Duais le bronnadh ar Sheán Mac an tSíthigh do leabhar faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta

Tá Gradam McNamee le bronnadh ar Sheán Mac an tSíthigh a bhí ina eagarthóir ar ‘An Síol a Cuireadh sa tSneachta’, leabhar a dhéanann cur síos ar 50 bliain de Chomórtas Peile na Gaeltachta

Duais le bronnadh ar Sheán Mac an tSíthigh do leabhar faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta

Tá gradam speisialta le bronnadh ag Cumann Lúthchleas Gael ar an iriseoir Gaeltachta as an leabhar a chuir sé in eagar do Chumann Caide na Gaeltachta faoi stair Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Fógraíodh tráthnóna go bhfuil Gradam Gaeilge 2019 ag Gradaim McNamee CLG buaite ag An Síol a Cuireadh sa tSneachta: Bunú Chomórtas Peile na Gaeltachta 1969.

Is é an t-iriseoir de chuid Nuacht TG4 Seán Mac an tSíthigh a chnuasaigh na hailt don leabhar ina n-insítear scéal Chomórtas Peile na Gaeltachta óna thús.

Foilsíodh an leabhar anuraidh agus an Comórtas ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód.

Agus iad ag fógairt na mbuaiteoirí, dúirt CLG gur “cuntas den scoth” a bhí sa leabhar ar stair Chomórtas Peile na Gaeltachta agus go raibh an saothar le moladh as an gcur síos atá déanta ag na cumainn uile as na contaetha Gaeltachta, as Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus as Londain ar an gceangal atá acu leis an ócáid.

Foilsíodh sleachta as an leabhar ar Tuairisc.ie, ag áireamh an cur síos cuimsitheach ag Mac an tSíthigh féin ar bhunú an Chomórtais in 1969 agus cuimhní Sheáin Óg de Paor agus Mhártain Uí Chiardha ar Chomórtais éagsúla.

I measc na ndaoine eile a roinn a gcuimhní ar an gComórtas sa leabhar tá Mícheál Ó Sé, Antoine Ó Cearbhaill, agus Dara Ó Cinnéide.

Beidh Gradam McNamee le bronnadh ar Ghaeilgeoir eile chomh maith agus an gradam don fhoilseachán CLG is fearr in 2019 buaite ag an staraí Dónal McAnallen as an leabhar a scríobh sé, Forgotten Gaelic Volunteers.

Déanann an leabhar cur síos ar bhaill CLG i gCúige Uladh a throid sa Chéad Cogadh Domhanda agus an neamhaird a tugadh dóibh ina dhiaidh sin.

Is é an t-iriseoir Martin Breheny a bhuaigh gradam saoil 2019. Tá breis agus dhá scór bliain caite ag an nGaillimheach ag scíobh faoi chúrsaí spóirt. Is ag obair leis an Irish Independent atá Breheny ag obair faoi láthair ach chaith sé sealanna leis an Tuam Herald, Scéala Éireann, Title agus an Sunday Tribune.

Tá leabhair scríofa aige i gcomhar le daoine mór le rá i saol CLG chomh maith, Cyril Farrell, John O’Leary, Mick O’Dwyer, Joe Kernan, Brian Cody agus DJ Carey ina measc.

Tá liosta na mbuaiteoirí uile do 2019 le feiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Duais le bronnadh ar Sheán Mac an tSíthigh do leabhar faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta'