Bille nua le cumhacht a thabhairt do Rialtas na Breataine Coimisinéir Teanga a cheapadh don Tuaisceart 

Foilsíodh aréir ‘An Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann)’ ar cuireadh tús lena thuras in Westminster inné

Bille nua le cumhacht a thabhairt do Rialtas na Breataine Coimisinéir Teanga a cheapadh don Tuaisceart 

Thabharfadh an bille teanga a foilsíodh in Westminster aréir an chumhacht do Rialtas na Breataine Coimisinéir Teanga a cheapadh agus caighdeáin do sheirbhísí Gaeilge a leagan síos don Tuaisceart.

Is cinnte go spreagfaidh na cumhachtaí nua seo éileamh ó lucht feachtais na Gaeilge go ndéanfadh Rialtas na Breataine an bille a achtú gan mhoill agus Coimisinéir Teanga a cheapadh go pras ina dhiaidh sin.

Ó foilsíodh na chéad sonraí faoin reachtaíocht sa chomhaontú New Decade, New Approach in 2020, bhí sé ina imní go mbeadh veto ag an DUP ar na cearta teanga a bheadh inti.

Bhí an imní sin bunaithe ar an moladh gurbh é an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire “in éineacht” a cheapfadh an Coimisinéir Teanga. 

Chomh maith leis sin, cé gurb é an Coimisinéir Teanga a leagfadh síos na caighdeáin nua maidir le seirbhísí Gaeilge sa státchóras, chaithfeadh na caighdeáin sin beannacht a fháil ón gCéad-Aire agus LeasChéad-Aire “in éineacht”.

FÍSEÁN: ‘My Lords, I beg to introduce a Bill…’ – bille don Ghaeilge seolta i dTeach na dTiarnaí in Westminster

Tá na cumhachtaí sin fós i gceist, ach thabharfadh an bille féin an chumhacht do Státrúnaí an Tuaiscirt feidhm a thabhairt don reachtaíocht fiú mura mbeadh Feidhmeannas Stormont ann chun an beart a dhéanamh.

De réir An Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) a raibh a Chéad Léamh aige i dTeach na dTiarnaí inné, bheadh sé de chumhacht chomh maith ag an Státrúnaí treoir a thabhairt don Chéad-Aire agus don Leas-Chéad Aire in Stormont feidhm a thabhairt don reachtaíocht. 

Mura mbeadh céad-airí an Tuaiscirt sásta sin a dhéanamh d’fhéadfadh an Státrúnaí an cúram a dhéanamh é féin.

D’fhéadfadh sé sin a dhéanamh fiú sa chás nach mbeadh deis ann an gnó a dhéanamh in Stormont.

Cuireadh tús i dTeach na dTiarnaí tráthnóna inné le turas na reachtaíochta Gaeilge don Tuaisceart atá á tabhairt isteach in Westminster toisc gur theip ar lucht Stormont an beart a dhéanamh.

Go gairid roimh 4pm a bhí a Chéad Léamh ag An Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) i dTeach na dTiarnaí nuair a chuir Frederick Curzon, an 7ú Iarla Howe, an bille i láthair an Tí.

Is é an Chéad Léamh an chéad chéim de thuras bille trí Theach na dTiarnaí.

‘LÁ STAIRIÚIL’: An feitheamh fada thart agus bille don Ghaeilge le tabhairt isteach in Westminster inniu

Seachas na cumhachtaí atá molta don Státrúnaí, tá an méid atá sa reachtaíocht nuafhoilsithe ag teacht leis an méid a bhí geallta i New Decade, New Approach.

Thabharfadh An Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair.

Faoin reachtaíocht nua, cheapfaí beirt Choimisinéirí Teanga, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta.

Le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, thabharfadh an Coimisinéir Teanga isteach córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.

Chomh maith leis sin, chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá molta ar ceal ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Is é an ról a bheadh ag Coimisinéir Teanga na Gaeilge ná í a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí.

Dhéanfadh Coimisinéir Teanga na Gaeilge monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú.

An teideal iomlán a thugtar ar an gCoimisinéir Ultaise sa bhille ná,  An Coimisinéir um Fhorbairt agus Bisiú ar an Teanga, na hEalaíona agus an Litríocht a luaitear le Traidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach.

Chuirfeadh an reachtaíocht nua dualgas chomh maith ar Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann úsáid agus tuiscint na hUltaise a chur chun cinn agus a éascú sa chóras oideachais.

Ba i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 a gealladh i dtosach an reachtaíocht teanga ar cuireadh tús lena turas in Westminster i Londain aréir.

Tá lucht feachtais ag troid le fada an lá ar son na reachtaíochta teanga agus níl ach ceithre lá ann ó thug na mílte aghaidh ar shráideanna Bhéal Feirste chun cearta teanga a éileamh do phobal na Gaeilge.

Dúirt An Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge gur “lá stairiúil” an lá inné  do phobal na Gaeilge agus dóibh siúd a throid ar son cearta teanga “i gcaitheamh na mblianta”.

Ach deir lucht feachtais chomh maith go gcaithfear a chinntiú anois go dtabharfar feidhm don reachtaíocht agus deir siad go leanfaidh siad orthu ag stocaireacht nó go ndéanfar sin.

Dúirt Conradh na Gaeilge le Tuairisc roimhe seo nach “socrú foirfe” a bheadh ann go mbeadh cumhachtaí nua ag Státrúnaí an Tuaiscirt ach go mb’fhearr é ná “veto” a bheith ag páirtí aontachtaithe i leith na reachtaíochta Gaeilge.

Fág freagra ar 'Bille nua le cumhacht a thabhairt do Rialtas na Breataine Coimisinéir Teanga a cheapadh don Tuaisceart '