeilge i gcás 2% nó 3% de dhaltaí Ardteiste.

Dúirt an eagraíocht Gaeloideachas go raibh an baol ann gurbh ionann an córas nua díolúintí a tugadh isteach i mbliana agus bealach leis an nGaeilge roghnach a thabhairt isteach an ‘cúldoras’.

Foilsíodh an tseachtain seo caite na haighneachtaí a fuair an Roinn Oideachais ó eagraíochtaí éagsúla mar chuid den phróiseas comhairliúcháin faoi chóras na ndíolúintí.

Léirigh go leor de na heagraíochtaí amhras faoi ghnéithe éagsúla de na moltaí atá á gcur i bhfeidhm ó thús na scoilbhliana seo.

Faoin gcóras nua ní bheidh aon ghá as seo amach tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine ón nGaeilge agus ní úsáidfear feasta tástálacha IQ mar bhonn le díolúine.

De réir an chiorcláin leasaithe a scaipeadh ar na scoileanna beidh cead díolúine a thabhairt “i gcúinsí ina léirítear deacrachtaí foghlama suntasacha ag scoláirí agus iad leanúnach in ainneoin fáil a bheith acu ar chur chuige difreáilte don fhoghlaim agus don litearthacht thar thréimhse ama”. I gcás mar sin, beidh cead díolúine a thabhairt do dhalta ach é a bheith i rang a dó ar a laghad. Anuas air sin, beidh cead díolúine ag dalta sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Fág freagra ar 'EISIACH: Díolúine ón nGaeilge ag 11% de dhaltaí na hArdteiste i mbliana'