Dochreidte a Sheathrúin! Stelling agus Kamara i mbun tráchtaireachta i gCorca Dhuibhne

Bhí Jeff Stelling agus Chris Kamara sa Daingean inniu agus iad ag déanamh tráchtaireachta ar chluiche idir an fhoireann bhaile agus an Ghaeltacht do shraith físeán AIB GAA

Dochreidte a Sheathrúin! Stelling agus Kamara i mbun tráchtaireachta i gCorca Dhuibhne

Chris Kamara, Jeff Stelling agus Micheál Ó Muircheartaigh. Pictiúr: Twitter/DingleGAA

Bhí tráchtairí aitheanta i láthair ar Pháirc an Ághasaigh sa Daingean tráthnóna agus foireann Faoi-16 an bhaile ag tabhairt aghaidh ar an nGaeltacht.

Ní hamháin go raibh laoch mór na tráchtaireachta CLG, Micheál Ó Muircheartaigh, i láthair don chluiche, ach bhí beirt de na tráchtairí is cáiliúla i saol an tsacair, Jeff Stelling agus Chris Kamara, sa Daingean don chluiche chomh maith.

Bhí an bheirt, a bhíonn le feiceáil ar Soccer Saturday ar Sky Sports, i láthair mar chuid de shraith físeán atá á déanamh ag AIB GAA faoin nasc idir cluichí na gclubanna agus na cluichí idirchontae.

Ba é cluiche an lae inniu sa Daingean an chéad chúram a bhí ar an mbeirt sa chamchuairt atá le déanamh acu ar chumainn timpeall na tíre, mar a mhínigh, Breandán Mac Gearailt, ball de choiste CLG an Daingin, a bhí i láthair ag an gcluiche.

“Tá siad ag déanamh sraith ocht gclár agus taispeánfar ceann in aghaidh na seachtaine roimh Chluiche Ceannais Peile na hÉireann. Ansin, lá an chluiche ceannais, beidh siad i bPáirc an Chrócaigh ag déanamh tráchtaireachta ar an gcluiche sin.”

Coinníodh an scéal uile faoi rún agus gan fhios ag an gcumann cén fáth go raibh cluiche faoi aois á imirt tráthnóna Déardaoin.

“Chuir duine glaoch orainn an tseachtain seo caite ag fiosrú an mbeimis in ann cluiche a eagrú. Ní raibh a fhios againn an uair cad a bhí i gceist ach ansan inné, fuaireamar amach go raibh Micheál Ó Muircheartaigh ag teacht chun tráchtaireacht a dhéanamh agus go mbeadh an bheirt eile leis.”

Agus a gcéad bhlaiseadh de chluichí na nGael faighte ag Stelling agus Kamara, ní haon iontas é go raibh beagáinín comhairle ag teastáil uathu ó Mhicheál Ó Muircheartaigh ar dtús. Rinne an máistir tráchtaireacht ar an gcéad leath sular shín sé an micreafón chuig beirt Soccer Saturday.

Cén chaoi ar éirigh leo?

“Dúirt siad gur thaitin sé leo,” a deir Mac Gearailt.

“Bhí fadhbanna acu ar dtús maidir le cad is pointe ann agus cad is cúl ann ach tháinig siad isteach air. Nuair a bhíodh pointe maith ann deiridís, ‘You have to give three for that!’.

“Bhain na leaideanna ar an bpáirc sásamh níos mó as. Bhí siad in ann Micheál a chlos ón dtaobhlíne agus iad ag imirt.”

Idir lucht Top Gear a bheith i láthair ag cluiche idir an Ghaeltacht agus an Daingean anuraidh agus beirt Soccer Saturday i láthair i bPáirc an Ághasaigh tráthnóna, cé hiad na chéad ‘celebs’ eile a thiocfaidh ag ‘Clasico Chorca Dhuibhne?’

“N’fheadar,” a deir Mac Gearailt, “ach aon uair a chuirtear an áit seo, agus ár gcluichí chun cinn, is iontach an rud é.”

Na foirne agus na tráchtairí. Pictiúr: Twitter/DingleGAA

Fág freagra ar 'Dochreidte a Sheathrúin! Stelling agus Kamara i mbun tráchtaireachta i gCorca Dhuibhne'