Droch-chomhartha don rialtas a laghad tairbhe a bhain siad as an gcáinaisnéis

Má bhí an rialtas ag súil go gcuirfeadh na sólaistí flaithiúla le tacaíocht an rialtais, bhí dul amú orthu

Droch-chomhartha don rialtas a laghad tairbhe a bhain siad as an gcáinaisnéis

Tá aird na meán, mar is ceart, dírithe i gcónaí ar uafás Ghaza agus na hionsaithe marfacha atá ar siúl ag Iosrael i gcoinne na sibhialtach ansin.

Ach, abhus, cé nach bhfuil mórán plé faoi sna meáin, tá an ghnáthpholaitíocht ag sracadh léi chun cinn – i dtreo an olltoghcháin féin go deimhin.

Níl sé ach trí seachtaine ó thug an rialtas cáinaisnéis fhlaithiúil dúinn, le roinnt sólaistí le cabhrú le billí a íoc.  Ach, má bhí an rialtas ag súil go gcuirfeadh na sólaistí céanna le tacaíocht an rialtais, bhí dul amú orthu.

Léiríonn an phobalbhreith is deireanaí ó Red C nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag páirtithe an rialtais.  Go deimhin tá Fine Gael agus Fianna Fáil araon síos pointe ón bpobalbhreith roimhe sin ag Red C mí ó shin.

Le chéile tá tacaíocht 39% ag páirtithe an rialtais i gcoinne 46% ag Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, an Lucht Oibre agus Pobal seachas Brabús le chéile. Má chuirtear Aontú leo, tá 48% ann.

Sí an cheist mhór ar ndóigh an féidir rialtas a dhéanamh leis na páirtithe sin.

Murar éirigh le cáinaisnéis fhlaithiúil seasamh an rialtais a fheabhsú tá sé deacair a fheiceáil céard a rachadh chun tairbhe dóibh.

Mar bharr ar an donas, glacann eacnamaithe leis anois go bhfuil cúlú eacnamaíochta ar na bacáin don Eoraip i gcoitinne agus d’Éirinn freisin.

Ag scríobh dó san Irish Times dúirt Eoin Burke-Kennedy go bhfuil praghas le híoc anois ar na deich n-ardú a rinnedh ar na rátaí úis; agus gurb é an praghas sin ná cúlú eacnamaíochta.

Tá Burke-Kennedy dóchasach nach mairfidh an cúlú rófhada ach admhaíonn sé go spreagfadh sé laghdú ar líon na n-onnmhairithe, méadú ar an dífhostaíocht agus tuilleadh deacrachtaí in earnáil na tithíochta.

Ach admhaíonn sé freisin gurb é an cúnamh airgid a thug an rialtas don phobal atá ag cothú caiteachais is ag coinneáil daoine ag obair.

Ach fan.  Tá contrárthacht anseo.  Ar thaobh amháin deir Banc Ceannais na hEorpa gur ardaigh siad rátaí úis ar mhaithe le hairgead a bhaint ón eacnamaíocht ionas go ndéanfaí an boilsciú a cheansú.

Ach bhí tionchar na n-arduithe sin ródhian ar fad ar an ngnáthphobal: daoine nach raibh in ann morgáistí a aisíoc, daoine nach raibh in ann teas a choinneáil lena dtithe, daoine nach raibh in ann bia a chur ar an mbord.

Go polaitiúil bhí ar an rialtas rud éigin a dhéanamh faoi.  Mar sin, nuair a bhí polasaí ag an mBanc Ceannais airgead a bhaint as an eacnamaíocht, bhí polasaí ag an rialtas airgead a chur isteach inti.

Tá an córas in aimhréidh, agus rialtas na hÉireann ag fanacht in oifig, ní ar mhaithe le rud éigin a dhéanamh ach ar mhaithe le bheith in oifig.

Mar léiríonn figiúirí na pobalbhreithe gur beag seans atá ag an rialtas seo teacht ar ais i ndiaidh olltoghcháin.

Cinnte, ní bheidh sé éasca comhaontú polasaí a bhaint amach le páirtithe an fhreasúra reatha, ach ó thaobh na bhfigiúirí dhe, tá sé indéanta. Má aithníonn muid go mbeadh an Comhaontas Glas sásta socrú a dhéanamh le duine ar bith ar mhaithe le bheith in oifig, tá bealach ann ina bhféadfaí rialtas a fháil nach mbeadh FF nó FG páirteach ann.

An laige mhór atá ann, ámh, an féidir muinín a chur i bPáirtí an Lucht Oibre, sna Glasaigh nó san eite chlé i bhfad amach a bhíonn gafa leis an gceartaiseacht, nó íonaíochas, go hiondúil? An bhfanfaidís dílis d’aon clár rialtais a chuirfeadh Sinn Féin ar fáil dóibh?

Tá Fianna Fáil ann in gcónaí sa gcúlra, ach de réir mar a théann Sinn Féin in airde, agus de réir mar a chliseann ar pholasaithe an rialtais dul i bhfeidhm ar na vótóirí, treiseofar lámh na bPoblachtánach in aon idirbheartaíocht iarthoghcháin.

Nuair a chuireann muid na pointí sin go léir le chéile, is léir nach bhfuil aon chinnteacht ann faoin gcéad rialtas eile.  Ach is treise Sinn Féin chomh fada is nach féidir leis an rialtas aon pholasaí a chur chun cinn seachas Sinn Féin a choinneáil amach.

Cáinaisnéis fhlaithiúil nár spreag aon ardú tacaíochta, cúlú eacnamaíochta ar na bacáin is eile, níl na comharthaí go maith don rialtas.

Agus mar a dúirt Gerry Howlin, iarchomhairleoir Bhertie Ahern, agus é ag scríobh san Irish Times, ní rialtas inchreidte é rialtas nach féidir leis buiséad a chur ar fáil go hinchreidte.

Fág freagra ar 'Droch-chomhartha don rialtas a laghad tairbhe a bhain siad as an gcáinaisnéis'

  • Concubhar

    Is cothromóid gan chiall – agus ní bheinn ach ag súil lena leithéid ón gcolúnaí seo – iarracht a dhéanamh an tacaíocht reatha ag an gComhrialtas leis an dtacaíocht atá luaite le SF, LO,DS, PRB agus Aontú amhail is go bhfuil gach páirtí sa Fhreasúra ar aon fhocal ar rud ar bith nuair atá siad go léir in adharca a chéile i rith an ama. Níl cuma an Rialtais seo chughainn orthu, creidim, agus tá an baol ann má thoghtar iad, cé chomh fada is a mhairfidh siad go dtí an scoilt? Ní leor dóchas neamh chomhlíonta mar bhunús d’anailís.

  • Eoin Ó Murchú

    Fágaimis nimh Choncubhair ar leataoibh, ach sin an pointe a dhein me: an féidir le SF Labour, na Trots nó na Glasaigh a thrust? Ó thaobh na bhfigiuirí dhe tá rialtas gan FF n ó FG in ann, ach ó thaobh ionraicis pholaitiuil níl a fhios agam …