Bhuel, is cinnte go raibh an ceart ag na geallghlacadóirí. Is léir go bhfuil bearna ollmhór idir comórtas Chorn Mhic Dhonncha agus Corn Mhic Cárthaigh.
Ní raibh aon iomaíocht cheart i gceist i gcluichí an deireadh seachtaine seo caite agus níor bhain Baile Átha Cliath ná Tiobraid Árann mórán tairbhe astu.
B’fhéidir go bhfuil sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar dhéantús na bhfoirne ag an bpointe seo den séasúr.
B’fhéidir go bhfuil an t-am agus an t-ionad mícheart don fhoireann a thagann sa dara háit i gCorn Joe McDonagh agus go bhfuil sé in am anois gan ach buaiteoirí Chorn Mhic Dhonncha (mar dhuais bhreise don bhua, más duais í ) a bheith ag imirt i gcoinne ceann de na foirne a tháinig sa tríú háit sna cúigí ag an gcéim seo den chomórtas, ag malartú idir an Mhumhain agus Laighin gach bliain.
Sna sé bliana de na babhtaí réamhcheathrú ceannais, bhí an bua ag foirne Chorn Mhic Cárthaigh 11 uair as 12, le meánbhua de 17.9 pointe.
Beidh an chéad aicsean san iomáint an deireadh seachtaine ar siúl inniu sa gceanncheathrú. D’ainneoin an bhuairimh a spreag cluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chorcaí coicís ó shin, a chuir deireadh lena n-iarracht stairiúil an seachtú craobh cúige as a chéile a bhaint amach, tá muinín fós ag na geallghlacadóirí i bhfoireann John Kiely. Is iad fós rogha láidir na coitiantachta chun teacht aniar a dhéanamh agus dul an bealach ar fad chun Corn Mhic Cárthaigh a bhailiú don chúigiú huair i sé shéasúr, éacht den scoth.
I gcás Bhaile Átha Cliath, is geall ‘buille saor’ é seo den chuid is mó. Níltear ag tabhairt seans na ngrást dóibh, fiú agus bua compordach faighte acu ar Chill Dara. Cé nach dtugann mórán seans dóibh in aghaidh mheaisín Luimnigh, níl aon rud le cailliúint acu agus is féidir leo imirt le saoirse a d’fhéadfadh foireann chontúirteach a dhéanamh díobh. Dá mbeadh lá maith acu, agus a bpríomhimreoirí ar fad ar a mbuaic, d’fhéadfaidís taispeántais den scoth a thabhairt, rud atá déanta cheana acu. Ach nuair a bheidh gach buille buailte ceapaim gurb iad Luimneach a bheidh fágtha sa chomórtas .
I bPáirc na nGael a chuirfear deireadh leis an séasúr do na Tiobraid Árannaigh nó do na Gaillmhigh níos déanaí um thráthnóna. Caithfimid dreas beag cainte a dhéanamh faoin éiginnteacht a bhaineann le hiománaithe na Gaillimhe. Sampla foirfe a bhí ina dtaispeántas i gcluiche ceannais Laighean in aghaidh Chill Chainnigh dá gcaighdeán agus dá neamh-chomhsheasmhacht. Ar feadh cuid mhór den chluiche sin, bhí an lámh in uachtar ag na Cait, agus iad 13 phointe chun tosaigh. Mar sin féin, nuair a shocraigh siad ar imirt i gceart, bhí an Ghaillimh maith go leor. Fuair siad 1-6 gan aon fhreagra chun teacht aniar a dhéanamh, nach mór. Is é an dúshlán atá rompu, mar is gnáth, ná an tsárimirt sin a léiriú ar feadh 70 nóiméad iomlán.
Ar an lámh eile, is cosúil go deimhin go bhfuil cúrsaí ag dul an treo ceart do Thiobraid Árann. Léirigh siad teacht aniar agus an-chumas i gcraobh na Mumhan chun a áit a bhaint amach i sraith na hÉireann. Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoin spreagadh a fuaireadar ó bhua iontach na foirne faoi 20 i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh. Cruthaíonn sin atmaisféar an-dearfach ar fud an chontae ar fad nuair a fheictear an tallann sa chéad ghlúin eile ag buachan craobh náisiúnta le stíl is scil den scoth, agus is cinnte go gcuireann sin leis an meon dearfach atá acu faoi láthair. Comhartha dearfach don fhoireann shinsearach agus don lucht tacaíochta go bhfuil an todhchaí geal agus cuireann sé le dúthracht na bhfoirne sinsir agus iad ag iarraidh a rian féin a fhágáil ar chraobh na bliana seo.
Don chluiche seo tá siadsan ag dul ann mar rogha láidir go leor.
Ach insíonn an leabhair staire dúinn go bhfuil ceithre cinn de na cúig chluiche craoibhe deireanacha a imríodh idir na foirne seo caillte ag Tiobraid Árann, chomh maith le cluiche ceannais sraithe.
Nílim cinnte in aon chor faoi cé a bhuafaidh an cluiche seo.
Fág freagra ar 'Tiobraid Árann ag dul sa treo ceart ach údar dóchais ag Gaillimh sna leabhair staire'