Conas mar a chuir dhá fhoireann Ghaeltachta síol comórtas peile sa sneachta i nGaoth Dobhair i 1969…

Insítear i leabhar nua scéal Chomórtas Peile na Gaeltachta a bunaíodh 50 bliain ó shin. Seo sleachta eisiacha as An Síol a Cuireadh sa tSneachta…

Conas mar a chuir dhá fhoireann Ghaeltachta síol comórtas peile sa sneachta i nGaoth Dobhair i 1969…

Foireann na Gaeltachta sa tsneachta. Machaire Gathlán, 5ú Eanáir 1969. Pictiúr: Tomás Mac Gearailt

Dúirt cuid acu gur teaspach fé ndeara é. Dúirt a thuilleadh gur le barr aitis a tugadh fé. Ach bhí na héinne ar aon fhocal fé aon rud amháin – ní raibh a leithéid déanta riamh roimis seo. Sa bhliain 1969 thug buíon imreoirí caide ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí fé thuras mór fada ó thuaidh go Gaoth Dobhair. 320 míle bóthair a chuireadar díobh, trí shioc is trí shneachta, in ndúluachair dhuairc na bliana, chun cluiche peile nárbh fhiú tráithnín é a dh’imirt.

Thuigfeá don té a dhéanfadh iontas dá leithéid. Ag an am, ba bheag caidreamh a bhí ag pobail Ghaeltachta na tíre lena chéile. Ar éigean a thuigeadar urlabhra a chéile, cé gurbh í an teanga chéanna bhí á labhairt acu – ní raibh Raidió na Gaeltachta ar an bhfód go fóill, áis a chuirfeadh cluasa i dtaithí ar chanúintí éagsúla. D’fhág iargúltacht agus aistir achrannacha na pobail seo dall ar a chéile. In aigne mhuintir Chorca Dhuibhne sna 1960í ba mhar a chéile tabhairt fé leithéidí Ghaoth Dobhair agus turas a tabhairt ar Outer Mongolia. Ach b’shin é an dúshlán a leag ochtar déag rompu ar an 4ú lá d’Eanáir 1969. Pé acu neamh-mheabhair nó taom inspioráide a spreag an turas, tá rud maith dá bharra againne inniu agus Comórtas Peile na Gaeltachta i measc na gcomórtas is fearr sa tír, idir chaighdeán na peile agus slacht eagraithe, agus é ar cheann dos na hócáidí is tábhachtaí i saol na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Nuair a chuimhníonn tú ar Chomórtas Peile na Gaeltachta inniu, an t-éileamh atá air, an freastal atá air agus an cháil atá air, is deacair a shamhlú gur ar pháirc sceirdiúil, a bhí clúdaithe ag brat bán sneachta, leathchéad bliain ó shin, a cuireadh an síol as ar fhás crann mór na peile seo. Crann é seo go bhfuil a chuid préamhacha go doimhin i gcosmhuintir na Gaeltachta, agus crochta go mórálach ar a ghéaga tá cumainn Ghaeltachta na tíre uilig agus cuid des na géaga móra láidre sin ag síneadh anois chomh fada le Béal Feirste, Baile Átha Cliath agus Londain.

Ar an dturas éachtach san go Gaoth Dobhair i 1969 a deineadh an cleamhnas as ar fáisceadh an Comórtas, ach ní dócha go mbeadh an cleamhnas san déanta murach an cor cinniúnach a chas beirt fhear óg ar a chéile. B’shin iad Antóin de Bairéad ó thuaisceart Chiarraí agus Antoine Ó Cearbhaill ó thuaisceart Dhún na nGall, beirt pheileadóirí chumasacha, beirt a raibh idir fhís agus fuinneamh acu.

***************************************

Ar an 4ú lá d’Eanáir, i ndorchadas na maidine, bhailigh ochtar déag le chéile agus iad ullamh le tabhairt fén aistear mór go Gaoth Dobhair. Is geall le seanascéal Fiannaíochta anois cuimhní na n-imreoirí ar an dturas seacht n-uair an chloig déag sin i mbus Phádraig Bric, iad ag déanamh a slí go mall cáiréiseach trí shneachta agus trí shioc, ach ar deireadh d’éirigh leo Gaoth Dobhair a bhaint amach. Bhí an t-ochtar déag leata ag an bhfuacht  agus iad craite ag an síorshuaitheadh sa tseana-Austin, ach bhíodar.

An seana-bhus Austin a bhí ag Pádraig Bric. Pictiúr: Seán Ó Bric

Fearadh na múrtha fáilte roimh na Ciarraígh i nGaoth Dobhair. Antoine Ó Cearbhaill ina cheann feáin ar na hóstaigh agus tacaíocht mhaith le fáil aige ó Fheardorcha Ó Colla, an Iúistís Seán Delap agus an chuid eile de choiste Chumann Peile Ghaoth Dobhair a bhí bailithe fé bhráid na gcuairteoirí. Bhí céilí mór beartaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair an oíche sin ach chuir an drochíde a bhí ar na bóithre bac ar chuid den ‘Assaroe Céilí Band’ teacht chomh fada le láthair an cheiliúrtha. Ba chuma san, bhí dóthain amhránaithe agus ceoltóirí i measc an dá bhuíon a chinntigh go mbainfí smúit as cláracha agus macalla as fallaí an halla an oíche sin.  Lean an ceiliúradh siar amach san oíche, an dá fhoireann Ghaeltachta ag cur aithne ar a chéile, ag seasamh na dí dá chéile, ach go dtóg sé tamall orthu dul i dtuiscint ar chaint a chéile!

Nuair a d’éiríodar amach an mhaidean dár gcionn bhí brat bán sneachta leaite ar fud na dúthaí. Bhí ceathanna troma déanta aige i gcaitheamh na hoíche agus bhí raistí gránna fós ag séideadh. Bhí an cluiche le bheith ar siúl ar Pháirc Mhachaire Gathlán agus an chaid le caitheamh anairde ag 3i.n., ach bhí suas le troigh sneachta in áiteanna. Bhí an cluiche féin idir dhá cheann na meá anois, agus baol mór ann go gcaithfí é a chur ar ceal mar a tugadh le fios sa Derry People:

Sunday was to be the big day when they were due to play the local team, but the weather intervened. A blizzard swept the Parish and there were fears the match would have to be called off but around 4.30 the weather took a turn and both teams turned out, and under terrible conditions, gave a wonderful display of football.

De réir na dtuairiscí nuachtán, bhí cóir na gaoithe ag an nGaeltacht sa chéad leath, rud a chabhraigh go mór leo agus, ainneoin an fhuachta bhioranta, fuair fir Chiarraí ceannasaíocht ar an gcluiche. Tóiní Ó Sé a d’aimsigh an chéad phointe dos na cuairteoirí. Bhí Mícheál Ó Slatara i mbarr a mhaitheasa sa leath seo agus d’éirigh leis craitheadh a bhaint as líontán Ghaoth Dobhair. Thug an Ghaeltacht fés na seomraí feistis, báide agus cheithre phointe curtha ar chlár an scóir acu. Níor éirigh le Gaoth Dobhair oiread agus scór amháin a aimsiú sa chéad leath san.

Má bhíodar tamáilte, mánla sa chéad leath, bhí athrú iomlán le brath sna Conallaigh tar éis an bhriseadh. Bhí conach, griothal agus fonn caide orthu sa tarna leath. D’aimsigh Gaoth Dobhair trí cinn do phointí as a chéile.

B’fhacthas don slua go mbeadh teacht aniar i ndán dóibh.

Tugadh suntas ar leith don tsárchoimhlint a bhí idir Mícheál Ó Sé agus Neilly Ó Gallachóir, ach ar deireadh d’éirigh le fir na Ríochta greim scrogaill a fháil ar an gcluiche arís. D’aimsigh an Ghaeltacht cúpla pointe deas agus b’é Joe Ó Súilleabháin a chuir an chaidhp bháis ar iarrachtaí Ghaoth Dobhair nuair a bhain sé rince as an líontán trí neomataí ó dheireadh. Bhí Gaeltacht Chorca Dhuibhne buacach ar an scór 3-6 in aghaidh 0-3.

Ainneoin na haimsire, bhí ard-thaispeántas caide curtha ar fáil ag an dá fhoireann agus slua mór bailithe i Machaire Gathlán chun é fheiscint. ‘GAELTACHT SURPRISE GWEEDORE’ an cheannlíne a breacadh sa Kerryman an tseachtain dár gcionn agus a insint chlaonta féin (as Gaolainn) ar imeachtaí ann:

Cé go raibh foireann an-láidir ag Gaoth Dobhair, Seán Duibhir, Anton Carroll, agus Neilly Gallagher, imreoirí contae ina measc, ní raibh siad in ann aon stop a chur leis an nGaeltacht. Ó chaith Antóin Ó Sé an chéad phointe thar an treasnán sa tríú nóiméad go dtí go bhfuair Joe Ó Súilleabháin cúl iontach trí nóiméad ón deireadh, ní raibh aon teip ar thaispeántas na Gaeltachta. Bhí lámh in uachtar ag Séamus Mac Gearailt agus Bosco Ó Conchúir i gcónaí i lár na páirce, d’ainneoin tréaniarrachtaí Anton Carroll. Bhí Mícheál Ó Sé i bhfad ró-láidir do Neilly Ó Gallchóir, agus d’éirigh go han-mhaith le Antoine de Bairéad ina chéad chluiche don nGaeltacht. Ba chluiche é inar dh’imir gach duine a pháirt ann ón chúl báire Breandán Mac Gearailt a dhein dhá shábháil iontach go fear cúinne Seán Ó Lúing nach bhfuil ach ina mhionúr go fóill.

Ní fada go dtáinig scéala fé ghaisce na Gaeltachta ar leoithne aduaidh go Co. Chiarraí. Cúis mhórtais ab ea é don gcosmhuintir i gCorca Dhuibhne, gan amhras, go raibh an bheart déanta ag a ngaiscígh a bhí imithe ó thuaidh, ach ba mhó an t-iontas a deineadh den scéal, agus mórthimpeall an chontae ar fad,  nuair a chualathas cur síos ar na coinníollacha aimsire a bhí le cur díobh acu, an sneachta aníos go cnámh na lorgan ag na himreoirí. Thuill an cluiche neamhghnáthach alt greannmhar sa Kerryman fén dteideal ‘GAME ON SNOW!’:

Ever hear of a football match being played on three inches of snow? I must confess I never had, but it happened in Donegal last Sunday when a team from the Kerry Gaeltacht turned out in a friendly game. “It was pretty unusual sight I must admit, but the snow was by no means the handicap people might think it to be,” said Tony Barrett, chairman and playing member of the Gaeltacht Club. “It was a little bit slippy, but otherwise there was no problem. In fact every one of the players from the two teams enjoyed the game immensely.”…Gaeltacht won the football game by 3-6 to 0-6, which was quite a worthwhile achievement, considering the fact that Gweedore had three Donegal players on duty – Neilly Gallagher, Anton Carroll and Seán Ó Duibhir. Wonder were the Gweedore players sorry they didn’t have a snowball fight instead?”

Bhí an churadhmhír santaithe chuchu ag an nGaeltacht, ach níor chuir san deireadh leis na himeachtaí. Bhí oíche mhór in ómós na gcuairteoirí eagraithe in Óstán Radharc na Mara, óstán a bhí i seilbh Hugh Tim Ó Baoill, iar-imreoir de chuid Ghaoth Dobhair. Shuigh an dá fhoireann agus a n-oifigigh chun boird le haghaidh béile mór ar dtúis. Nuair a bhí a mbolg lán cuireadh tús leis na hóráidí. An Iúistís Seán Delap ba thúisce a labhair. Ghaibh sé buíochas le himreoirí Chorca Dhuibhne as an aistear fada a chur díobh chun an cluiche a dh’imirt agus do mhol sé go hard na spéarthaibh an taispeántas breá peile a thugadar uathu. Dob é Caoimhín Ó Cinnéide, rúnaí an chumainn, a labhair thar ceann fhoireann na Gaeltachta. Ghaibh sé buíochas le muintir Ghaoth Dobhair as an bhfáilte chroíúil a fearadh rompu agus as an bhflaithiúlacht a bhí léirithe acu. Dúirt an Cinnéideach go mbeidís ag súil go mór le turas na gConallach ó dheas go Corca Dhuibhne níos déanaí sa bhliain.

I ndiaidh an bhéile cuireadh tús leis an gcabaret mór, ceol á sholáthar ag John Feannie, Francis Mooney agus Joe Curran. Bhí an halla rince san óstán lán go béal, na pínt á ndiúgadh agus eachtraí an chluiche a bhí imeartha níos túisce an lá san á gcur trí chéile. Ach i lár an cheiliúrtha go léir, iad bailithe thíos i gcúinne an halla, bhí buíon bheag iompaithe isteach ar a chéile agus comhrá ana-dháiríre ar bun. Bhí Antóin de Bairéad, Antoine Ó Cearbhaill, Seán Delap, Feardorcha Ó Colla agus Séamus Mac Gearailt ann, agus dianphlé á dhéanamh acu. Bhí éirithe thar na beartaibh ar fad leis an ndeireadh seachtaine peile agus bhíodar go léir den dtuairim chéanna, go mbeadh éileamh ar chomórtas peile a fhreastalódh ar cheantair Ghaeltachta uilig na tíre. Dúirt an Iúistís Delap go gcuirfeadh sé féin corn ar fáil dá mbeadh an chuid eile toilteanach an comórtas a eagrú.

Níl mar chuimhneachán buan ar an gcluiche stairiúil sin anois ach seanghrianghraf caite doiléir d’fhoireann caide, na himreoirí ag liachtaint agus ag leigheadh san íomhá, amhail púcaí agus iad ag labhairt linn trí cheo na staire. Ochtar déag atá ann, cuid acu ar leathghlúin, a thuilleadh ina seasamh, caipíní ar chuid eile acu, mar chosaint ar an bhfuacht. Tá draíocht le brath sa ghrianghraf san, dar liom. Gasra fear óg ó Chorca Dhuibhne, seasta sa tsneachta i gcontae deoranta i bhfad ó bhaile, ach tá a n-aghaidh ar lasadh le  sásamh agus le mórtas. Gineadh splanc an lá san, splanc a thug tine do ghluaiseacht caide atá anois ina lóchrann gléigeal álainn ag pobal na Gaeltachta, ó Chill Charthaigh go Cill Mhaoilchéadair agus ó Ros Muc go Rinn Ua gCuanach. Má bhí léiriú riamh ar chroí, sprid agus anam Chomórtas Peile na Gaeltachta, mar a fhaighimid inniu é,  tá sé ina steillebheathaigh sa tsean-íomhá chaite sin agus sa ghníomh éachtach atá ceansaithe ann.

Ár seasamh oraibh a fhearaibh ’69, an dream a bhuail buille sa dorchadas agus a chuir an síol sa tsneachta.


– Seolfar ‘An Síol a Cuireadh sa tSneachta: Bunú Chomórtas Peile na Gaeltachta 1969′ ag oscailt oifigiúil an Chomórtais in iarthar Duibhneach Dé hAoine. Beidh sé ar díol i nGallaros le linn an deireadh seachtaine, nó is féidir é a ordú ó Sheán Ó Catháin ag seanocathain6@gmail.com nó 086 8044416. €10 agus €5 postas atá air

Fág freagra ar 'Conas mar a chuir dhá fhoireann Ghaeltachta síol comórtas peile sa sneachta i nGaoth Dobhair i 1969…'

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Éacht iontach ag foireann na Gaeltachta theacht ó thuaidh tríd an tsneachta in 1969. Ard mholadh agus meas ag gabháil dóibh, go háirithe nuair a chuimhníonn muid ar chomh leithscéalach atá foirne an lae inniu nuair a thig sé go taistéal.