€10,000 bronnta ar na cumainn ghaelacha tríú leibhéal ab fhearr i gcomórtas náisiúnta

Roghnaíodh cumann Choláiste na Tríonóide don chéad áit sa chomórtas agus bronnadh €3,000 air

€10,000 bronnta ar na cumainn ghaelacha tríú leibhéal ab fhearr i gcomórtas náisiúnta

Coiste Chumann Gaelach Coláiste na Tríonóide

Is é Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide a thug leis an phríomhdhuais i gcomórtas do na cumainn Ghaelacha is fearr sna hinstitiúidí tríú leibhéal.

Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas na gCumann Gaelach a eagraíonn Glór na nGael ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna. Tugtar aitheantas do na cumainn is fearr ó thaobh bainistiú coiste agus dea-chleachtais sna réimsí éagsúla sa chomórtas.

Cumann Choláiste na Tríonóide a fuair an chéad áit sa chomórtas, gradam a thuill €3,000 dó.

Bronnadh €2,000 ar Chumann Gaelach Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a tháinig sa dara háit agus gheobhaidh Cumann Gaelach Ollscoil Luimnigh €1,500 sa tríú háit. 

Dúirt Úna Ní Chonaire, duine de mholtóirí an chomórtais, gur léirigh na cumainn a bhí páirteach sa chomórtas cruthaitheacht agus samhlaíocht iontach i mbliain a bhí deacair agus dúirt nár chuir an Covid-19 srian lena gcuid oibre.

Dúirt sí freisin gur eiseamláir iad na cumainn a léiríonn an méid is féidir a bhaint amach, in ainneoin na ndúshlán, le saol sóisialta agus tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn.

Bronnadh roinnt duaiseanna eile ar Chumainn Ghaelacha mar chuid den chomórtas. Tugadh duaiseanna aitheantais do dhá chumann i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tugadh ‘Duais Aitheantais ar Fhorbairt in Ainneoin Covid/ ar Láimhseáil na Paindéime’ agus €750 do Chumann Drámaíochta na hOllscoile agus fuair An Chuallacht €750 freisin agus iad roghnaithe do ‘Dhuais Aitheantais ar Obair Mheabhairshláinte.’

Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona a fuair an ‘Duais Tras-Teorann’ agus €1,000. Bronnadh €1,000 eile agus an ‘Duais Tras-Phobail’ ar Chuallacht na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.

Fág freagra ar '€10,000 bronnta ar na cumainn ghaelacha tríú leibhéal ab fhearr i gcomórtas náisiúnta'

  • P T Mac Ruairi

    Comhghairdeas – bua iontach bainte amach agaibh.
    Agus comhghairdeas freisin leis na Cumainn Ghaelacha eile a bhain duaiseanna.
    Peadar T Mac Ruairi
    Cathaoirleach | Coiste Ceantair Átha Cliath – CnaG