FÍSEÁN: ‘My Lords, I beg to introduce a Bill…’ – bille don Ghaeilge seolta i dTeach na dTiarnaí in Westminster

Tá fáilte curtha ag na gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, roimh chinneadh Rialtas na Breataine An Bille Féiniúlachta agus Teanga a thabhairt isteach

FÍSEÁN: ‘My Lords, I beg to introduce a Bill…’ – bille don Ghaeilge seolta i dTeach na dTiarnaí in Westminster

Cuireadh tús i dTeach na dTiarnaí in Westminster tráthnóna le haistear na reachtaíochta Gaeilge atá á tabhairt isteach don Tuaisceart.

Go gairid roimh 4pm a bhí a Chéad Léamh ag An Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) i dTeach na dTiarnaí nuair a chuir Frederick Curzon, an 7ú Iarla Howe, an bille i láthair an Tí.

Is é an Chéad Léamh an chéad chéim de thuras bille trí Theach na dTiarnaí. De ghnáth ní bhíonn ann ach gnás agus déantar é gan aon díospóireacht.

Is féidir an Chéad Léamh a dhéanamh aon am le linn seisiún parlaiminte.

Léann an comhalta de Theach na dTiarnaí ar a bhfuil cúram an bhille   amach an teideal fada, a chuireann in iúl ábhar an bhille.

Sa chás seo an teideal fada ná: ’Bille le foráil a dhéanamh le haghaidh teanga agus féiniúlacht náisiúnta agus chultúrtha i dTuaisceart Éireann.’

Ach an bille a bheith tugtha isteach go foirmeálta ag an gCéad Léamh, déantar é a phriontáil.

Beidh an Dara Léamh ag an mBille ar an 7 Meitheamh.

Rónán Ó Domhnaill

Idir an dá linn tá fáilte curtha ag na gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, roimh chinneadh Rialtas na Breataine an bille a thabhairt isteach.

“Lá maith atá ann do chearta teanga,” arsa Ó Domhnaill.

“Tá sé tábhachtach anois go dtabharfaí an bille go ceann scríbe agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbunófaí oifig na Choimisinéara Teanga agus go mbeadh an oifig sin neamhspleách, rud atá riachtanach d’aon reachtaíocht teanga.

“Ní haon bhagairt na reachtaíocht teanga ná cearta teanga d’aon dream agus ba chóir go bhféachfaí orthu mar dheis meas a léiriú ar a chéile,” arsa an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt, Brandon Lewis, inniu, gur “údar bróid” do Rialtas na Breataine “seasamh leis na gealltanais a thug sé do mhuintir Thuaisceart Éireann sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua (NDNA)”.

“Tabharfaidh fógra an lae inniu tacaíocht d’fhís sin an ionchuimsithe, na caoinfhulaingte agus na hoscailteachta” sa Tuaisceart, arsa Lewis.

Mhol Michelle O’Neill, leascheannaire Shinn Féin, lucht an fheachtais ar son na reachtaíochta.

“Ba léir do chách díocas, muinín agus fuinneamh phobal na Gaeilge. B’aoibhinn é sin a fheiceáil. Fáiltím roimh an deimhniú seo go bhfuil rialtas na Breataine chun reachtaíocht a thabhairt isteach chun Acht Gaeilge a rith.

“Is leis na daoine sin nár chaith isteach an tuáille riamh, iadsan atá ag feachtasaíocht le breis is 15 bliain, an lá inniu.

‘LÁ STAIRIÚIL’: An feitheamh fada thart agus bille don Ghaeilge le tabhairt isteach in Westminster inniu

“Caithfear seo a dhéanamh anois roimh bhriseadh an tsamhraidh agus gan a thuilleadh moille.”

Dúirt O’Neill gur “siombail” is ea an pacáiste teanga agus cultúir a socraíodh sa gcomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua “den mheas atá ar an éagsúlacht, an chaoinfhulaingt agus an chomhthuiscint d’fhéiniúlacht, teanga agus cultúr a chéile.”

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go gcaithfí an bille a chur tríd gan a thuilleadh moille.

Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

“Ná bíodh aon bhréagmaidneachan eile ann, is mithid seo a dhéanamh anois sula mbeidh briseadh an tsamhraidh in Westminster. Ná déantar aon mhoill eile,” arsa Mary Lou McDonald.

An Dara Léamh an chéad chéim eile in Westminster ag an mbille teanga – an chéad deis a bheidh ag na Tiarnaí díospóireacht a dhéanamh faoi aidhm agus príomhphrionsabail an bhille.

Beidh deis acu ag an tráth seo aon imní atá orthu faoi aon chuid ar leith de a ardú agus aon leasuithe (athruithe) is gá a mholadh.

Sula dtarlóidh an Dara Léamh den bhille, ní mór d’aon chomhalta lenar mian labhairt a ainm/hainm a cur ar liosta – ‘liosta na gcainteoirí’.

Aire Rialtais, urlabhraí nó comhalta de Theach na dTiarnaí atá freagrach as an mBille, a chuirfidh tús le díospóireacht an dara léamh.

Tá cead cainte ag gach comhalta le linn an dara léamh – ag an gcéim sin is léir cé hiad na comhaltaí is mó a suim sa Bhille agus na comhaltaí is dóichí a bheidh ag moladh athruithe ag na céimeanna eile amach anseo.

Cúpla uair an chloig a sheasann an dara léamh de ghnáth ach scaití bíonn cúpla lá i gceist.

Ach a mbíonn an Dara Léamh thart, cuirtear an bille ar aghaidh go dtí céim an choiste – mar a ndéantar mionscrúdú agus plé líne ar líne ar aon leasú.

Dheimhnigh Oifig Thuaisceart Éireann aréir go dtabharfaí isteach in Westminster inniu an dréachtreachtaíocht teanga a gealladh i dtosach i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006.

Tá lucht feachtais ag troid le fada an lá ar son na reachtaíochta teanga agus níl ach ceithre lá ann ó thug na mílte aghaidh ar shráideanna Bhéal Feirste chun cearta teanga a éileamh do phobal na Gaeilge.

Dúirt An Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge gur “lá stairiúil” an lá inniu do phobal na Gaeilge agus dóibh siúd a throid ar son cearta teanga “i gcaitheamh na mblianta”.

Ach deir lucht feachtais chomh maith go gcaithfear a chinntiú anois go dtabharfar feidhm don reachtaíocht agus deir siad go leanfaidh siad orthu ag stocaireacht nó go ndéanfar sin.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘My Lords, I beg to introduce a Bill…’ – bille don Ghaeilge seolta i dTeach na dTiarnaí in Westminster'