Díomá do mhná na hÉireann agus iad cloíte sa chéad chluiche acu ag Corn Domhanda na mBan

Ba é an cúl a fuair Steph Catley théis ceathrú uaire den dara leath an t-aon cheann a scóráladh sa chluiche

Díomá do mhná na hÉireann agus iad cloíte sa chéad chluiche acu ag Corn Domhanda na mBan

An Astráil 1-0 Éire

Níor éirigh le foireann na hÉireann an tús a bhí uathu a chur le Corn Domhanda na mBan 2023 agus an ceann is fearr faighte ag an Astráil orthu ina gcéad chluiche ar maidin.

Ba é an cúl a fuair captaen na hAstráile, Steph Catley, théis ceathrú uaire den dara leath an t-aon cheann a scóráladh sa chluiche agus cé gur chuir Éire na hAstrálaigh faoi bhrú sa 20 nóiméad deireanach, ní raibh siad in ann an scór a fháil a thabharfadh ar ais ar comhscór iad.

Tugadh léas dóchas d’Éirinn roimh an gcluiche nuair a fógraíodh nach mbeadh laoch na hAstráile, Sam Kerr, ag imirt de bharr gortú ag an traenáil inné ach fós féin ba iad na hAstrálaigh ab fhearr a chuir tús leis an gcluiche agus iad spreagtha ag an slua ollmhór 75,784 duine a bhí sa Stadium Australia don ócáid stairiúil.

Shocraigh Éire isteach san imirt ina dhiaidh sin agus, cé gur bheag seilbh a bhí acu ar an liathróid, níor lig siad don Astráil mórán a chruthú agus sárobair chosanta déanta ag Katie McCabe, go háirithe.

Níor tharla mórán sa chéad 15 nóiméad den dara leath ach tugadh an deis iontach don Astráil théis 50 nóiméad nuair a bronnadh cic éirice orthu. Bhí Marissa Sheva ar an taobh mícheart de Hayley Raso nuair a tháinig an liathróid trasna ó Kyra Cooney-Cross agus nuair a leag Sheva an tAstrálach, bronnadh an cic éirice.

Steph Catley a thóg an cic agus chuir sí iarracht ghleoite sa chúinne ag barr ar chlé, gan seans dá laghad ag cúl báire na hÉireann Courtney Brosnan í a stopadh.

Bhí an baol ann go dtitfeadh Éire as a chéile ina dhiaidh sin, iarracht eile ar chúl ag Mary Fowler díreach cúpla soicind tar éis don chluiche tosú arís ach shocraigh imreoirí na hÉireann isteach sa chluiche arís ina dhiaidh sin.

Chuir Vera Pauw Lucy Quinn agus Abbie Larkin chun páirce théis uair an chloig chun fuinneamh breise a thabhairt don fhoireann agus bhí tionchar ollmhór ag Larkin, an t-imreoir is óige sa scuad, ar an imirt as sin go deireadh.

Bhuaigh Éire a gcéad chic cúinne théis 70 nóiméad agus an liathróid seolta isteach i mbéal an chúil ag Katie McCabe ach bhí cúl báire na hAstráile Mackenzie Arnold in ann aici, mar a bhí ag formhór na gciceanna eile a tháinig isteach ina treo.

Bhí deis mhaith ag Éirinn théis 76 nóiméad nuair a blocáladh iarracht ó Kyra Carusa ach theip ar Heather Payne teagmháil cheart a dhéanamh leis an liathróid nuair a tháinig sí chuici.

Bhí iarracht mhaith ag Megan Connolly ó chic saor sa nóiméad deireanach den ghnáth-am ach thar an trasnán a d’imigh sí tar éis di duine i mballa cosanta na hAstráile a bhualadh ar a bealach.

Chuir Abbie Larkin iarracht eile thar an trasnán théis 92 nóiméad agus ba í a chruthaigh an deis dheireanach a bhí ag Éirinn sna soicindí deireanacha ach choinnigh Arnold amach í.

B’fhéidir go mbreathnófaí siar ar an gcluiche seo mar dheis caillte ag Éirinn, go háirithe agus Kerr ar iarraidh, ach caithfidh Pauw agus a cuid imreoirí díriú anois ar an gcluiche in aghaidh Cheanada i Perth Dé Céadaoin seo chugainn.

Fág freagra ar 'Díomá do mhná na hÉireann agus iad cloíte sa chéad chluiche acu ag Corn Domhanda na mBan'