‘Dúshlán na huachtaránachta’ – feachtas spreagtha Gaeilge le seoladh ag Liadh Ní Riada

Deir Ní Riada go mbeadh an Ghaeilge ina ‘gné lárnach’ dá cur chuige mar uachtarán agus go seasfadh sí ‘an fód’ ar son phobal na Gaeltachta

‘Dúshlán na huachtaránachta’ – feachtas spreagtha Gaeilge le seoladh ag Liadh Ní Riada

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Seolfaidh an t-iarrthóir uachtaránachta de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada feachtas nua ag an deireadh seachtaine ar mhaithe le cur chun cinn fhoghlaim na Gaeilge i measc an phobail.

‘Dúshlán na hUachtaránachta’ atá á thabhairt ar an fheachtas chun daoine a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt.

“Is teanga bheo í an Ghaeilge atá ag fás in go leor áiteanna uirbeacha taobh amuigh den nGaeltacht. Tá sé mar sprioc agam tacú leis an bhfás seo, chun é a spreagadh, agus chun foghlaimeoirí agus lucht labhartha na Gaeilge a spreagadh chomh maith,” a dúirt Ní Riada.

Deir Ní Riada go mbeidh an Ghaeilge “mar ghné lárnach” dá feachtas uachtaránachta agus go seasfaidh sí “an fód” ar son phobal na Gaeltachta.

“Is mór an onóir agus cúis bhróid dom bheith mar an chéad iarrthóir Gaeltachta d’uachtaránacht na hÉireann.

“Seasfaidh mé an fód taobh le pobal na Gaeltachta atá thíos de dheasca cruachás eacnamaíochta agus neamhaird, in ainneoin dóibh bheith mar thaisclann ár saibhreas teanga.”

Dúirt sí go dteastaíonn uaithi a chinntiú go bhfuil “ionadaíocht mar ba cheart” á déanamh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus go bhfuil sé i gceist aici cuairt a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta go léir le linn a feachtais uachtaránachta.

“Is í an Ghaeilge ár bpríomhtheanga, tá sí mar chuid dínn, agus cuid dár n-uathúlacht mar náisiún,” a dúirt iarrthóir Shinn Féin.

Dúirt Ní Riada go raibh “ról lárnach” ag an teanga in oifig an uachtaráin agus stádas bunreachtúil ag an teanga de réir an dlí.

Dúirt Ní Riada go raibh sí ag iarraidh a bheith ina huachtarán “ar son mhuintir na hÉireann ar fad”.

“Táim ag tacú le Gaeilgeoirí ó thuaidh atá ag éileamh a gcearta. Tá Acht Gaeilge ag teastáil ó thuaidh,” a dúirt sí.

Seolfar ‘Dúshlán na hUachtaránachta’ sa Músaem Beag ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 13 Deireadh Fómhair ag a 6pm.

Fág freagra ar '‘Dúshlán na huachtaránachta’ – feachtas spreagtha Gaeilge le seoladh ag Liadh Ní Riada'

  • Mairéad

    Bean Gaelach? An uair dheireanach a bhreathnaigh mé sa bhfoclóir ba focal baininscneach é “bean”.
    Is aisteach go gceapann Liadh Ní Riada gur buntáiste di Councillor Mairéad Farrell a bheith mar leathbhádóir di ar a cuid póstaeir i nGaeltacht Chonamara. Caithfidh nár chuala sí faoin bhealach tuatach a chaith Sinn Féin na Gaillimhe le fear Gaelach Chonamara an t-iarsheanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

  • An Ceartaitheoir Crosta!

    ba focal>ba fhocal/b’fhocal?
    a bheith mar leathbhádóir > a bheith ina leathbhádóir. Chuala mé faoi mhná a bheith ina mbádóirí scaití ach iad a bheith ina leathbhádóirí, sin scéal eile!
    a cuid postaer (lagiolra)
    Meascán canúintí: sa bhfoclóir, faoin bhealach

  • Éamann

    Le bheith cothrom, is dócha go mbaineann an ghné seo leis an gcaint; réimse a bhfuil an séimhiú sin ag imeacht uaidh. Gan amhras, ba chóir séimhiú a chur i bhfeidhm, go traidisiúnta, ar an aidiacht i ndiaidh ainmfhocail bhaininscnigh.
    Sin ráite, nár chóir – b’fhocal nó ar a laghad…ba fhocal – a bheith agat féin thuas?

  • Muiris Ó Súilleabháin

    Is ceolmhar domsa an dúnghaois seo go mbeidh forbairt do’n Ghaeilge.

  • Seaghan Mac an tSionnaigh

    Bhuel, más de réir na cainte a bhí sí ag scríobh, bhí sé chomh maith aici “bean gaelac mar uactarán” a scríobh