Dóchas faoi dheireadh go ligfear chun cinn an N59 i gConamara

D’fhéadfadh sé go mbeadh bunús réitigh go gairid ar an scéal fada casta a bhaineann le hobair mhór forbartha ar an stráice deich gciliméadar den N59 soir ón Teach Dóite

Dóchas faoi dheireadh go ligfear chun cinn an N59 i gConamara

Tá an bóthar is faide in Éirinn atá sáinnithe sa gcóras ar tí gluaiseacht i dtreo ceann scríbe i gConamara. Aon bhliain déag tar éis beannacht a fháil ón mBord Pleanála – ach aguisín trioblóideach ina theannta sin – tá cosúlachtaí ann go rachfar céim eile den bhealach ar an mbóthar idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard.

D’fhéadfadh sé go mbeadh bunús réitigh go gairid ar an scéal fada casta a bhaineann le hobair mhór forbartha ar an stráice deich gciliméadar den N59 soir ón Teach Dóite. Tá comhairle dlí faighte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin láimhsiú atá le déanamh ar na coinníollacha pleanála agus tuigtear go bhfuiltear sásta gur féidir a dhul céim eile den bhealach anois.

Bhí coinníoll neamhghnách ag baint leis an gceadúnas pleanála a thug an Bord Pleanála do Chomhairle Chontae na Gaillimhe: chaithfeadh Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (an NPWS mar a thugtar orthu) a bheith sásta leis an modh oibre a bheadh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus iad ag bualadh faoin tionscnamh.

Ansin a bhí an buille, ar an gcéad iarraidh.

An diúilicín péarlach atá le fáil in abhainn na Ruibhe in Uachtar Ard is mó a tharraing caint le linn Éisteacht Phoiblí a bhain leis an bhforbairt áirithe seo ar an N59. Ba í an cheist ná an gcuirfeadh an obair ar an mbóthar as don diúilicín. Tá stádas caomhnaithe ar leith ag an diúilicín péarlach i ndlíthe timpeallachta na hEorpa.

Bhí ceisteanna eile timpeallachta ann freisin agus bhí daoine i gceantar Ghleann Gabhla, gar d’Uachtar Ard, an-bhearránach mar go raibh cuid den N59 le cur trína gcuid talún san obair mhór a bhí i gceist.

Ach, bhí cigire an Bhoird Pleanála agus baill an Bhoird sásta sa deireadh go raibh obair ón mbunchloch aníos ag teastáil ar an mbóthar agus tugadh an cead forbartha. Ach bhí an t-aguisín leis faoi ról an NPWS sa scéal.

Bhí páipéir agus moltaí faoin gcaoi a rachfaí i mbun na hoibre á gcur anonn agus anall idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an NPWS ar feadh na mblianta. Cé go bhfuiltear tinn tuirseach go forleathan maidir leis an bpróiseas seo, agus a fhadálaí agus atá sé, tharla cúpla beart dá bharr agus tá an stráice nua cúig chiliméadar soir ón Teach Dóite ar cheann acu. Thángthas ar shocrú faoi sin idir an Chomhairle Contae agus an NPWS agus tá an toradh a bhí ar an socrú sin molta i bhfad agus i ngearr.

Glactar leis go ndearnadh píosa bóthair den scoth. Rinneadh socrú suntasach eile freisin agus sin gur ceannaíodh an talamh chaon taobh den chúrsa atá leagtha amach don stráice atá ceadaithe – sin as Bun an Choill soir go hUachtar Ard.

Ceapadh go mbeadh an obair a rinneadh ar an N59 as an Teach Dóite go baile fearainn Bhun an Choill (cúig chiliméadar) ina heiseamláir don obair a dhéanfaí ar na 10 gciliméadar eile as sin soir go hUachtar Ard. B’fhacthas d’innealtóirí go raibh an chéad phíosa – an stráice a ndearnadh forbairt air – ar an obair ab anróití a bheadh idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard. Chuathas síos go dtí an leac agus b’éigean inneall a fháil isteach as Sasana le cuid den tolladh a dhéanamh de bharr a dhoimhne agus a bhí an portach. Bhí an bóthar ag rith le portaigh Kheogh mar a thugtaí orthu. Ní bheadh a mhacasamhail sin de chriathrach as sin soir go hUachtar Ard.

Ach cé go raibh an píosa seo oibre molta de bharr na stuaime agus na ceirde a bhain leis, ní rabhthas fós tagtha ar shocrú leis an NPWS. Ansin, gan choinne, tharraing an NPWS amach as an bpróiseas uilig agus bhí Comhairle Chontae na Gaillimhe fágtha ar a n-aghaidh féin. San am céanna ní raibh an Chomhairle Contae cinnte an rabhthas ag cloí leis an gceadúnas pleanála nuair a d’imigh an NPWS go leataobh.

Shocraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe ansin go rachfaí sa tóir ar chomhairle dlí agus fuarthas an chomhairle sin ó fhoinsí éagsúla. Is cosúil, dá bharr sin, go rabhthas sásta go bhféadfadh an Chomhairle Contae an obair a leagan amach ar bhealach maith innealtóireachta agus forbartha. Tá tuilleadh saineolais faighte anois lena chinntiú go mbeadh plean oibre na Comhairle Contae ag teacht leis na rúibricí.

Chuir Bonneagar Iompair Éireann €500,000 ar fáil le haghaidh an bhóthair as Bun an Choill go hUachtar Ard i mbliana agus táthar ag súil go mbainfear leas as seo sa réamhphleanáil a bheidh ag teastáil le dhul ar aghaidh leis an obair mhór amach anseo. Tuigtear, má éiríonn le Comhairle Chontae na Gaillimhe an iarraidh seo, go mbeadh dhá phíosa oibre i gceist sna 10 gciliméadar.

Agus nuair a bheidh an méid sin déanta, lá níos faide anonn, beidh deireadh le scéal fada an diúilicín phéarlaigh agus an bóthar go hUachtar Ard.

Fág freagra ar 'Dóchas faoi dheireadh go ligfear chun cinn an N59 i gConamara'