An scéal ó na Dúnaibh a loit tae Joe Bán in iarthar Duibhneach…

Is mó scéal aisteach agus iontach atá le hinsint faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta i leabhar nua a sheolfar ag comórtas na bliana seo. Seo ceann acu…

An scéal ó na Dúnaibh a loit tae Joe Bán in iarthar Duibhneach…

Tá sé tráthúil agus an comórtas ar ais i gCorca Dhuibhne  gur as an taobh sin tíre an scéal barrúil is fearr liom de chuid an Chomórtais Peile cé gur ceann é atá os cionn 30 bliain d’aois faoi seo.

Ar bhus a thug dháréag de chuid Chumann Peile na Gaeltachta aghaidh ar na Dúnaibh do bhabhtaí ceannais 1986. Bhí an chuid eile le theacht i ngluaisteáin. Ach ar shroichint Ros Goill fuair lucht an bhus amach ar chúis amháin nó ar chúis eile nár thaistil ach iad fhéin.

Ní raibh an cath caillte fós más ea, mar thoiligh mo leathbhádóir in RTÉ Raidió na Gaeltachta Micheál Ó Sé as Ard na Caithne (a bhuaigh boinn Chraobh na hÉireann le Ciarraí i 1969 agus 1970) go dtarraingeodh sé air na bróga a bhí caite uaidh aige roinnt blianta roimhe sin. Bhí triúr déag acu.

Ba chruinniú boird de chuid Údarás na Gaeltachta a thug T. P. Ó Conchubhair as Gallaras chomh fada leis na Dúnaibh, ach nuair a chuala seisean faoin ngéarchéim, dúirt T. P. go seasfadh sé sa mbáire, ainneoin é a bheith éirithe as an imirt níos faide ná a bhí Mac Uí Shé. Duine amháin gann.

Casadh an t-údar agus an ceoltóir Maidhc Dainín Ó Sé, trócaire air, é fhéin sa timpeall agus cé go mb’fhaide eisean ‘ar a phinsean peile’ ná ceachtar den bheirt eile, dúirt Maidhc, mar ba dhual dó, go raibh sé sásta an fód a sheasamh. Bhí cúigear déag ag an nGaeltacht.

Ach féach nach raibh, mar nuair a tháinig uair na cinniúna theip ar Mhaidhc Dainín sa tástáil aclaíochta a chuaigh air – tástáil a mba mhó a baint le líne bhán a shiúl ná a rith, má thuigeann tú leat mé. Ach ní raibh an cath caillte fós.

An t-údar Maidhc Dainín Ó Sé, trócaire air, agus é sásta dul chun páirce ag Comórtas Peile na Gaeltacha 1986 sna Dunaibh.

Chuala Micheál Ó Sé go raibh Súilleabhánach de bhunadh Chathair Saidhbhín (Garda chomh fada le mo bharúil) lonnaithe i gceantar na nDúnaibh agus ag tarraingt chuige fhéin ‘riail na seanmháthar’ ar bhain Jack Charlton úsáid mhaith as ina dhiaidh sin, d’iarr Micheál ar an Súilleabhánach iad a thabhairt as poll.

Mar a tharla, peileadóir oilte ab ea é siúd agus dúirt sé in ómós dá shinsir go nglacfadh sé leis an gcuireadh. Bhí aon fhadhb amháin eile le sárú – b’in ar ndóigh nach bhféadfaí a ainm fhéin a thabhairt ar an earcach nua, mar nach raibh sé cláraithe le Cumann na Gaeltachta. Chuimhnigh duine eicínt ainm thiománaí an bhus a thabhairt air – Mícheál Ó Laoithe. Tugadh an liosta foirne don réiteoir agus do lucht na meán.

Cúpla céad míle ó bhaile i gCill Ura, i bparóiste Fhionn Trá, in Iarthar Duibhneach, chuir Joe Bán Ó Sé Raidió na Gaeltachta ar siúl ina chisteanach go gcloisfeadh sé cén chaoi a raibh ag éirí le foireann a cheantair dhúchais agus iad ag tabhairt aghaidh ar Naomh Abán Bhaile Bhuirne  sna Dúnaibh.

Is beag fear in Éirinn a sháródh Joe Bán ó thaobh scile sa bpeil – fiú gur minic leis comhairle a chur ar a chara agus a chomharsa den sloinne céanna a bhfuil a ainm greanta ar an tábhairne áitiúil in Ard an Bhóthair! Bhí an citeal ag crónán ag Joe nuair a d’fhógair Seán Bán Breathnach foireann na Gaeltachta ar an raidió.

Sa mbáire, T.P. Ó Conchubhair,’ a deir Seán Bán.

Baineadh stangadh as an bhfear fionn eile sa gcisteanach i gCill Ura agus shíl seisean gur mearbhall eicínt a bhí ar an tráchtaire. Faoin am ar fógraíodh go raibh Mícheál Ó Sé é fhéin gaibhte chun páirce, thuig Joe Bán cruachás na Gaeltachta.

‘Ní foláir nó níor thaistil a leath,’ a dúirt sé leis fhéin. Bhí an citeal folaithe isteach sa taephota aige nuair a d’fhógair an raidió go mba é ‘Mícheál Ó Laoithe’ a bhí i lár sa líne leaththosach ag an nGaeltacht. Thit an lug ar an lag ar Joe Bán, mar m’fhearacht fhéin, pé seans a bhí ann go seasfadh Mac Uí Laoithe an fód ag tarraingt téide nó mar bhallasta sa mbád, ní ar cheachtar againn ba thúisce a chuimhneofá agus tú ar thóir tosach mear scafánta chun scórála.

Fad agus a bhí an tae ag tarraingt i gCill Ura, thosaigh an imirt sna Dúnaibh. Chaith Joe Bán a shúile chun na bhFlaitheas nuair a thit an chéad liathróid a fuair ‘Mícheál Ó Laoithe’ as a chrúba. ‘Ba chirte dó fanúint sa bhus,’ a dúirt sé  nuair a tharla an cleas céanna cúpla nóiméad dár gcionn.

‘Bhí seans leis,’ an bharúil a bhí aige agus deich nóiméad imeartha déanta, nuair a d’éirigh le ‘Ó Laoithe’ an liathróid a chur thar an trasnán agus Joe Bán ag éirí den stól go líonfadh sé a mhuigín.

Ba ag an bpointe sin ba thréine a labhair an guth ar an raidió.

‘Téann Mícheál Ó Laoithe go hard na spéire agus gabhann sé seilbh na liathróide dhá scór méadar amach ó chúl Naomh Abán,’ a deir Seán Bán agus an neart ag méadú ina ghlór. ‘Tá Ó Laoithe tosaithe ar ruathar . . . gaibhte isteach thar Mhícheál Ó Scanaill de luas lasrach . . . iompaíonn sé ar dheis . . . anois ar chlé . . . agus tá Diarmuid Ó Luasa fágtha ina dhiaidh….gan  roimhe amach anois  ach báireoir Naomh Abán, Mícheál Ó Críodáin . . . scaoileann Ó Laoithe le hurchar. . . caitheann an báireoir é fhéin trasna an chúil . . . b’fhéidir gurb é an Críodánach atá idir na postaí ar fhoireann shinsir Chorcaí i láthair na huaire, ach seans na ngrást ní raibh aige ar an liathróid sin a choinneáil as an eangach . . . tá an Ghaeltacht gaibhte cúilín chun cinn ar Naomh Abán anseo sa gcéad bhabhta de Chraobh Shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta sna Dúnaibh.’

Thíos i gCill Ura baineadh an oiread sin de thuairt as Joe Bán Ó Sé gur thit idir mhuigín agus taephota as a lámha isteach i mullach an bhoird. Thosaigh an leacht donnbhuí galach ag scaipeadh ar fud na háite. Mhill sé an bhollóg aráin a bhí fágtha gan ghearradh i lár an bhoird; leáigh sé an siúcra sa mbabhailín; de réir a chéile thosaigh an tae te ag déanamh a bhealaigh suas leathanaigh nuachtáin an lae a bhí le hais na bollóige go ndearna sruthán óir as punt ime a bhí fágtha ar phláta.

Lig an gadhar, a bhí suite ar a chompord le hais an bhoird  go dtí sin, sian chráite agus amach an doras leis agus a leath deiridh scólta.

Ní raibh a mháistir in ann a dhath a dhéanamh ach fanacht ina sheasamh ina staic i lár na cisteanaí agus a bhéal oscailte. Agus creid mise nuair a deirim nach furasta an chaint a bhaint den fhear céanna.

B’éigean do Joe Bán suí síos nuair a d’éirigh le ‘Mícheál Ó Laoithe’ an cic amach a aimsiú sna Dúnaibh agus nuair a sheol sé an liathróid go ceochánta thar an trasnán agus é beagnach ina sheasamh ar an taobhlíne.

‘Dhá chúilín farasbairr anois ag an nGaeltacht,’ a deir Seán Bán ar an raidió, ‘agus a bhuíochas sin don naoscaire Ó Laoithe, laoch na himeartha go dtí seo go cinnte.’

Lean Joe Bán an gadhar an doras amach agus rinne caol díreach ar thábhairne Pháidí Uí Shé.

‘Brostaigh ort’ a deir sé. ‘Ní ag an duine an cineál seo scéil a choinneáil ina bholg!’.

– Tá an t-alt seo foilsithe freisin i leabharán nua faoi stair Chomórtas Peile na Gaeltachta a sheolfar ag comórtas na bliana seo atá á reáchtáil ag Cumann Caide na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo chugainn

Aguisín

Nuair a scríobh mé an píosa seo den chéad uair thuig mé go mba é rógaireacht cháiliúil na gCiarraíoch an teachtaireacht ba mhó a thabharfadh an léitheoir leis as a raibh scríofa agam, ach is le seachtain féin atá sé tagtha chun solais nach mbeadh acu ach blaiseadh den chumas rógaireachta céanna dá mba é dúnadh an dorais ag Joe Bán deireadh an scéil.

Níorbh é.

Pictiúir a cuireadh chugam faoi rún a chuireann barr smaise ar a gcumas rógaireachta, pictiúir a tógadh do Mhicheál Ó Laoithe ar pháirc imeartha na nDúnaibh le teacht an tráthnóna agus imirt an lae déanta i 1986.

Tabhair faoi deara chomh paiteanta agus a oireann geansaí na Gaeltachta dó, an chaoi a bhfuil a shúile ar an liathróid agus an stíl dheas chiceála atá aige.

Ach tabhair faoi deara freisin nach bróga peile atá beag ná mór ar an Laoitheach breá ach gnáthchinn agus gnáthstocaí. Tabhair faoi deara freisin chomh tréigthe agus atá an pháirc – gan mac an pheata ina thimpeall – agus an dá bhratach sáite i lár na páirce ag fógairt obair an lae a bheith déanta.

Cén fáth mar sin meas tú  gur ag an bpointe sin a socraíodh gur theastaigh a leithéid de phictiúr? Níl baol ar bith gur cruthúnas a bhí uathu go mba ar an bhfear ceart a bhí geansaí uimhir 11, i gcás go sceithfí an rún nó i gcás agóide.

Sin dochtúireacht sa rógaireacht.

Leatsa ceannacht an deireadh seachtaine seo a Mhicí ! Ní choinneoidh Joe Bán an ceann seo ina bholg ach an oiread.


– Alt é seo as ‘An Síol a Cuireadh sa tSneachta: Bunú Chomórtas Peile na Gaeltachta 1969′. Is féidir é a ordú ó Sheán Ó Catháin ag seanocathain6@gmail.com nó 086 8044416. €10 agus €5 postas atá air

Fág freagra ar 'An scéal ó na Dúnaibh a loit tae Joe Bán in iarthar Duibhneach…'

  • Aililiú!

    Sin an scoth! Ag súil go mór leis an leabhar…

  • B. Ní Shúilleabháin

    Is fada ø fuaireas tosach chomh deas ar mo mhaidin!

  • Colm Mac Fhionnghaile

    Alt ar dóigh amach! Gliceas na gCiarraíoch gan sarú go fóill is dóiche