Éigniú, céasadh agus fuadach páistí – gan aon stop leis an uafás san Úcráin

Tá sonraí nua curtha ar fáil i dtuarascáil faoi sháruithe cearta daonna na Rúise san Úcráin

Éigniú, céasadh agus fuadach páistí – gan aon stop leis an uafás san Úcráin

I mBealtaine 2022 tháinig triúr saighdiúirí Rúiseacha go teach lánúin phósta a bhí tar éis fanacht ansin chun aire a thabhairt don tseanmháthair nuair a ghabh na Rúisigh a ceantar in oirdheisceart na hÚcráine. Thug na saighdiúirí greadadh don fhear 52 bliain d’aois agus ghlacadar ar fad a seal ag éigniú na mná 50 bliain d’aois. Thuairiscigh an lánúin an t-éigniú do cheannasaí míleata na Rúise. De réir fianaise na gcomharsan tháinig triúr saighdiúirí Rúiseacha agus ‘an bhean a thuairiscigh an t-éigniú’ á lorg acu. Chuaigh siad chuig teach na lánúine agus mharaigh siad an bheirt acu.

Cé nach bhfuil sé chomh mór sa nuacht is a bhí mar gheall ar na huafáis sa chogadh idir Iosrael agus Hamas, tá eagraíochtaí cearta daonna i mbun a gcuid oibre i gcónaí ag iarraidh coireanna cogaidh agus sáruithe cearta daonna na Rúise in aghaidh phobal na gcríocha gafa a thabhairt chun solais. Tá cur síos ar leathanach i ndiaidh leathanaigh de sháruithe cearta daonna ar scála forleathan sa tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún Neamhspleách Idirnáisiúnta Fiosrúcháin i dtaca leis an Úcráin, coimisiún atá bunaithe faoi scáth na Náisiún Aontaithe. Tá sonraí nua sa tuarascáil faoi chéasadh, éigniú, foréigean gnéis agus fuadach páistí.

Céasadh

D’aimsigh an Coimisiún fianaise go raibh céasadh á dhéanamh ar bhonn forleathan ag fórsaí forghabhála na Rúise sna críocha gafa. Dúirt íospartach a ndearnadh céasadh uirthi le turraingeacha leictreacha: ‘Gach uair ar fhreagair mé nach raibh rud éigin ar eolas agam nó nárbh cuimhin liom rud éigin thug siad turraing leictreach dom…. Níl a fhios agam cé chomh fada a lean sé. Mhothaigh sé ar nós na síoraíochta.’

Ní raibh an t-íospartach ábalta siúl i gceart ar feadh laethanta i ndiaidh a céasta agus tá sí ag fulaingt de bharr tráma ó shin. Bhí a fear céile faoi ghlas i gcillín in aice láimhe le linn a céasta agus dúirt sé: ‘Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar a screadanna péine.’ I roinnt cásanna fuair na híospartaigh bás de bharr a gcéasta. In ionad gabhála i scoil i sráidbhaile Biliayivka, cúige Kherson, bhí deacrachtaí anála ag íospartach tar éis seisiún céasta.

Lorg na daoine eile a bhí i ngéibheann in éineacht léi dochtúir di ach dhiúltaigh na saighdiúirí Rúiseacha, agus fuair sí bás laistigh d’uair an chloig. I gcás eile ag an ionad céanna fuair íospartach bás ina chillín mar gheall ar chéasadh, ocras agus díhiodráitiú.

Éigniú agus foréigean gnéis

Níor fhág tuarascálacha an Choimisiúin roimhe seo aon amhras ach go bhfuil éigniú agus foréigean gnéis ag tarlú ar bhonn forleathan sna críocha gafa. Díríodh sa tuarascáil seo ar eachtraí éignithe agus ionsaithe gnéis a tharla i gCúigí Kherson agus Zaporizhzhia.

I Márta 2022, tháinig saighdiúir Rúiseach go doras tosaigh bean 83 bliain d’aois agus d’ordaigh sé di an doras a oscailt. Thug sé greadadh di lena raidhfil, d’ordaigh di a héadaí a bhaint di agus d’éignigh sé í. Lean sé air á héigniú agus ag tabhairt greadadh di ar feadh cúpla uair an chloig. Bhí fear céile na mná, fear atá faoi mhíchumas, i láthair sa teach agus bhagair an saighdiúir go ndéanfadh sé é siúd a éigniú freisin.

I Márta agus Aibreán 2022 d’agair saighdiúirí Rúiseacha feachtas ciaptha agus imeaglaithe ar lánúin aosta Úcránach ar feadh roinnt seachtainí. I ndeireadh na dála go déanach in Aibreán 2022 bhris triúr saighdiúirí Rúiseacha isteach sa teach i lár na hoíche agus scaoil siad leis an bhfear céile ach theip orthu é a bhualadh. Thug beirt acu greadadh don bhean lena bpiostail, thug siad ciceanna di, bhagair siad í a lámhachadh, stróic siad di a cuid éadaigh agus d’éignigh drong acu í. Rinne sí iarracht éalú ach rug siad uirthi, tharraing siad ar ais isteach sa teach í agus d’éignigh siad arís í.

Mí Iúil 2022 tháinig saighdiúir Rúiseach go teach mná 75 bliain d’aois a bhí ina cónaí léi féin. D’ionsaigh sé í, bhuail sé í san aghaidh, sa chliabhrach agus sna heasnacha agus thriail í a thachtadh. D’ordaigh sé di a cuid éadaí a bhaint di agus nuair a dhiúltaigh sí, stróic sé a cuid éadaí di, ghearr sé a bolg le huirlis bheag ghéar agus d’éignigh sé go minic í. An chéad mhaidin eile d’éignigh sé arís í agus thug sé greadadh eile di. Bhí roinnt mhaith dá cuid easnacha briste agus fiacla caillte aici mar thoradh ar an ionsaí. Níl ansin ach roinnt de na scéalta éignithe atá sa tuarascáil.

Páistí Fuadaithe

Ní haon nuacht é go bhfuil an Rúis ag fuadach páistí ón Úcráin in aghaidh an dlí idirnáisiúnta. An rud is suntasaí sa dtuarascáil seo ná an fhianaise ó pháistí ar éirigh leo éalú ó lucht an fhuadaigh, faoin drochíde a tugadh do pháistí fuadaithe as ucht dílseacht a léiriú dá dtír féin, an Úcráin, agus an brú a cuireadh orthu iad fhéin a Rúisiú. Thuairiscigh buachaill sé bliana déag d’aois a cuireadh go campa sa Chrimé gur cuireadh é fhéin agus beirt pháistí eile faoi ghlas ar feadh ceithre lá mar gur rugadh orthu ag éisteacht le hamhrán náisiúnta na hÚcráine.

Dúirt buachaill 17 bliain d’aois gur cuireadh faoi ghlas é ar feadh cúig lá tar éis dó brat na Rúise a bhaint anuas. Thuairiscigh páistí eile gur cuireadh iachall orthu amhrán náisiúnta na Rúise a chanadh agus litreacha a scríobh go dtí saighdiúirí Rúiseacha. Thuairiscigh cailín go ndúradh le páistí as Kherson ‘filleadh ar a dtír fhaisisteach’.

Tá séanta ag an Rúis arís agus arís eile go ndéanann siad coireanna cogaidh nó go sáraíonn siad cearta daonna sibhialtach san Úcráin. Maíonn siad gur bréaga iad líomhaintí dá leithéid.

Cad iad na himpleachtaí atá ag na coireanna seo d’iarrachtaí deireadh a chur leis an gcogadh? In ainneoin uafáis na scéalta seo ní hé foréigean fhórsaí na Rúise i gcoinne phobal na gcríocha gafa is cúis le formhór bhásanna na sibhialtach. Is de bharr ionsaithe dhiúracáin agus airtléire na Rúise ar ollmhargaí, blocanna árasáin, ionaid sláinte, stáisiúin traenach agus spriocanna sibhialtacha eile is mó a mharaítear sibhialtaigh. Mar shampla san aon lá amháin, an 3 Bealtaine 2023, bhuail airm phléascacha na Rúise dhá ollmhargadh, stáisiún artola, stáisiún traenach agus bloc árasán i gcathair Kherson. Maraíodh 21 sibhialtach agus gortaíodh na scórtha eile.

Deir Coimisiún Um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe gur maraíodh ar a laghad 8,062 duine agus gur gortaíodh 16,610 sna hionsaithe seo suas go dtí an 10 Meán Fómhair. Deir siad áfach go gcreideann siad go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde. Más féidir deireadh a chur leis an gcogaíocht tiocfaidh deireadh leis na básanna seo.

Ach tá an fhianaise faoi na huafáis atá ag tarlú do shibhialtaigh sna críocha gafa ar cheann de na constaicí móra roimh aon sos cogaidh nó réiteach síochána. Laghdaíonn siad go mór an seans go mbeidh Úcránaigh toilteanach comhréiteach a dhéanamh a ghéillfidh na críocha gafa don Rúis. Ceann de na rudaí a deir Úcránaigh nuair a fhiafraítear díobh nárbh fhearr na críocha gafa a ghéilleadh seachas leanúint den slad ná: ‘Cad faoin slad atá á dhéanamh ar an bpobal sna críocha gafa?’

Go dtí gur féidir le duine éigin teacht ar fhreagra sásúil ar an gceist sin is deacair a fheiceáil go mbeidh muintir na hÚcráine sásta a muintir sna críocha gafa a thréigean.

Fág freagra ar 'Éigniú, céasadh agus fuadach páistí – gan aon stop leis an uafás san Úcráin'