Dúshlán mór eile roimh na Connachtaigh i nDún Éideann

Ní ró-olc atá na nÉireannaigh ag déanamh sa gcomórtas Pro 14 agus muid leathbhealach tríd na réamhbhabhtaí anois

Dúshlán mór eile roimh na Connachtaigh i nDún Éideann

Pictiúr: INPHO/Craig Watson

Murach gur chaill na hUltaigh agus iad as baile sa mBreatain Bheag an Satharn seo caite, toradh nach raibh súil ar bith leis, bheadh deireadh seachtaine iontach eile ag na Cúigí sa bPro 14.

Bhí muid ar fad ag tuar buanna éasca d’fhoirne na Mumhan agus Laighean agus iad i gcoinne an dá fhoireann ón Afraic Theas. Sin díreach mar a tharla ach ba bheag duine a bhí ag súil leis an mbua cuimsitheach, 29-0, a bhí ag na Connachtaigh agus iad ar an mBóthar Beag i gcoinne Chaerdydd.

Ní ró-olc atá na nÉireannaigh ag déanamh sa gcomórtas seo agus muid leathbhealach tríd na réamhbhabhtaí anois.

Is iad na Laighnigh is túisce atá ag dul chun páirce inniu agus iadsan sa mBreatain Beag i gcoinne na nOspreys. Seans go mbeidh borradh faoi fhoireann an bhaile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar na hUltaigh, 26-24, an deireadh seachtaine seo caite. Mar sin féin, is deacair a shamhlú nach mbeidh an lá le fir Leo Cullen don dara babhta déag as a chéile an séasúr seo, go háirid má imríonn na hógánaigh chomh maith is a d’imir siad seachtain ó shin.

Anocht freisin, beidh dúshlán ollmhór eile roimh na Connachtaigh agus iadsan as baile i nDún Éideann i gcoinne fhoireann an bhaile sin atá ar bharr thábla Ghrúpa B.

Tá na Connachtaigh sa ngrúpa céanna ach tá siad thiar sa gceathrú háit agus ocht bpointe de bhearna idir iad agus foireann Dhún Éideann.

Ní bheidh sé éasca ag fir na Gaillimhe anocht ach anois an t-am le tabhairt faoin bhfreasúra seo agus go leor d’imreoirí Dhún Éideann ar dhualgas idirnáisiúnta an deireadh seachtaine seo. Tá mé ag tabhairt seans d’fhoireann an iarthair dá bharr sin, ach seans freisin go mbeidh siad sásta le pointe bónais cailliúna.

Ní dóigh gur mórán de dhúshlán a bheas roimh na Muimhnigh agus iad i gcoinne Zebre anocht. Níl ach dhá chluiche as aon cheann déag buaite ag foireann na hIodáile. Caillfidh siad ceann eile sa mbabhta seo i gcoinne na Mumhan, foireann atá faoi bhrón ag bás Garett Fitzgeald an chéad phríomhfeidhmeannach ar Munster Rugby, beannacht Dé lena anam. 

Beidh deis ag na hUltaigh amárach iad féin a chur i measc na mbuaiteoirí arís, agus iad i gcoinne na Cheetahs i mBéal Feirste. Is cinnte go mbeidh Ruan Pienaar iar-imreoir Chúige Uladh, atá anois leis na Cheetahs, ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a sheanfhoireann. Fiú agus imreoir chomh cumasach le Pienaar acu, is beag seans atá ag na cuairteoirí.

Fág freagra ar 'Dúshlán mór eile roimh na Connachtaigh i nDún Éideann'