Duais Eorpach bainte amach ag fiontraithe óga Ghaeltacht Chorca Dhuibhne

Thug cúigear daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhe duais leo ó Chomórtas Chomhlacht na Bliana de chuid Junior Achievement Europe

Duais Eorpach bainte amach ag fiontraithe óga Ghaeltacht Chorca Dhuibhne

Tá éacht déanta ag grúpa daltaí Gaeltachta agus an dara háit san Eoraip bainte amach acu i gcomórtas fiontraíochta san Iodáil an tseachtain seo.

Cúigear daltaí de chuid Phobalscoil Chorca Dhuibhne – Kate Ní Shúilleabháin, Katie Ní Éineacháin, Ríona Ní Ghealbháin, Oisín Ó Dubhda agus Cian Ó Gallchóir – a ghnóthaigh an duais i gComórtas Chomhlacht na Bliana de chuid Junior Achievement Europe.

Bhunaigh an cúigear an mionchomhlacht ‘Glan go Glas’, a dhíríonn ar tháirgí glantacháin éiceabhách a tháirgeadh. D’éirigh leo ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa chomórtas Eorpach tar éis dóibh buachan i gcomórtas náisiúnta Chlár na gComhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta.

Bhí comórtas na hEorpa ar siúl i gCatania, sa tSicil le déanaí, áit a raibh breis is 800 fiontraí óg ó níos mó ná 40 tír san iomaíocht.

Rinne Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, comhghairdeachas le daltaí Chorca Dhuibhne.

“Is éacht iontach é seo do Glan go Glas agus do Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Léiríonn sé go soiléir an tallann agus an nuálaíocht atá ag ár n-aos óg sa Ghaeltacht.

“Tá sé mar fhianaise ar an tábhacht a bhaineann le cláir mar Chlár na gComhlachtaí chun scileanna fiontraíochta a chothú i measc ár ndaoine óga, ag cinntiú go bhfuil todhchaí gheal i ndán d’fhiontraíocht sa Ghaeltacht.”

Fág freagra ar 'Duais Eorpach bainte amach ag fiontraithe óga Ghaeltacht Chorca Dhuibhne'