Is duine mé de na “fíréin” ar thagair Seosaimhín Ní Bheaglaoich dóibh ina halt ar Tuairisc an tseachtain seo faoi scannail san Eaglais Chaitliceach, sa mhéid is go bhfuilim dílis do theagasc na hEaglaise agus na bPápaí.
Táim ceanúil freisin an an iarPhápa Benedict, agus go leor dá scríbhinní léite le fonn agus le tairbhe agam. Níl aon cheist go gcuireann na scannail a bhaineann leis an Eaglais a bheith ag ceilt na gciontóirí ina measc ceann fé agus náire orm.
Ach d’fhéadfadh roinnt míthuiscintí éirí as an alt le Seosaimhín. Tagraíonn sí don 457 íospartach atá luaite ag an bhfiosrúchán ach ní mór a bheith an-soiléir faoi gur bhain an tuairisc leis an tréimhse idir 1945 agus 2019. Ní raibh Josef Ratzinger in oifig ach ar feadh cúig bliana den tréimhse sin.
Bhain an cruinniú ar fhreastail Josef Ratzinger air le duine amháin, agus ní raibh le plé ann ach lóistín a chur ar fáil dó fad is a bhí sé ag fáil cúram síceolaíoch. Níor pléadh an chúis a bhí leis an gcúram.
Dúirt Josef Ratzinger in 2010 go raibh sé i láthair ag an gcruinniú seo agus gur botún i réiteach a ráitis a bhí ann a shéanadh an uair seo go raibh sé i láthair aige. Tá an t-iarPhápa Benedict ag brath go mór ar dhaoine eile faoi láthair agus é imithe in aois agus an radharc caillte aige i súil amháin. Cheartaigh sé an botún chomh luath agus a cuireadh faoin bhráid é.
De réir na tuairisce féin, bhí cúig chás ann ina raibh amhras ann nach ndearna Josef Ratzinger a chúram i gceart. I gcás amháin de na cásanna sin, ghlac an coimisiún leis nach raibh bunús leis an amhras. Fágann sin amhras i gceithre chás eile, agus ní drochíde ar fhir óga atá i gceist iontu sin ar fad.
Anois a bheidh an tástáil ar an bPápa Proinsias agus a réamhtheachtaí sáinnithe i gconspóid
Tá sin olc go leor, gan amhras, agus go pearsanta tá díomá orm go bhfuil an t-iarPhápa á chosaint féin ar mhodh thar a bheith dlíodóireach.
Ní léir dom, áfach, cé mhéid de seo a ghníomh féin agus cé mhéid atá ag teacht ó dhaoine timpeall air atá ag iarraidh é a chosaint.
Is dóigh liom, nuair a dhéantar stair na tréimhse seo san Eaglais a mheas, gur mó creidiúint a thabharfar do Josef Ratzinger as a ghníomhartha chun dul i ngleic leis na scannail ná an t-amhras faoin bhfaillí sna cásanna seo.
Is dúshlán don Eaglais – idir thuatha agus chléir – an fhaillí seo agus an cléireachas a chuir an ithir shaibhir ar fáil inar bhláthaigh an fhaillí. Feictear dom go bhfuil feabhas diaidh ar ndiaidh ag teacht air sin.
Tá dóchas agam as an tSlí Shionadach atá gairthe ag an bPápa Proinsias chun athnuachan agus athbheochan a dhéanamh ar chúrsaí eaglasta. Déanfar sin cuid mhaith trí chur le cúram na dtuataí san Eaglais, obair ar chuir Vatacáin II tús leis. Ní sagairtíní agus oifigigh a dhéanamh as cách atá i gceist, ach tuiscint níos leithne a scaipeadh ar an gcúram Críostaí.
Meabhraíonn an smál ar an Eaglais dúinn gur daoine iad Easpaig agus gur féidir leo bheith faillitheach.
Ach ní sna daoine a chuirim mo mhuinín ach i nDia agus san Spiorad Naomh.
Fág freagra ar 'Duine de na fíréin mé agus táim ceanúil ar an iarPhápa Benedict'