‘Dúshláin go leor le sárú’ maidir leis an reachtaíocht teanga ó thuaidh – Foras na Gaeilge

Dúirt Foras na Gaeilge gur cinnte go mbeidh leasuithe ar an reachtaíocht ag teastáil amach anseo 

‘Dúshláin go leor le sárú’ maidir leis an reachtaíocht teanga ó thuaidh – Foras na Gaeilge

Deir Foras na Gaeilge go mbeidh “dúshláin go leor le sárú” maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua don Ghaeilge ó thuaidh agus go mbeidh gá le “forbairt” a dhéanamh ar chumhachtaí an Achta amach anseo.

Tá an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) á phlé in Westminster i láthair na huaire agus tá beirt Choimisinéirí Teanga le ceapadh, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta le bunú faoin reachtaíocht.

Agus é ag labhairt ag Dara Léamh an bhille i dTeach na dTiarnaí an tseachtain seo, dúirt an Tiarna Caine, Fo-Rúnaí Stáit Parlaiminte do Thuaisceart Éireann, gur thuig Rialtas na Breataine go gcaithfí a bheith cúramach nach gcuirfeadh na húdaráis nua seo isteach ar an obair atá ar bun ag eagraíochtaí trasteorann atá ag feidhmiú ó thuaidh cheana féin, amhail Foras na Gaeilge. 

Ceann de na feidhmeanna a bheidh ag an oifig chultúir agus féiniúlachta faoin reachtaíocht ná “tacaíocht a thabhairt d’oidhreacht chultúrtha agus teanga na ndaoine ar fad i dTuaisceart Éireann agus ceiliúradh na hoidhreachta sin a chur chun cinn”. 

Beidh údarás aige maoiniú a dháileadh chun an sprioc sin a bhaint amach.

Is é an ról a bheadh ag Coimisinéir Teanga na Gaeilge ná an teanga a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí.

Dúirt an Tiarna Caine gur gá go mbeadh na húdaráis nua seo in ann “comhoibriú” agus “dul i gcomhairle” leis na forais teanga sheanbhunaithe.

“Tuigeann an Rialtas ar ndóigh go bhféadfadh tionchar a bheith ag na trí údarás poiblí nua seo ar chreat bunreachta Thuaisceart Éireann atá tomhaiste go cúramach, an eagraíocht teanga thuaidh theas agus institiúidí chearta an duine san áireamh,” a dúirt sé. 

“Ar an gcúis sin, beidh na trí údarás poiblí nua, agus iad i mbun a gcuid oibre, ábalta más gá comhoibriú leis na forais teanga agus chearta an duine i dTuaisceart Éireann, amhail Gníomhaireacht na hUltaise agus Foras na Gaeilge ar bhuail mé leo an tseachtain seo caite i mBéal Feirste. Tagann sé sin leis an bhfís a léiríodh i Ré Nua, Cur Chuige Nua.” 

Bhí an Tiarna Caine i mBéal Feirste an tseachtain seo caite chun bualadh le Foras na Gaeilge, Gníomhaireacht na hUltaise agus eagraíochtaí teanga eile chun an bille a phlé.

Dúirt Foras na Gaeilge le Tuairisc gur chuidigh an “cruinniú cúirtéise” leo tuiscint a fháil ar céard go díreach a bhí sa bhille, ar na próisis éagsúla a bhain le haistear an bhille trí chóras parlaiminte na Breataine agus ar na socruithe atá beartaithe ag Rialtas na Breataine sa chás nach mbeadh an feidhmeannas ó thuaidh ábalta ghníomhú de réir na reachtaíochta.

Maidir le haon údar imní atá ag an eagraíocht teanga trasteorann faoin tionchar a d’fhéadfadh an reachtaíocht a imirt ar a cuid oibre, dúirt Foras na Gaeilge go bhfuil obair le déanamh chun a chinntiú go mbeidh na húdaráis éagsúla atá ag plé leis an nGaeilge ó thuaidh ag obair as lámha a chéile.

“Aithníonn Foras na Gaeilge go mbeidh athruithe le déanamh le go mbeidh na gnéithe éagsúla den chóras tacaithe stáit don Ghaeilge ó thuaidh ag obair i gcomhar le chéile agus ar bhealach comhtháite,” a dúradh. 

“Aithnímid go mbeidh Foras na Gaeilge ina chuid lárnach den bhonneagar sin, agus go mbeidh ár dtaithí agus ár dtuiscintí tábhachtach agus muid ag cuidiú le dúshraith a chur faoi na gnéithe éagsúla den bhonneagar úr.”

Dúirt Foras na Gaeilge, áfach, go mbeidh leasuithe ar an reachtaíocht ag teastáil amach anseo chun a chinntiú go mbeidh sí ag tacú mar is ceart leis an nGaeilge.

“Aithnímid gur céim stairiúil í an chéad chéim seo reachtaíocht a bhunú le tacú leis an Ghaeilge. Beidh dúshláin go leor le sárú agus is cinnte go mbeidh forbairt le déanamh ar an reachtaíocht seo sna blianta atá le teacht,” a dúirt an Foras.

Tá pobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann ag feachtasaíocht le fada chun an reachtaíocht a thabhairt isteach agus tá an beart á dhéanamh anois in Westminster.

De réir an bhille, le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire thabharfadh Coimisinéir Teanga na Gaeilge isteachcóras caighdeán faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir. Dhéanfadh an Coimisinéir Teanga monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú.

Chuirfeadh an reachtaíocht nua dualgas chomh maith ar Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann úsáid agus tuiscint na hUltaise a chur chun cinn agus a éascú sa chóras oideachais agus chuirfí ar ceal freisin ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin agus a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Labhair Tiarnaí i dTeach na Tiarnaí ar son agus i gcoinne an bhille in Westminster an tseachtain seo.  

Dúirt ceathrar Tiarnaí as an DUP go raibh “uirlis chatha” á déanamh den Ghaeilge agus dúirt an Banbharún Kate Hoey gur “acht don Ghaeilge amháin” a bhí sa bhille a raibh “síneadh beag” ann don Ultais.

Dúirt Angela Harris, Banbharún Richmond, gur cheart an bille a thabhairt isteach a luaithe agus ab fhéidir. Leagan “an-mhaolaithe” den acht Gaeilge a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 a bhí sa bhille “ach bhí sé níos fearr ná faic”, a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Dúshláin go leor le sárú’ maidir leis an reachtaíocht teanga ó thuaidh – Foras na Gaeilge'

  • Anaithnid

    Ní athróidh an seicteachtas agus claonadh i gcoinne na Caitlicigh go dtí go mbeidh Éire Aontaithe againn, faraor. Anuas ar sin, ní cheart dúinn aon comhghéilleadh a dhéanamh leis na Dílsitheoirí mar ní fiú é, mar is fuath leo na hÉireannaigh, is léir. Ní thuigeann lucht Fine Gael nó Fianna Fáil é seo, mar tá an dallamullóg curtha orthu gur daoine macánta agus réasúnta iad na Dílsitheoirí sa DUP. Tá sé soléir chuig na dall nach bhfuil sé seo an fírinne. Bíonn an fírinne searbh!