Tá tús curtha leis an gcomórtas don chéad cheannaire eile ar na Daonlathaithe Sóisialta. An cheist atá ag go leor an leanfar leis an nós beirt a bheith ar an stiúir?
An cheist a bheadh ag daoine eile ná an bhfuil deis anseo anois athrú ó bhonn a chur ar chúrsaí polaitíochta na tíre agus sciar mór de vóta na heite clé a aontú faoin aon díon amháin.
Chuir sé iontas ar go leor nuair a d’fhógair Róisín Shortall agus Catherine Murphy go raibh siad ag éirí as mar chomhcheannairí ar na Daonlathaithe Sóisialta i rith na seachtaine.
An raibh siad ag leanacht sampla Jacinta Arden agus Nicola Sturgeon? An raibh brú ag teacht ón bpáirtí féin?
Ní raibh an chosúlacht sin ar an bpreasócáid a reáchtáil siad. Theastaigh uathu deis a thabhairt don té a roghnófaí ina n-áit a bheith socraithe sa bpost roimh thoghcháin áitiúla na bliana seo chugainn, a dúirt siad.
Tá an bheirt le fanacht sa pholaitíocht agus é i gceist acu a bheith ina n-iarrthóirí sa chéad olltoghchán eile an bhliain seo chugainn.
Ar ndóigh sin an dúshlán mór d’aon cheannaire nua ar an bpáirtí seo. An mbeidh siad in ann a chinntiú go dtiocfaidh an páirtí slán agus go mbláthóidh sé de bheagán?
Ba dhíol iontais nuair a bhunaigh Róisín Shortall agus Catherine Murphy an páirtí in 2015 in éineacht leis an bhfear atá anois ina aire sláinte, Stephen Donnelly. Bhí aithne ar an mbeirt acu cheana féin agus taithí acu ar an bpolaitíocht. Ní bheadh aon deacracht mhór acu a gcuid suíochán a choinneáil.
An bac is mó a bhí rompu chomh deighilte agus chomh scoilte agus atá an vóta ar an eite chlé sa tír seo.
D’imigh an bheirt acu féin as Páirtí an Lucht Oibre ar a gcuid cúiseanna féin. Ní fiú trácht ar an éagsúlacht ó thaobh fealsúnachta agus polasaí atá idir na páirtithe. Nach mbeadh an té atá críonna ag tapú na deise anois filleadh ar an Lucht Oibre agus sciar suas le 10% (ag brath ar cén phobalbhreith a léann tú) den vóta a nascadh.
Chuideodh sé leo suíocháin bhreise a fháil sna toghcháin atá romhainn agus cá bhfios nach mbeadh an páirtí nua in ann ról a imirt san idirbheartaíocht le rialtas a bhunú tar éis an chéad olltoghcháin eile.
Beidh obair mhór le déanamh ag an gceannaire nua a chinntiú nach dtéann siad an treo céanna leis a bPáirtí Daonlathach agus an Daonlathas Clé. Chruthaigh chaon cheann de na páirtithe sin nach mbíonn rath ar pháirtithe a imíonn astu féin mar thoradh ar aighnis phearsanta.
Glúin nua polaiteoirí is ea ceathrar de theachtaí na nDaonlathaithe Sóisialta. Tá deis acu anois a gcás a mheas agus a machnamh a dhéanamh agus rogha a dhéanamh – cén bealach is fearr chun cinn dóibh más leo rath a bheith orthu?
Fág freagra ar 'Dúshlán na nDaonlathaithe Sóisialta – teacht slán agus bláthú de bheagán…'