Earnáil neamhspleách léiriúcháin na Gaeilge ‘an-leochaileach’  agus gá le tacaíocht bhreise – tuarascáil Rialtais

Deirtear i dtuarascáil nua a choimisiúnaigh an Rialtas go bhfuil sé ag breith crua ar chomhlachtaí léiriúcháin na Gaeilge agus na Gaeltachta coinneáil orthu agus an fhostaíocht a chuireann siad ar fáil a choinneáil mar atá

Earnáil neamhspleách léiriúcháin na Gaeilge ‘an-leochaileach’  agus gá le tacaíocht bhreise – tuarascáil Rialtais

Tá earnáil neamhspleách léiriúcháin na Gaeilge “an-leochaileach” in ainneoin na hinfheistíochta atá déanta ag TG4 inti, de réir tuarascáil nua a choimisiúnaigh an Rialtas.

Deirtear sa tuarascáil  faoin tionscal closamhairc a rinne na comhairleoirí Olsberg-SPI don Rialtas go bhfuil sé ag breith crua ar chomhlachtaí léiriúcháin na Gaeilge agus na Gaeltachta coinneáil orthu agus an fhostaíocht a chuireann siad ar fáil a choinneáil mar atá.

Deirtear chomh maith go léiríonn cás TG4 a dheacra is a bhíonn sé ag daoine fostaíocht bhuan a fháil san earnáil léiriúcháin sna réigiúin agus gur measa an scéal ó tosaíodh ar shrian a chur ar mhaoiniú TG4 le roinnt blianta.

“Léiríonn cás TG4 sa Ghaillimh, gur féidir ‘cluster’ a mbíonn an-rath air a thógáil timpeall ar sholáthróir ach mura mbíonn an cnuasach sách mór, ní bhíonn de rogha ag daoine ach an áit a fhágáil más fúthu maireachtáil.

“Cé go bhfuil an bunmhaoiniú a chuireann TG4 ar fáil sa cheantar do lucht léirithe  ina chrann taca d’fhorbairt tallann, chuir roinnt den dream a ndeachthas i gcomhairle leo in iúl go gcaithfidís cuid den bhliain a chaitheamh ag obair i mBaile Átha Cliath chun airgead níos mó a shaothrú ar a gcuid oibre, sin nó bogadh ar fad,” a deirtear sa tuarascáil.

Deirtear gur léirigh an rath a bhí ar an earnáil atá bunaithe timpeall ar TG4 i gConamara go bhfuil an-tábhacht leis an tacaíocht d’earnáil na Gaeilge maidir le hearnáil léirithe a chothú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus bailte móra eile.

“Ós amhlaidh an cás, cinnteoidh a thuilleadh tacaíochta d’ábhar i nGaeilge go mbeidh deis ag réimse leathan daoine agus comhlachtaí slite beatha a bhaint amach san earnáil seo,” a deirtear. 

Maítear sa tuarascáil Economic Analysis of the Audiovisual Sector in Ireland go bhféadfadh TG4, dá gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil dóibh, a bheith ar thús cadhnaíochta i gcur chun cinn na cruthaitheachta agus na nuálaíochta sa gheilleagar agus ag tacú le forbairt na Gaeltachta agus na réigiún.

“Beidh de thoradh air seo go mbainfidh Éire leas sóisialta agus eacnamaíochta as ó thaobh fostaíochta, scileanna agus ioncaim. Beidh de thoradh air chomh maith go meallfar tuilleadh daoine, daoine óga go háirithe, i dtreo na Gaeilge, rud a chabhródh le hinmharthanacht agus le cothú pobal Gaeilge ar fud na hÉireann.”

Moltar sa tuarascáil go dtabharfaí a thuilleadh tacaíochta don Ghaeilge san earnáil closamhairc.

Chuir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont fáilte roimh an tuarascáil  le plean nua an Rialtais don earnáil closamhairc.

“Tá an earnáil Gaeilge ag croílár an tionscail chruthaithigh in Éirinn.

“Tá na cuspóirí sa phlean seo ag teacht go mór le Plean Straitéiseach 5 Bliana TG4, mar gheall ar an mbéim atá ann ar fhorbairt an tionscail closamhairc sna réigiúin, ach go háirithe.

“Aithnítear an tábhacht mhór atá leis an tionscal chun cur le heacnamaíocht na tíre agus na deiseanna forbartha breise atá ann le hidirnáisiúnú na hearnála,” a dúirt Alan Esslemont.

Dúirt sé go n-aithnítear sa phlean an gá atá ann le maoiniú breise do TG4 agus go raibh sé “tábhachtach” go n-aithnítear sa tuairisc “an buntáiste eacnamaíoch atá leis an tionscal closamhairc i nGaeilge, do na réigiúin ina bhfuil na comhlachtaí sin lonnaithe”.

Fág freagra ar 'Earnáil neamhspleách léiriúcháin na Gaeilge ‘an-leochaileach’  agus gá le tacaíocht bhreise – tuarascáil Rialtais'