Anois a bheidh an tástáil ar an bPápa Proinsias agus a réamhtheachtaí sáinnithe i gconspóid

Cás an Phápa Benedict XVI an sampla is déanaí de chreimeadh údarás na ‘ndéithe beaga Críostaí’

Anois a bheidh an tástáil ar an bPápa Proinsias agus a réamhtheachtaí sáinnithe i gconspóid

Bíonn an oiread san scéalta uafáis sna meáin ó cheann ceann na seachtaine ó gach cearn is cúinne den ndomhan go mbíonn ar dhuine cinneadh laethúil a dhéanamh an tsúil iata agus an chluas bhodhar a thabhairt d’an-chuid Éireann cuntaisí fiúntacha ó iriseoirí ábalta macánta, ar mhaithe le suaimhneas aigne, gan trácht ar chodladh na hoíche. 

Dá léifeadh duine gach aon scéal acu is cinnte ná féadfadh duine a bheith ar a shocracht. Ár, scrios, cogadh, pláigh, gorta, dúnmharú, slad, éigniú, bligeardaíocht, faillí is neamhaird ar chréatúirí bochta an tsaoil. Gan trácht ar ainmhithe agus ar an timpeallacht.

Bhí tamall ann agus dá ndéarfadh duine paidir ar chlos drochscéal di go dtabharfadh a leithéid sólás de shórt éigin di.

D’athródh cúrsaí. D’fhóirfeadh Dia ar na créatúirí. Sin é an creideamh a buaileadh isteach inár gcloigne pé scéal é, sa domhan beag cúng iartharach seo inar tógadh sinn. Guí chun Dé is gheobhair freagra agus suaimhneas aigne. Creid go láidir i gcumhacht na paidre. Bhí leigheas gach aicíd is anachain inti. 

Is minic go mbíonn trua agam do dhaoine cráifeacha beannaithe idir óg agus sean, a chreid go daingean diongbháilte ina gcreideamh Críostaí uair dá raibh, agus anois go gcaitheann siad deighleáil lá i ndiaidh lae, cás ar chás, le mímhacántacht na ‘ndéithe beaga Críostaí’ seo a chuir dallamullóg chomh healaíonta sin orthu.

Conas a d’fhéadfadh duine ‘beannaithe’ a bheith mímhacánta, sin í an cheist is mó a chuireann mearathal ormsa. 

Gineadh agus fuineadh sna glúnta siar gurb í ‘An Eaglais’ eiseamláir ár saoil. Is uaithi a thagann gach treoir, gach stiúir, gach conair chun na beatha ceartchreidmhí síoraí. 

Lean an chonair seo, agus beidh leat. 

‘Éist linne agus is sinn a stiúrfaidh thú.’ ‘Ná féach deas ná clé.’

Is mó duine againn gur oscailt súl dúinn é gur beag duine díobh atá fágtha anois le trust, nach bhfuil is nach raibh puinn de na ‘Déithe’ seo a bhí a’ praeitseáil is a seanmóintíocht ag insint na firinne ón gcéad lá anall. 

Ní haon áiféis í. 

An scéal is mó le déanaí gur dheineas tréaniarracht é a sheachaint, agus an ceann is mó a chuir uafás orm go pearsanta, ná na cuntaisí, agus cruthúnas leo, atá tagtha chugainn ón nGearmáin anoir gur thug an Pápa Benedict XVI, bréageolas d’fhiosrúchán faoi mhí-úsáid gnéis. Shéan sé gur thug sé éitheach agus mhaígh sé gur botún riaracháin ba chúis leis an mí-eolas. Dúirt lucht an fhiosrúcháin nach míniú ‘inchreidte’ ar an scéal a bhí ansin.

Shéan Joseph Ratzinger go raibh sé i láthair ag cruinniú deoise ag ar pléadh cás a bhain le drochíde a bheith tugtha do dhéagóirí fir. Tharla an cruinniú nuair a bhí sé ina Ard-Easpag i Munich, cúram a bhí air idir 1977-1982.  An rud a socraíodh ag an gcruinniú ná an sagart a bhí i gceist a aistriú go dtí paróiste éigin eile agus gan éinne a chur ar an eolas mar gheall ar a gcoiriúlacht.

Ag Coimisiún fiosraithe Eaglasta le déanaí, chruthaigh miontuairiscí go raibh an tArd-Easpag, mar a bhí ag an am sin, i láthair ainneoin a bhréithre. 

Séanann sé gur d’aon ghnó a dúirt sé ná raibh sé i láthair. Dearúd glan a bhí air, ar sé. An craiceann is a luach. Níor ghéill an Coimisiún Eaglasta dá áitiú agus dhearbhaigh go raibh an Pápa Benedict agus beirt shagart shinsearacha eile freagrach as cosaint a thabhairt do shagart úd na drochúsáide.

Ceithre chéad caoga a seacht (457) buachaill ar fad a ionsaíodh is a éigníodh le linn tréimhse an fhiosrúcháin, idir 1946-2014.

Scannal is uafás amach is amach. 

Ach bréageolas ag an bPápa Beannaithe, ag Ionadaí Íosa Críost ar talamh, mar a dúirt leabhar Teagasc Críostaí linn fadó? Conas a d’fhéadfadh a leithéid a bheith i gceist?

Caithfear é a rá arís. Ionadaí Chríost ar talamh agus míniú nach raibh ‘inchreidte’ á thabhairt aige ar mhí-eolas a thabhairt. Gan scáth gan náire.

Caithfear é a rá arís, conas a d’fhéadfadh seo tarlú i gcás duine ‘beannaithe’? Sin é is mó a chuireann speabhraídí ormsa, agus ar fhíréin eile, nach mé. 

Cén seans atá ag an gcuid eile againn, más amhlaidh atá?

Bhí tamall ann agus bheadh sé seo ina scéal mór millteach sna meáin in Éirinn. Beirthe amuigh ar iarArd-Easpag ar deineadh Pápa de. Go dtí le déanaí, focal níor chuala fén scéal aon áit seachas san Irish Times. Is ann amháin a bhí an cuntas ag an iriseoir Derek Scally.

Léiríonn sé chomh domhain is atá an poll ina bhfuil lucht na heaglaise tite, a bhuíochas dá mímhacántacht mhínáireach féin.

An cheist anois, conas a dheighleálfaidh an Pápa Proinsias leis an scéal uafásach seo. 

Tá dul chun cinn agus macántacht áirithe á léiriú ag Proinsias sna cásanna náireacha seo.

An scuabfaidh sé isteach fé bhrat urláir na Vatacáine an scéal seo? An bhfágfar ar liosta na ndaoine ‘beannaithe’ ar chóir Naoimh a dhéanamh díobh Joseph Ratzinger, An Pápa Benedict?

An dtabharfar cosaint agus tearmann dó i gcomparáid leis an méid a tharlódh don ghnáthdhuine?

Anois a bheidh an tástáil ar an bPápa Proinsias.

Fág freagra ar 'Anois a bheidh an tástáil ar an bPápa Proinsias agus a réamhtheachtaí sáinnithe i gconspóid'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosaimhín Ní Bheaglaoich, ‘Anois a bheidh an tástáil ar an bPápa Proinsias agus a réamhtheachtaí sáinnithe i gconspóid’, tuairisc.ie, Dé Luain, Feabhra 21, 2022.

    Tagraíonn Seosaimhín do thuarascáil 1900 focal ag cuideachta dhlí ón nGearmáin, Westphal Spilker Wastl, faoin dáta Eanáir 22, 2022, a chuireann i leith an Phápa Emeritus, Beinidict XVI, le linn dósan a bheith ina Ard–Easpag ar Mhünchen agus Freising, 1977–1982, agus i leith triúr eile iar–Ard–Easpag ar an Ard–Deoise sin, nár dhéileáil siad go cóir le cásanna droch-íde collaí ag sagairt ar mhionaoisigh. Is iad an triúr eile, triúr Cairdinéal, Julius Döpfner, Friedrich Wetter, agus Reinhard Marx. Is é an Cairdinéal Marx atá ina Ard–Easpag ar an Ard–Deoise sin i láthair na huaire. Thairg seisean don Phápa Proinsias go n–éireodh sé as Ard–Easpagóideacht Mhünchen agus Freising, ach ní ghlacfadh an Pápa Proinsias leis sin. Tá easontas ann i dtaobh an méid eolais a bhí dáiríre ag an Ard–Easpag Ratzinger ar na cásanna sin. Dar leis an iriseoir, an Dr Maike Hickson [LifeSiteNews.com, Dé Máirt, Feabhra 8, 2022], tá daoine go leor sa Ghearmáin ar buile leis an bPápa Emeritus ina dtaobh sin, agus na meáin chumarsáide ar buile leis chomh maith.

    Ach fiafraíonn an Dr Hikson cad chuige nach raibh na meáin chumarsáide, pé acu sa Ghearmáin nó i dtíortha eile é, chomh mór sin ar buile leis an bPápa Proinsias, tharla nár bhac sé seo leis na gearáin a rinne an tArd–Easpag Carlo Maria Viganò ar Theodore McCarrick i dtaobh droch–íde chollaí ar ábhair sagart –– bhí McCarrick ina Chairdineál é féin go dtí le déanaí. Cad a dhéanfadh an Pápa ach McCarrick a thabhairt ar ais chun oibriú go gníomhach ar son na hEaglaise? B’éigean don Phápa sa deireadh McCarrick a chur ó chóta ar fad. Chaith an Pápa Proinsias go han–bhog leis an Dr Gustavo Óscar Zanchetta, Easpag Orán, san Airgintín, in 2019 –– thug an Pápa Proinsias iostas sa Vatacáin dó ar feadh tamaill –– sin fear a bhí ag cur isteach go homaighnéasach ar ábhair sagart ar Chliarscoil Eoin XXIII i gCathair Orán, agus ar láithreacha eile, san Airgintín.

    Fiafraíonn Seosaimhín mar leanas: ‘Caithfear é a rá arís, conas a d’fhéadfadh seo tarlú i gcás duine ‘beannaithe’ [Ratzinger atá i gceist aicise]. Sin é is mó a chuireann speabhraídí ormsa, agus ar fhíréin eile, nach mé.’ Fad a bheidh toil shaor ag an duine, féadfaidh sé/sí géilleadh don chathú, agus peaca a dhéanamh. Nárbh é Críost féin a roghnaigh Iúdás ina Aspal?

    Tugaim faoi deara gur á háireamh féin ina fíréan atá Seosaimhín. I gcaitheamh na ndeicheanna de bhlianta, is iomaí alt le Seosaimhín atá léite agamsa, agus tuigeadh riamh dom go raibh sí an–tugtha don fheimineachas frith–Chaitliceach, agus thar a bheith naimhdeach leis an Eaglais Chaitliceach i gcúrsaí mhoráltacht na collaíochta, agus ar an nginmhilleadh, abair. De réir an tsainithe is déanaí atá déanta ag an bPápa Proinsias ar Chomaoin na Naomh, tá gach uile dhuine ina bhall/ina ball de Chomaoin na Naomh, fiú na ndaoine a bhfuil na dromanna dubha curtha leis an Eaglais Chaitliceach acu, agus an dearg–ghráin acu uirthi.

    Is eiriceacht an méid atá ráite ag an bPápa i dtaobh Chomaoin na Naomh, dar ndóigh; agus is séanadh creidimh aige ba ea ligean do dhaoine an Pachamama a chur ar taispeáint os comhair Ard–Altóir Eaglais Pheadair sa Vatacáin; agus peaca in aghaidh na Chéad Aithne aige ba ea páirt a ghlacadh in adhradh na Pachamama i nGairdíní na Vatacáine. Tá sé tugtha faoi deara ag Eric Sammons gur go gairid ina dhiaidh sin a thosaigh an coróinvíreas ar leathadh ar fud an domhain [‘Pachmama did this,’ Crisis Magazine (Feabhra 17, 2022)]. De réir an Phápa Pól IV sa Bhunreacht Aspalda, Cum ex apostolatus officio (Feabhra 15,1559), tá sé ceadaithe an Pápa a cháineadh, má ghabhann sé le heiriceacht; tá sé ceadaithe fairis sin diúltú dílseacht a thabhairt dó, má ghabhann sé le heiriceacht sula dtoghtar ina Phápa é. Mar gheall ar an stocaireacht a rinne Mafia St. Gallen ar son Jorge Mario Bergoglio, le linn na Concláive chun é a thoghadh, níl bail ar an toghchán sin, agus tá coinnealbhá curtha ar Bhergoglio, agus ar Mhafia St. Gallen. Dála an scéil, tá gaol gairid ag Pachamama, agus Éire seo againn féin, le chéile. Is bandéithe Págánacha iad beirt. Áirítear gur d’Aingil an Uabhair iad na déithe bréige, agus gur fuath do Dhia, agus don chine daonna, a bhíonn á dtiomáint.

    Arsa Seosaimhín: tá dul chun cinn agus macántacht áirithe á léiriú ag Proinsias sna cásanna náireacha seo.’ [i.e. cásanna droch–íde collaí ar ógánaigh, agus ar ábhair sagart]. An amhlaidh a mheasann Seosaimhín gur dul chun cinn ba ea gan scrúdú láithreach a dhéanamh ar na gearáin a rinne an tArd–Easpag Viganò leis an bPápa ar McCarrick; agus caitheamh chomh bog sin leis an Easpag Gustavo Óscar Zanchetta na hAirgintíne?

    Ó 2012–2017 ba é Gerhard Cairdinéal Müller an Cinnire ar Chomhdháil Craobhscaoilte an Chreidimh ag an Vatacáin. Gearmánach is ea an Cairdinéal Müller, dar ndóigh. Creideann seisean nár inis Ratzinger éitheach ar bith i dtaobh na gcásanna thuasluaite: ‘Is léir domsa,’ a deir sé, nach ndearna [Ratzinger] aon ní mícheart go feasach, le linn dósan a bheith ina Ard–Easpag.’ Leanann Müller air: ‘níl iarracht á déanamh, ach sa Ghearmáin amháin, ar mhíchlú a chur ar Joseph Ratzinger.’ Fairis sin, chuir an Cairdinéal ón nGearmáin [i.e. Müller] in iúl i dtaobh Ratzinger ‘nár insíodh coireanna péidifiliacha an Athar H. dó, agus dá réir sin, nach bhféadfadh sé a thuar go mbeadh díobháil san Ath. H. .’ Dar le Müller, níl ‘amhras dá laghad ann’ ná go mbíonn Beinidict ‘ag insint na fírinne, go hoibiachtúil, agus go suibiachtúil.’

    Leanann Müller air a thuilleadh: ‘is é Beinidict an fear is airde céim san Eaglais Chaitliceach Uilíoch is mó a bhfuil obair déanta aige chun na coireanna gránna sin a agairt leis an Dlí Canónta, agus leis an dlí coiriúil.’

    Dar le Müller, gurbh é rud a bhí sa tuarascáil ar an droch–íde chollaí in Ard–Deoise Mhünchen: saothar coimisiúnaithe ar mhaithe le clár oibre dí–Chaitlicithe na hEaglais Caitlicí sa Ghearmáin. Ag tagairt atá Müller sa méid sin do Chonair Shionadúil na Gearmáine. Ábhar spéise is ea é, i dtaobh an Chairdinéil Marx féin –– ainneoin gur cuireadh ina leith siúd go raibh dhá chás den droch–íde chollaí nár dhéileáil sé i gceart leo, agus nár chuir sé aithne cheart riamh ar na híospartaigh ina Ard–Deoise féin –– nár chaith meáin chumarsáide na Gearmáine ach go bog leis.

    Bunaithe ar alt an Dr Maike Hickson atá an cuntas sin agamsa ar thuairimí an Chairdinéil Müller. Táim go mór faoi chomaoin aicise.

    Maidir le ‘Conair Shionadúil na Gearmáine’ de, is amhlaidh atá 90% den chliarlathas agus den ghnáthchléir Chaitliceach ag diúltú do theagasc na hEaglaise Caitlicí ar an gcollaíocht, ar an homaighnéasacht, ar oirniú na mban, agus ar ligean do shagairt pósadh, agus beidh siad ag iarraidh tabhairt ar Shionad na Sionadúlachta sa Róimh diúltú do na teagasca sin. Gafa le siosma atá siad dáiríre. De réir dealraimh, is ag tacú go láidir atá an Pápa Proinsias le Conair Shionadúil na Gearmáine. Meastar sa Ghearmáin, ainneoin lochtanna a bheith ar an bPápa Emeritus Beinidict, go mbeadh sé glan i gcoinne chur chuige na ndaoine a bhíonn ag cur Conair Shionadúil na Gearmáine chun cinn. Dar le daoine gur céim san fheachtas i gcoinne Bheinidict is ea a bheith ag cur amhrais ina insintsean ar ar thit amach maidir leis na cásanna den droch–íde chollaí de. Go saora Dia sinn!9