Duine den chosmhuintir ab ea Tommy Wade tráth arbh iad lucht na hataí babhlaeir a bhí chun cinn ina spórt

Tugann ár gcolúnaí chun cuimhne duine de laochra spóirt a óige atá imithe ar shlí na fírinne

Duine den chosmhuintir ab ea Tommy Wade tráth arbh iad lucht na hataí babhlaeir a bhí chun cinn ina spórt

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

‘Ping’ teachtaireachta an ghutháin phóca a chuir ar an eolas mé an tseachtain seo caite faoin marcach seóléimní Tommy Wade a bheith básaithe – duine eile de laochra spóirt m’óige imithe ar Shlí na Fírinne, trócaire air.

Ní raibh aon lá riamh ann nárbh é an t-íochtarán ab ansa liom. Duine den chosmhuintir ab ea Wade ag tráth a mba iad lucht na hataí babhlaeir a bhí chun cinn sa spórt a chleacht sé. Iad siúd nó oifigigh airm.

Bhíodh cuma fhíormhaorga orthusan agus iad ag pramsáil timpeall an RDS ar chapaill a raibh a gcuid fionnaidh ag lonradh agus a n-eireabaill ina dtrilseáin – cuma na bpiardaí orthu agus iad ag tabhairt faoi na léimeanna ildathacha san RDS, Wembley Arena nó in Aachen. Ba é an Aga Khan féin a bhronn ceann de na duaiseanna ba mhó a mbídís sa tóir air.

I ndeireadh na 1950idí seo chugainn Wade, a rugadh faoin tuath i gCrois an Ghúlaigh in aice le Caiseal Mumhan i 1938. Níorbh ionann eisean.

Tiománaí leoraí ab ea a athair Jimmy agus ina chuid taistil thug sé suntas do chapall beag a bhí ag tarraingt carr seachadta do shiopa crua-earraí sa gCaiseal. De mhianach chapaillíní Chonamara ab ea an gearrán nach raibh ach 5½ troigh ar airde, cuid mhaith níos lú ná plúr na gcapall seóléimní. Ainneoin sin cheannaigh Jimmy Wade an capall agus thug Dundrum mar ainm air in ómós don cheantar arbh as é.

Agus na seaftaí crochta dá dhroim léirigh Dundrum go mba togha an chapaill léimní é agus nuair a chuaigh na Wades i gcéin leis den chéad uair i 1957 bhuaigh sé Craobh Thuaisceart Shasana agus gan a mharcach Tommy ach 19 bliain.

Dhá bhliain dár gcionn bhuaigh an capall gradam an Supreme Champion ag an Horse of the Year Show in Wembley, áit ar chaith sé Claí Puissance a bhí 7’2” (218cm).

As sin ar aghaidh ba bheag ceann de na mórchomórtais nár bhuaigh Wade agus Dundrum – Coirn na Náisiún, Grand Prix, Corn an Rí Seoirse sa White City agus i 1963 ba é a bhuaigh na rannóga idirnáisiúnta ar fad ag Seó na gCapall i nDroichead na Dortha, áit freisin a raibh sé féin, an Capt. Billy Ringrose, Diana Connolly Carew agus Séamus Hayes ar fhoireann na hÉireann a thug leo corn an Aga Khan den chéad uair le 14 bliain.

Is don bhua áirithe sin a thagair mo dhuine muinteartha agus é ag seoladh an téacs a d’inis dom go raibh Tommy Wade básaithe. ‘An cuimhneach leat tú a bheith ag féachaint ar an teilifís sa seomra suite sa teach sin againne i mBleá Cliath an lá sin? Shíl mé go raibh tú ag dul ag titim i laige de bharr tapóige,’ a scríobh sé.

Murar cuimhneach, agus go gléineach, ainneoin é a bheith 55 bliain ó shin.

Na cuirtíní tarraingthe go docht ag coinneáil grian an tsamhraidh uainn. Éire ceithre phointe chun cinn ar Shasana agus ar an nGearmáin agus gan fanta le dul san iomaíocht ach capaillín Chonamara agus a marcach misniúil as machaire méith na Mumhan.

D’fhéadfadh leagan aon pholla amháin féin an Corn a choinneáil uainn.

Má bhí aon bhrú nó aon bhuairt ar Wade, ní raibh sin le tabhairt faoi deara air nuair a chuaigh sé i mbun a chúraim. Dhamhsaigh sé féin agus a chapall thar gach a raibh de léimeanna ar an taobh thall den chúrsa agus nuair a thug siad faoin taobh eile bhí siad fós gan cháim agus gan rompu ach léim an uisce agus balla ard.

Déarfainn nach raibh aon anáil tarraingthe agam ó thosaigh sé dhá nóiméad roimhe sin.

Ní chuirfeá an réinfhia féin i gcomparáid leo ag dul thar an uisce. Rinne Wade agus a each beagán staidéir agus iad ag déanamh ar an gceann deireadh agus nuair nár theangmhaigh siad leis sin, bhí an t-éacht déanta.

Bhí muide in ann anáil a tharraing arís, ach tá mé ag ceapadh gur ligeadh na cuirtíní i ndearmad.

Cúpla mí dár gcionn bhí Wade agus údaráis an tseóléimní sa tír seo tite amach lena chéile agus é ar fionraí. Údar an achrainn? Chríochnaigh Tommy, a dheartháir Ned agus marcach eile ar chomhchéim i gcomórtas ag Seó Dhún Garbháin agus tháinig an triúr ar shocrú an duaischiste (£102) a roinnt eatarthu, seachas a gcuid capall, a bhí ag dul chuig an RDS an tseachtain dár gcionn, a thuirsiú tuilleadh ar thalamh crua.

Rialaigh na maoir ina n-aghaidh agus d’ordaigh dóibh dul san iomaíocht arís in aghaidh a chéile – Tommy ba thúisce amach agus tar éis dó an chéad léim a leagan, d’éirigh sé as. Thosaigh Ned ar a chuid iomaíochta sular buaileadh an clog agus dícháilíodh eisean, rud a tharla freisin don tríú marcach, Gerry Costello, nuair a thug sé faoin gcúrsa mícheart!

Fionraíocht bliana a gearradh orthu agus le linn an achair sin shaothraigh Tommy Wade a phá seachtaine mar gheallghlacadóir ag rásaí coin timpeall Chúige Mumhan.

Dúirt sé ag an am gur mó eolas a bhí ag cuid de na daoine a bhí i gceannas an tseóléimní in Éirinn ar an gcaoi le duine a chur ar an ngealach ná a bhí acu ar an spórt a bhí faoina gcúram.

Thángthas ar réiteach idir é féin agus na húdaráis faoi dheireadh agus fiú agus é éirithe as an iomaíocht bhí Wade mar Chef D’Equipe ar fhoireann na hÉireann nuair a bhuaigh siad suas le 30 comórtas idirnáisiúnta ar fud an domhain mhóir.

Níl aon mharcach seóléimní eile ach é ar liosta Dámhachtain Laochra Spóirt na hÉireann.

Ar dheis lámh Dé go raibh sé.

Fág freagra ar 'Duine den chosmhuintir ab ea Tommy Wade tráth arbh iad lucht na hataí babhlaeir a bhí chun cinn ina spórt'