B’fhéidir gurbh é seo an chéad uair ag fir Chiarraí ar ghort Chonamara – Comórtas ’97 ar an gCeathrú Rua

Cuimhníonn duine de laochra móra na Gaillimhe ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i 1997…

B’fhéidir gurbh é seo an chéad uair ag fir Chiarraí ar ghort Chonamara – Comórtas ’97 ar an gCeathrú Rua

Ag druidim i dtreo Chomórtas Peile na Gaeltachta 1997 ba iad imreoirí na Ceathrún Rua a bhí ina seaimpíní contae. Bhí muid tar éis an chraobh a bhuachan i nGaillimh an bhliain roimhe. Chuir sin beagán leis an mbrú a bhí orainn agus sinn ag ullmhú don Chomórtas. Bhí muid tar éis teacht gar dó roinnt blianta siar ach ní raibh muid tar éis an Comórtas a bhuachan ariamh agus bhí sé cinnte mar uaillmhian ag na himreoirí, an bhainistíocht agus muintir na háite go gcuirfeadh muid lenár ngaiscí.

Mar gheall go raibh an Comórtas ar an gCeathrú Rua i ’97, chuir sin leis an bhfiabhras. Bhí an bhainistíocht géar agus an-dáiríre faoinár n-ullmhúcháin. Cé go raibh ceiliúradh agus comhluadar sna tithe tábhairne go háitiúil agus ar an trá an deireadh seachtaine sin mar gheall ar an dea-aimsir, rinneadh soiléir dúinne é nach raibh cead againne bheith i lár an chraic ach aire a thabhairt dúinn féin. Chloígh gach duine leis an ordú mar thuig muid fhéin go raibh an-deis againn ach tabhairt faoin dúshlán le díograis.


Conas mar a chuir dhá fhoireann Ghaeltachta síol comórtas peile sa sneachta i nGaoth Dobhair i 1969…


Bhí snas iontach ar Pháirc an Chathánaigh don ócáid. Is cuimhin liom muid bheith ag traenáil i nGaillimh sna seachtainí roimh ré ionas go mbeadh an féarach sa mbaile ceart agus gan é bheith caite. D’imir muid in aghaidh Mhaigh Cuilinn sa gcluiche leathcheannais. Bhí buntáiste againn orthu mar bhí siadsan th’éis imirt an lá roimhe agus bhí bua cuimsitheach againn, 3-15 i gcoinne 0-9. Ansin thug muid aghaidh ar Chorca Dhuibhne (comhfhoireann le himreoirí ó chumainn na Gaeltachta agus Lios Póil) sa gcluiche ceannais. Bhí an t-atmaisféar iontach, an dá fhoireann ag máirseáil taobh thiar de Bhanna Ard Aidhin roimh an gcluiche. Bhí ardmheas againn ar an bhfreasúra. Cén fáth nach mbeadh? Bhíodar láidir, muiníneach ar an liathróid agus deacair le sárú. Bheadh peileadóirí a d’imir i bPáirc an Chrócaigh an samhradh roimhe sin i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar taispeáint. Bhí sceitimíní, ní hamháin ar an lucht tacaíochta, ach ar imreoirí na Ceathrún Rua freisin. B’fhéidir gurbh é seo an chéad uair ag fir Chiarraí ar ghort Chonamara agus bhí gach duine ar bís.

Ach ní fhéadfadh muid seasamh siar agus ómós a thabhairt dóibh, fiú má bhí leithéid Dhara Uí Chinnéide ag imirt dóibh, fear a raibh meas ariamh agam air. Bhí an laoch mór eile, Darragh Ó Sé ar lár mar gheall go raibh Ciarraí ag ullmhú do Chraobh na Mumhan. Fuair mé amach ó shin gur fhág bainisteoir Chiarraí, Páidí Ó Sé, fúthu féin é cinneadh a dhéanamh cé a thiocfadh, Ó Cinnéide nó Ó Sé, agus gur chaill Darragh Ó Sé caitheamh na pingine agus gurbh é sin an fáth nach raibh sé ann. Bhí Ciarraí i mbun ullmhúcháin don chraobh agus ní thabharfadh Páidí ach cead do dhuine acu taisteal. Nuair a bhuaigh an Cheathrú Rua ina gcoinne cháin daoine cinneadh Pháidí ach is dóigh gur tugadh maithiúnas dó nuair a bhuaigh Ciarraí Cluiche Ceannais na hÉireann i mí Meán Fómhair.

Nuair a dúradh nach mbeadh cead ag imreoirí contae na Gaeltachta imirt sa chomórtas bhí teachtaireacht ag Micheál Toose Mac Gearailt do bhainisteoir an chontae!

Ainneoin Mhac Uí Shé a bheith ar iarraidh, bhí Corca Dhuibhne láidir go maith. Choinnigh siad seilbh ar an liathróid agus bhíodar tiomanta agus fuinniúil. Ach bhí an buntáiste againne bheith ag imirt sa mbaile, bhí peileadóirí le seantaithí againn a rinne stiúradh ar ár gcuid iarrachtaí, fir amhail Aodán Ó Sé, a dheartháir Rónán, Kevin Terry Mac Donnacha, Mícheál Ó Lorcáin agus Micheál Ó Domhnaill. Bhí meon an bhuaiteora acu uilig. Scóráil Máirtín Ó Conghaile cúl sa chéad leath agus thug sin spreagadh iontach don fhoireann bhaile. D’imir Peadar Jude Ó Conghaile iontach ar fad sa gcluiche. Bhí sé cruinn ón gcic saor agus é aitheanta mar gheall ar an mbua sin a bhí aige. Tháinig sé isteach sa chlub s’againne an bhliain sin ó Chumann Peile Mhícheal Breathnach soir an bóthar agus mí-ádh air nár tháinig sé linn bliain roimhe sin nuair a bhuaigh muid i nGaillimh.

D’imir An Cheathrú Rua dhá chluiche ceannais contae eile agus Peadar linn ach faraor, ní raibh an lá linn in aghaidh Chora Finne i 1998 ná Cill Fhir Iarainn tar éis athimeartha i 1999.

Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus an lucht tacaíochta i mbarr a ngutha i gcluiche ceannais an Chomórtais i 1997. Chríochnaigh an cluiche 1-18 in aghaidh 0-12 agus bhí an lá linn! Ba é Joe McDonagh, go ndéana Dia grásta air, Gaillimheach a bhí ina Uachtarán ar CLG an uair sin, a bhronn an corn, rud a chuir leis an ócáid cinnte.

Chonaic mé fís den chluiche le gairid ar TG4 agus thug sé siar ar bhóithrín na smaointe mé. Shílfeá gur stíl pheile a bhí iomlán difriúil a bhí ann an uair sin – ní fheicfeá an ollchosaint atá chomh coitianta anois, mar shampla. Chuir sé ag smaoineamh freisin mé mar gheall ar an gComórtas féin. Is comórtas dea-eagraithe é agus bíonn peil d’ardchaighdeán á himirt ann bliain i ndiaidh bliana, ach is é an trua nach féidir le himreoirí idirchontae díriú isteach air níos mó ná mar a dhéanann. Fiú sa gcluiche ceannais i ’97 d’imir Corca Dhuibhne gan Darragh Ó Sé, caillteanas mór dóibhsean, ar ndóigh. Is cuimhin liom fhéin trí bliana roimhe sin i 1994 bheith ag imirt do Ghaillimh i gcraobh Chonnacht in aghaidh Londan thall ansin. Bhí orm theacht abhaile díreach i ndiaidh an chluiche sin ar an tráthnóna Domhnaigh agus mo bhealach a dhéanamh suas go Gaoth Dobhair chun imirt don Cheathrú Rua sa gcluiche ceannais ar an Luan.

In 2004 d’imir mé do Ghaillimh in aghaidh Liatroma ar an Domhnach agus fuair mé síob ar héileacaptar díreach ina dhiaidh chuig Baile Bhuirne, cluiche ceannais eile inar imir an Cheathrú Rua. Chaill muid gach ceann acu. Ach ní hé sin an pointe. Léiríonn an dá scéilín sin cé chomh deacair is atá sé uaireanta don imreoir contae bheith dírithe 100% ar an gComórtas. Agus cheapfainn gur bhreá leis na himreoirí sin bheith in ann a gcuid a dhéanamh don chlub agus don Chomórtas ach go háirithe, mar gheall ar an tábhacht atá leis, ní hamháin i dtaobh spóirt ach mar gheall ar an traidisiún agus an cultúr Gaeltachta a cheiliúrann sé.

Ní bhuailfeadh tada an t-atmaisféar a fhaightear ag an gComórtas – daoine ó cheann ceann na tíre agus an grá atá acu don áit dhúchais, don teanga, don chultúr Gaelach agus don spórt atá á gceangal le chéile. Tá mé iontach bródúil as mo bhonn ó ’97, buaicphointe cinnte i mo shaol peile. Tá súil agam go mbeidh rath ar an gCeathrú Rua arís sula i bhfad, ach go dtí sin, bainfidh mé sult as an ardchaighdeán agus an t-ardtaispeántas peile a bhíonn le feiceáil chuile bhliain, gach duine ag tabhairt gach a bhfuil acu ar thóir na sprice!

– Alt é seo as ‘An Síol a Cuireadh sa tSneachta: Bunú Chomórtas Peile na Gaeltachta 1969′, leabhar a sheolfar ag oscailt oifigiúil an Chomórtais in iarthar Duibhneach Dé hAoine. Beidh sé ar díol i nGallaros le linn an deireadh seachtaine, nó is féidir é a ordú ó Sheán Ó Catháin ag seanocathain6@gmail.com nó 086 8044416. €10 agus €5 postas atá air

Fág freagra ar 'B’fhéidir gurbh é seo an chéad uair ag fir Chiarraí ar ghort Chonamara – Comórtas ’97 ar an gCeathrú Rua'