‘LÁ STAIRIÚIL’: An feitheamh fada thart agus bille don Ghaeilge le tabhairt isteach in Westminster inniu

Dheimhnigh Oifig Thuaisceart Éireann aréir go dtabharfar isteach i bParlaimint na Breataine inniu an dréachtreachtaíocht don Ghaeilge a gealladh i dtosach in 2006

‘LÁ STAIRIÚIL’: An feitheamh fada thart agus bille don Ghaeilge le tabhairt isteach in Westminster inniu

Tá an feitheamh fada thart agus reachtaíocht do chearta teanga phobal na Gaeilge sa Tuaisceart le fógairt ag Rialtas na Breataine in Westminster inniu.

Dheimhnigh Oifig Thuaisceart Éireann aréir go dtabharfar isteach i bParlaimint na Breataine inniu an dréachtreachtaíocht a gealladh i dtosach i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006.

Tá lucht feachtais ag troid le fada an lá ar son na reachtaíochta teanga agus níl ach ceithre lá ann ó thug na mílte aghaidh ar shráideanna Bhéal Feirste chun cearta teanga a éileamh do phobal na Gaeilge.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur “lá stairiúil” an lá inniu do phobal na Gaeilge agus dóibh siúd a throid ar son cearta teanga “i gcaitheamh na mblianta”.

Beidh beartais éagsúla ar son na Gaeilge ina gcuid den Bhille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) a thabharfar isteach sa Pharlaimint i Londain inniu. 

Deir Rialtas na Breataine go léireodh an reachtaíocht nua “meas ar na féiniúlachtaí éagsúla sa Tuaisceart ó thaobh náisiúntachta, cultúir agus teanga”.

Bhí sé á thabhairt isteach in Westminster, a dúradh, mar gur theip ar Thionól Stormont an beart a dhéanamh.

Deir Rialtas na Breataine go dtabharfaidh an Bille “aitheantas agus cosaint” don Ghaeilge agus go ndéanfaidh sé “forbairt agus bisiú ar thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach i dTuaisceart Éireann”.

De réir an Bhille bheadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge sa Tuaisceart agus bheadh Coimisinéir Teanga aici a thabharfadh isteach córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.

Chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá molta ar ceal chomh maith ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Bheadh beirt Choimisinéirí ann, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta.

Is é an ról a bheadh ag Coimisinéir Teanga na Gaeilge ná í a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. 

Dhéanfadh an coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú.

Tá sé i gceist chomh maith cumhachtaí a thabhairt do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfeadh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais i reachtaíocht teanga i gcrích.

Seachas na cumhachtaí sin a bhronnadh ar an Státrúnaí, tá an cur síos atá déanta ar an mbille nua ag teacht leis an méid a bhí geallta sa chomhaontú New Decade, New Approach i mí Eanáir 2020.

Dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, aréir gur “clochmhíle tábhachtach” a bhí sa bhille ní hamháin ó thaobh “feidhm a thabhairt” do New Decade, New Approach ach toisc go leagfadh an bille síos “múnlú nua cultúrtha” do mhuintir an Tuaiscirt.

Dúirt Lewis gur bille “cothrom cúramach” a bhí ann gur bille é a d’aontaigh gach páirtí agus a bheadh ar leas an uile dhuine.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, a bheidh sa reachtaíocht nua, tá roinnt beartas ann a chuirfeadh go mór le stádas na teanga ó thuaidh.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur lá stairiúil a bhí ann ach gur tús aistir a bhí i gceist chomh maith.

“Ach, bímis soiléir anseo, ní sa lá inniu ach tús den aistear atá le sárú ag an bhille seo sula mbeidh sé achtaithe. Léiríonn an taithí phianmhar atá againn le Rialtas na Breataine nár ceart dúinn talamh slán a dhéanamh de seo fós – níl muid ann fós. 

“Go dtí go bhfeiceann muid achtú agus cur i bhfeidhm iomlán an bhille seo, leanfaidh muid orainn leis an bhfeachtas mór ar son cearta teanga.”

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge go ndúradh leis na daoine a d’fhreastail “ar an mhórshiúl Gaeilge is mó ariamh” Dé Sathairn seo caite go mbainfí a gcearta teanga amach agus go rabhthas “beagnach ann” anois. 

“Beidh Acht Gaeilge againn. Sin ráite, titfidh an reachtaíocht sin go mór faoi na coimitmintí a tugadh dúinn i gComhaontú Chill Rímhinn, go háirithe nuair a chuirtear i gcomparáid le múnla na Breatnaise í. 

“Ach, is dul chun cinn stairiúil é seo inár bhfeachtas ar son cearta teanga agus aithníonn muid seo mar chloch mhíle shuntasach inár n-aistear i dtreo comhionannais anseo.”

Tá lucht feachtais buartha i gcónaí faoi ghnéithe den reachtaíocht atá á moladh. 

Mar shampla, is le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a cheapfaí an Coimisinéir Teanga agus ina dhiaidh sin, is le cead na n-airí sin a thabharfaí isteach na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras. Fágann sin go bhfuil sé ina imní go bhféadfadh an DUP bac a chur ar chearta teanga, mar atá déanta acu go dtí seo in Stormont.

“Tuigeann Rialtas na Breataine iad féin go bhfuil bunús na reachtaíochta seo ag brath ar thoil pholaitiúil chun go mbeidh feidhm ar bith leis,” a deir Conchúr Ó Muadaigh. 

“De bhrí gur chúlaigh an DUP óna gcoimitmintí an reachtaíocht seo a thabhairt isteach faoi mar a gealladh i Ré Nua Cur Chuige Nua, agus nach bhfuil aon Chéad Aire nó Leas-Chéad Aire againn anseo chun an reachtaíocht seo a chur i bhfeidhm, is gá do Rialtas na Breataine Coimisinéir a cheapadh láithreach ar féidir leo na caighdeáin a fhorbairt. 

“Beidh sin mar an chéad scrúdú litmis do Rialtas na Breataine. Is rud amháin é reachtaíocht a bheith agat, ach is ceist iomlán eile é an reachtaíocht sin a fheidhmiú. Gan an gníomh láithreach sin, ní fiú faic í an reachtaíocht seo.”

Dúirt Ó Muadaigh gur fhás “athbheochan na Gaeilge” sa Tuaisceart “go hiomlán ón bhun aníos”. 

“Anois an t-am don stát páirt s’acu a dhéanamh fosta,” ar sé.

D’fhógair Rialtas na Breataine chomh maith go raibh stádas mar mhionlach náisiúnta le bronnadh acu ar lucht na hUltaise faoin gCreat-Choinbhinsiún um Chosaint Mionlach Náisiúnta.

Fógraíodh chomh maith go gcuirfear £4 mhilliún ar fáil do Ciste Infheistíochta Gaeilge.

Fág freagra ar '‘LÁ STAIRIÚIL’: An feitheamh fada thart agus bille don Ghaeilge le tabhairt isteach in Westminster inniu'

  • Fearn

    Lá stairiúil eile muise, mar dh’ea.
    B’fhéidir gurb ea, ach ní fheicim aon Bhille i leith na Gaeilge ar Chlár Oibre Pharlaimint Londan Inniu.!

  • Fearn

    Fág faoin Sasanach é, thug sé an Bille isteach i dTeach na dTiarnaí.
    Nárbh fhada go mbeidh sé rite agus curtha i bhfeidhm,