Éirí amach Cheatharlach – is fiú aon ní fear a thuigeann a threibh féin…

Dúradh nach mbeadh aon iontaisí ann nó go mbeadh na hocht gcinn de shárfhoirne fágtha ina seasamh, ach níorbh amhlaidh an scéal

Éirí amach Cheatharlach – is fiú aon ní fear a thuigeann a threibh féin…

Is fiú aon ní fear a thuigeann a threibh féin…

Duine ar leith é Turlough O’Brien, bainisteoir phainéal sinsir Cheatharlach. Is léir óna bhriathra agus óna ghníomhartha go dtuigeann sé cé dar díobh é. Níl ach bliain ó bhuaigh Ceatharlach a gcéad chluiche craoibhe i gCúige Laighean in imeacht sé bliana. Timpeall an ama céanna bhí a mbainisteoir, O’Brien, ag eisiúint leabhair ar bhealaí rothaíochta dheisceart Laighean. Tá sé ina phríomhfheidhmeannach ar Chumann Deonach Tithíochta Cheatharlach agus tá an bóthar ar a bhfuil sé féin agus a chlann buailte fúthu tiomnaithe i gcuimhne a athar, Jim O’Brien, a chaith blianta mar rúnaí ar Bhord CLG an chontae. Tá tábhacht le rudaí mar sin. Leis an oiread bainisteoirí eadarchontae iasachta siúlacha ar chontaetha eile ar fuaid na tíre, tá ról agus áit ar leith don bhfear dúchasach. Nuair a labhraíonn Turlough O’Brien ar sprid agus ar anam Cheatharlach, bíonn a fhios ag a bhuíon imreoirí cad air a bhíonn sé ag caint. Is fiú aon ní a leithéid.

Is fiú aon ní cumas nádúrtha ach níl aon teorainn le hionracas agus le diongbháilteacht

Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaol ann go mbuafaidh Corcaigh craobh na hÉireann i mbliana ach don chéad uair le tamall, is cosúil go bhfuil nasc idir an taobhlíne agus páirc na imeartha arís. Ní raibh aon mhoill ar Ronan McCarthy agus a chriú ar an dtaobhlíne an t-athrú ba ghá a dhéanamh in aghaidh Thiobraid Árann. Ba léir go raibh an iomarca spáis os comhair líne lántosach na dTiobraid Árannach agus aistríodh John O’Rourke siar. Ní raibh bainistíocht Chorcaí ach ag déanamh an rud a ceapadh d’aon fhoireann bainistíochta- an deis is fearr a thabhairt dá mbuíon imreoirí an cluiche a bhuachtaint. Ach, an mó babhta cheana nár deineadh a leithéid i gCorcaigh? Lean na himreoirí amuigh ar an bpáirc an sampla ón dtaobhlíne, luigh an uile dhuine amach orthu féin agus ní raibh aon stró ar lucht na ngeansaithe dearga Tiobraid Árann a chur de dhroim seoil. Beidh siad ar a bpaiste féin in aghaidh Chiarraí nó contae an Chláir ar an Satharn deireanach sa Mheitheamh agus don gcéad uair le tamall, tabharfaidh siad fé le fonn agus gan faitíos.

Ní gá fanacht go lár mhí Iúil chun go mbeadh ábhar cainte againn

Dúradh go neamhbhalbh, nuair a glacadh le leagan amach nua na craoibhe atá le teacht i bhfeidhm ó lár mhí Iúil, ná beadh aon iontaisí ann nó go mbeadh na hocht gcinn de shárfhoirne fágtha ina seasamh. Is léir gur mheas lucht craolta na gcluichí amhlaidh chomh maith más aon slat tomhais teirce na gcluichí caide atá á gcraoladh beo ar an dteilifís. Bhí ceann de shárchluichí na bliana againn idir Muineachán agus Tír Eoghain seachtain ón nDomhnach seo caite agus chuir Longfort agus Ceatharlach leis an allagar Dé Domhnaigh seo a d’imigh tharainn. Ní raibh buaite ag Ceatharlach ar Chill Dara le cúig bliana is trí fichid. Bhí breis is leathchéad bliain ó bhuaigh Fear Manach ar Ard Mhacha agus bhí sé bliana déag ar fhichid ó bhuaigh Longfort ar chontae na Mí sa chraobh. Dúradh linn gur chun airgead is teacht isteach a dhéanamh a cruthaíodh an múnla nua craoibhe agus gur chun leasa na mboc mór leis an ndaonra mór a bheadh sé. Ainneoin sin bhuaigh Liatroim, Longfort, Ceatharlach, Muineachán, Fear Manach, Ros Comáin agus Sligeach, na seacht gcontae is lú daonra, a gcéad chluichí craoibhe i mbliana. Nuair a thosnóidh na Dubs agus contaetha eile ag fáisceadh a ngreim isteach sa bhliain, níor chóir dearmad a dhéanamh ar dhraíocht na Bealtaine.

4. Is é Brian Fenton an t-imreoir is fearr sa tír fé láthair

Tá Áth Cliath ag tabhairt faoina n-ochtú craobh Laighean as a chéile i mbliana agus cé ’tá chun stad a chur lena sodar? Ba é bua an Domhnaigh in aghaidh Chill Mhantáin an 22ú cluiche as a chéile buaite i gCúige Laighean acu. Dheineadar amhlaidh i mblianta Kevin Heffernan ó 1974 go 1980 nuair a bhí Brian eile, Brian Mullins in airde láin. Ag féachaint ar Fenton ag aimsiú a bhuille arís is arís eile Dé Domhnaigh, ba dheacair gan comparáid a dhéanamh idir an bheirt fhathach. Is leasc liom i gcónaí comparáid a dhéanamh idir réanna agus idir máistrí na machairí ó ré go ré ach is deacair a chreidiúint ná fuil oiread is cluiche amháin craoibhe caillte ag Fenton ins na 21 ceann atá imeartha ó thosnaigh sé i ngeansaí Átha Cliath sa bhliain 2015. Tá cuma chríochnúil shnasta ar gach a ndeineann sé ar pháirc na himeartha agus le báide agus trí phointe aimsithe aige ón imirt oscailte (bheadh an dara báide fachta murach sábháil iontach ó Mark Jackson i mbáide Chill Mhantáin) thug sé éachtaint uair amháin eile i bPort Laoise go bhfuil sé ag cleachtadh a cheirde ag leibhéal atá níos airde ná aon imreoir eile sa tír fé láthair.

Fág freagra ar 'Éirí amach Cheatharlach – is fiú aon ní fear a thuigeann a threibh féin…'

  • Carraig

    An dtabharfadh an Cinnéideach fé thuairisc a scríobh ar chluiche iománaíochta uair éigin? Tá dúil mhór ag muintir Chiarraí sna camáin chomh maith. Tuaisceart Chiarraí go háirithe. Fear ón nDaingean ag imirt anois le foireann an chontae sna sinsir fiú. Scaoil fé a Dhara!

  • Jamie Ó Tuama

    An-alt, a Dhara, agus staitistic iontach é sin gur bhuaigh na seacht gcontae is lú daonra a gcéad chluichí craoibhe i mbliana.

    Maidir leis an dá Bhrian, tá siad ainmnithe agam féin i lár páirce ar an 15 a thosóinn ó aimsir Heffo go dtí an lá atá inniu ann, in alt a scríobh mé anseo:

    https://nadubsabu.com/2018/03/31/o-heffo-go-gavin-an-15-a-thosoinn/

    Ps An-imreoir go deo é Fenton, ar ndóigh, ach is é Ciarán Kilkenny an t-imreoir is fearr ar fhoireann na Dubs!!