Dúléim na guaise ó Dhairbhre go Talamh an Éisc

An cábla fomhuirí a chuir tús le ré an eolais an t-ábhar a bhí ag clár faisnéise nua ar RTÉ

Dúléim na guaise ó Dhairbhre go Talamh an Éisc

Fiú i ré seo na satailítí téann 99% d’eolas teicneolaíoch an domhain trí cháblaí fomhuirí. Tá tuairim is 500 acu ar fud na cruinne agus breis is 1.4 milliún ciliméadar de chábla i gceist. Is faoi thoinn atá an t-ollbhealach eolais ag gluaiseacht seachas os ár gcionn in airde. Breis agus 180 bliain ó shin is ré eile ar fad a bhí againn agus an scaipeadh eolais ag brath ar dhúch agus ar pháipéar.

In 1844 sheol Samuel F. B. Morse teachtaireacht theileagrafach ó Washington DC to Baltimore. Bhí athruithe claochlaitheacha ar na bacáin. Thug The Cable that Changed the World (RTÉ1, Dé Luain) cuntas ar cheann de na hathruithe sin, an cábla teileagrafach a síneadh ó Thalamh an Éisc go hOileán Dairbhre. Saothar taitneamhach, snasta é seo ón scríbhneoir/stiúrthóir Ruán Magan a chíorann an gaisce eolaíochta agus innealtóireachta sin go críochnúil. Fís, crógacht, uaillmhian, neamh-mheabhair agus airgead a spreag an fiontraí Meiriceánach Cyrus Field agus a chomhghleacaithe le tabhairt faoi “mhisean gealaí” na linne.

Agus Jessie Buckley cáiliúil Chiarraí ár dtionlacan deineadh sin a thabhairt céim ar chéim tríd an bhfiontar. An eolaíocht chasta nua a bhain leis an teileagrafaíocht, an dúshlán innealtóireacht a bhain le cáblaí a leagan faoin Atlantach, suim ollmhór phobal an domhain sa chúram, na barrthuislí a baineadh as an bhfiontar agus ról lárnach na hÉireann sa rud ar fad.

Bhailigh Field meitheal eolaithe ina thimpeall, an Feirsteach William Thomson ina measc. In ainneoin a gcumais bhíodar ag snámh in aghaidh easa. Thug meitheal cloigne cainte an tsaothair cur síos mion, pléisiúrtha ar gach cor sa scéal. An cábla ag briseadh arís agus arís eile, na farraigí cáite agus daoine amhrasach faoin bhfiontar is sceitimíneach faoi ag an am céanna. B’éigean tabhairt faoi cúpla babhta ach sa deireadh d’éirigh leo.

Gné shuimiúil ná an ceiliúradh thar cuimse a deineadh ar an dá thaobh den Atlantach nuair a d’oibrigh an cábla an chéad uair. Gné eile den scéal a chuaigh i bhfeidhm orm ná an cur síos a deineadh ar an athrú a tháinig ar Oileán Dairbhre agus a chomhbhaile Heart’s Content i dTalamh an Éisc. Meabhraíodh dúinn gur cainteoirí Gaeilge ba ea muintir na háite ag am agus iad ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal. De réir a chéile bhí tuairim is 200 duine fostaithe sa stáisiún ar an oileán; Sasanaigh a bhformhór agus pá iontach acu ar fad. Ní nach ionadh d’athraigh seo saol agus geilleagar an oileáin. Ba bhreá liom dá mbeadh a thuilleadh cíortha déanta air seo.

B’fháidhiúil an cur síos a dhein duine comhaimseartha ar impleachtaí theacht i dtír an chábla: “The whole earth will be belted with the electric current, palpitating with human thoughts and emotions.”

Sách ráite agus thosaigh sé ar fad i gCiarraí.

Fág freagra ar 'Dúléim na guaise ó Dhairbhre go Talamh an Éisc'

  • Iseult Ní Chonchúir (Ní Rinn)

    Bhaineas sult as an gclár seo ar RTÉ, bhí sé thar a bheith spéisiúil cé go raibh díomá orm nach raibh tagairt ar bith déanta do dheartháireacha Uí Rinn, Tim Ring agus Eugene Ring (mo shin-sheanathair) araon lena gcolceathair Rosalie Rice agus an ról lárnach a bhí acu agus an stáisiún in Éirí Amach 1916. Bhí Eugene agus Tim ag obair sa stáisiún teileagraif ach i ngan fhios do na Sasanaigh bhí an bheirt acu ina mbaill de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann. D’insíothlaíodar an áit agus le cabhair óna gcolceathair Rosalie Rice, a bhí mar bhall de Chumann na mBan, scaipeadar an scéal faoi rún chuig Hearts Content i dTalamh an Éisc, go raibh Éirí Amach in Éirinn leis an teachtaireacht i gcód “Mother operated on successfully today in Dublin. Signed Kathleen” in ómós do Chaitlín Ní Uallacháin dár ndóigh. Chuireadar an dallamullóg ar na Sasanaigh le seoladh na teachtaireachta. Ag an am bhí cinsireacht ar bun ag na Gaill agus bhí sé fíordheacair cuntas cruinn a thabhairt ar na hainghníomhartha agus an drochíde a tugadh do na Gaeil. Anuas air sin bhí an teagmháil scoite idir Baile Átha Cliath agus Londain, agus dá bharr bhí na hiriseoirí idirnáisiúnta ag brath ar an eolas claonta teoranta a thug rialtas Shasana dóibh. Ar deireadh ach ní gan dua, rug na Sasanaigh ar an triúr. Cuireadh Rosalie sa phríosún i dTrá Lí, Eugene sa bheairic i gCathair Saidhbhín agus cuireadh Tim go campa géibhinn in Frongoch. Thug Tim leabhar síniúchán leis go Frongoch áit ar scríobh na príosúnaigh nótaí dóchais ar son na cúise. Is mór an trua nach raibh aon aitheantas tugtha don triúr cróga sa chlár seo. Deis nár tapaíodh.