‘As they say in Irish, sin é’ – reachtaíocht don Ghaeilge pléite i dTeach na dTiarnaí

Deir Rialtas na Breataine gur ‘scéal chailleach na uafáis’ atá ag daoine áirithe faoina bhfuil geallta maidir leis an nGaeilge i mbille nua

‘As they say in Irish, sin é’ – reachtaíocht don Ghaeilge pléite i dTeach na dTiarnaí

An Tiarna Caine

‘As they say in Irish, sin é’ a dúirt an Tiarna Caine agus tús á chur tráthnóna inné aige le díospóireacht a bhí ar siúl i dTeach na dTiarnaí faoi reachtaíocht don Ghaeilge. 

Tá an reachtaíocht teanga agus chultúir á tabhairt isteach don Tuaisceart in Westminster toisc nár éirigh le polaiteoirí Stormont an beart a dhéanamh. 

Bhí Jonathan Caine, a bhí ag labhairt thar ceann Rialtas na Breataine ar dhuine de 11 Tiarnaí a labhair faoin mBille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) a rachaidh ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile, céim an choiste. 

Ag an gcéim sin déanfar mionscrúdú agus plé líne ar líne ar aon leasú atá á mholadh ar an mbille. 

 I measc na dTiarnaí a labhair faoin dréachtreachtaíocht inné, bhí ceathrar polaiteoirí de chuid an DUP a léirigh a míshásamh faoin mbille – Willie Hay, Tiarna Hay Ballyore, William McCrea,  Tiarna McCrea Mhachaire Fíolta, Maurice Morrow, Tiarna Morrow Ghleann an Chlochair agus  Wallace Browne, Tiarna Belmont. Dúirt an ceathrar as an DUP go raibh “uirlis chatha” á déanamh den Ghaeilge. 

Dúirt McCrea gur bealach a bhí sa Ghaeilge daoine a chur ó dhoras agus go mbíonn an teanga “á sá i bpus” aontachtaithe “gach lá”. Mhaígh a chomhghleacaí Wille Hay go mbíonn €170 milliún á chaitheamh ar an nGaeilge in aghaidh na bliana sa Tuaisceart cheana féin. Mhaígh Tiarnaí an DUP chomh maith go raibh codanna áirithe den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua á dtabhairt isteach agus neamhaird á déanamh ar chodanna eile. Mhaígh siad chomh maith go raibh níos mó stádais sa bhille ag an nGaeilge ná mar a bhí ag an Ultais agus an traidisiún a bhain léi. 

“Ní aon rud againn i gcoinne daoine atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt ach táimid i gcoinne pholaitiú na teanga,” arsa Tiarna Browne Belmont. 

An Tiarna Browne Belmont

Labhair ceathrar an DUP faoin ngá dar leo déileáil le ceist an Phrótacail iarBhreatimeachta ar dtús. 

Labhair an Banbharún Kate Hoey, iarbhall de pháirtí an Lucht Oibre, go láidir i gcoinne an bhille. 

Dúirt sí gur “acht don Ghaeilge amháin” a bhí sa bhille a raibh “síneadh beag” ann don Ultais.   

Dúirt gur “miotas” a bhí go raibh baint ag cearta phobal na Gaeilge le cearta daonna. Bhí an Ghaeilge ar fáil d’aon duine sa Tuaisceart a bhí ag iarraidh í a fhoghlaim, a dúirt sí. Ní fhéadfadh an teanga bás a fháil mar gheall ar an stádas a bhí aici ó dheas den teorainn, a mhaígh an Banbharún Kate Hoey. 

Dúirt sí gurb amhlaidh gur theastaigh ó ghníomhaithe teanga go mbeadh an dátheangachas ina pholasaí oifigiúil sa Tuaisceart mar chuid dá n-éileamh “ar Phoblacht 32 contae”.   

Chothódh an bille “deighilt níos mó i measc phobal Thuaisceart Éireann” agus bheadh costas rómhór leis. 

“Íocaíocht fuascailte do Shinn Féin” a bhí sa bhille, arsa an Banbharún as Aontroim. 

An Banbharún Kate Hoey

Dúirt Angela Harris, Banbharún Richmond, agus ball de na Daonlathaithe Liobrálacha go gcuirfeadh an díospóireacht “drochmhisneach” ar dhuine. Dúirt sí gur léir nach raibh suim ag an DUP “iarracht dá laghad” a dhéanamh teacht ar réiteach faoi Fheidhmeannas Stormont a athbhunú. 

Ba cheart an bille a thabhairt isteach a luaithe agus ab fhéidir agus tús a chur le ceapadh na gcoimisinéirí atá mar chuid de. Leagan “an-mhaolaithe” den acht Gaeilge a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn a bhí sa bhille “ach bhí sé níos fearr ná faic”, a dúirt Banbharún Richmond. 

Dúirt an Banbharún Mary Goudie ó Pháirtí an Lucht Oibre go raibh sé an-tábhachtach gur mná a bheadh i 50% de na daoine a cheapfaí chun feidhm a thabhairt don bhille agus dúirt an Banbharún Alison Suttie ó na Daonlathaithe Liobrálacha nár cheart gurb í “an chlaontacht” an toradh a bheadh ar iarracht aitheantas a thabhairt don éagsúlacht chultúir agus teanga. Dúirt Suttie go raibh an baol ann go gcuirfí moill le feidhmiú na reachtaíochta toisc go raibh gá le haontú idir an chéad-aire agus an leaschéad-aire faoi cheapadh na gcoimisinéirí. 

Dúirt an Tiarna neamhspleách Paul Bew go raibh i bhfad níos mó tacaíochta ag an mbille i measc náisiúnaithe ná mar a bhí i measc aontachtaithe. Bhí a mhalairt fíor faoi cheist an Phrótacail, a dúirt sé, agus chaithfí glacadh lena leithéid d’easaontas mar chuid den saol i dTuaisceart Éireann. Dúirt Bew, staraí aitheanta, go mbeadh “iontas ar dhaoine a throid ar son saoirse na hÉireann faoina laghad foirmeacha daonáirimh a líontar as Gaeilge i bPoblacht na hÉireann”. 

An Tiarna Bew

Mhaígh Bew go raibh “taobh atá níos dorcha ag baint le stair na Gaeilge sa Phoblacht”. Úsáideadh an teanga mar “uirlis smachta” chun Protastúnaigh a choimeád amach as poist, a dúirt sé. Thuigfeá go mbeadh imní ar aontachtaithe faoi sin, ar sé. 

Dúirt Bew gurb é a thuiscint féin ar chás na Gaeilge ná gurb iad na daoine is mó a raibh leas na teanga an-ghar dá gcroí an dream is lú a bhainfeadh leas as an teanga mar “uirlis pholaitiúil”. B’fhearr duine a mbeadh an Ghaeilge an-ghar dá chroí a cheapadh ina Choimisinéir, arsa Bew. 

Dúirt an Tiarna Daniel Moylan ó na Tóraithe gur ‘Coimisinéir do Chomhaontú Aoine an Chéasta’ a theastaigh chun a chinntiú go dtabharfaí tús áite don chomhaontú sin i gcónaí. 

Thagair Moylan don chonspóid a bhain le hainm bhaile an Daingin ar chomharthaí bóthair roinnt blianta ó shin. Bhí an Tiarna Moylan den tuairim go raibh cosc ar úsáid an Bhéarla ar chomharthaí i gcontae Chiarraí. Cé gur cheap sé go raibh an méid sin “saghas áiféiseach” ba mhór idir é agus ceist na teanga ó thuaidh, dar leis. 

“B’fhéidir go rachaidh tú amú i gcontae Chiarraí ach ní chaillfidh tú do phost ná do chuid féiniúlachta,” arsa Moylan. 

Dúirt an Tiarna Paul Murphy, Tiarna Torfaen agus iar-státrúnaí Thuaisceart Éireann, gur chóir do gach duine “socrú síos”. D’fhéadfaí dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh cúrsaí teanga agus cultúir dá ndéileálfaí leo “i gceart agus go tuisceanach”. Dúirt an Tiarna de chuid Pháirtí an Lucht Oibre nár cheart go dtiocfadh ceist na gcearta teanga aniar aduaidh ar aon duine mar bhí sin luaite i gComhaontú Aoine an Chéasta. Bhí baint mhór aige féin le dréachtú na tagartha do cheist na teanga sa Chomhaontú, arsa Murphy. 

Dúirt Jonathan Caine gur aontaigh sé le “focail eagnaí” Murphy. Dúirt Caine go gcaithfí “an nimh” a bhaint as ceist na teanga agus an chultúir sa Tuaisceart mar go raibh cúrsaí polaitíochta ina sáinn aici le trí bliana go leith. 

Dúirt Caine go raibh sé tábhachtach go gcuirfí “ar an taifead cuid de na rudaí nach raibh sa bhille”. 

Dúirt sé nárbh fhíor ar chor ar bith d’áitiú an Bhanbharúin Hoey gurb ionann an bille agus acht don Ghaeilge amháin. Ní bhainfeadh an bille ar chor ar bith ach oiread de stádas an Bhéarla “mar theanga de facto Thuaisceart Éireann”, a dúirt Caine. Scéal chailleach an uafáis a bhí ag Hoey faoin mbille agus thuigfeadh aon duine a léifeadh é sin, a dúirt sé. 

Ní bheadh an Ghaeilge éigeantach mar ábhar scoile mar thoradh ar an mbille, a dúirt Caine. “Agus beidh ar Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann glacadh le haon athruithe ar an mbille. Glacaim leis go mbeidh Aontachtach ar dhuine acu siúd.”  

Níl raibh aon soláthar sa bhille do chomharthaí bóthair Gaeilge nó dhátheangacha, ar sé.   

Tá an méid atá sa reachtaíocht ag teacht leis an méid a bhí geallta i New Decade, New Approach den chuid is mó ach tá cumhachtaí nua tugtha do Státrúnaí an Tuaiscirt maidir lena cur i bhfeidhm. De réir na reachtaíochta a foilsíodh an mhí seo caite, beidh sé de chumhacht ag an Státrúnaí Coimisinéir Teanga a cheapadh agus caighdeáin do sheirbhísí Gaeilge a leagan síos don Tuaisceart. 

Fág freagra ar '‘As they say in Irish, sin é’ – reachtaíocht don Ghaeilge pléite i dTeach na dTiarnaí'

  • An Saoránach

    Is siombal a bheidh sa reachtaíocht teanga dos na 6 condae mura mbeidh cúpla pobal lánGhaeilge eile ar nós Bhr Sheoigh.